+185. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta …

185. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta …

Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca atá mar bhonn lena ghníomhaíochtaí. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas, más cuí:

  • a. tá straitéis riosca fónta, soiléir agus doiciméadaithe ag an ngnólacht infheistíochta atá bailíochtaithe go cuí ag an mbord bainistíochta agus a chlúdaíonn bainistíocht sócmhainní, bainistíocht an tsreabhaidh airgid laistigh den ghnólacht agus bainistíocht sócmhainní atá cosanta agus riartha;
  • b. tá creat eagraíochtúil oiriúnach ag an ngnólacht d'fhonn a áirithiú go bhfuil seirbhísí á soláthar ar bhealach éifeachtach do chliaint, go bhfuil dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla (oifig thosaigh agus cúloifig, córais faisnéise);
  • c. tá creat rialaithe láidir agus cuimsitheach forbartha ag an ngnólacht infheistíochta (éifeachtacht agus neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialaithe) agus cosaintí fónta chun a rioscaí do chliaint a mhaolú de réir na straitéise bainistíochta agus na hinghlacthachta riosca;

59

  • d. tá beartais agus nósanna imeachta atá sainithe go soiléir bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun rioscaí oibríochtúla do chliaint a shainaithint, a bhainistiú, a thomhas agus a rialú;
  • e. tá na rialacháin infheidhme maidir le cearta rochtana an ghnólachta ar chuntais cliant á gcomhlíonadh.

6.3.4 Achoimre ar thorthaí agus scóráil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.