+Airteagal 16 Measúnú ar leordhóthanacht an phróisis a bhaineann le sáruithe ar theorainneacha trádála
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2

Airteagal 16 Measúnú ar leordhóthanacht an phróisis a bhaineann le sáruithe ar theorainneacha trádála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht an phróisis chun sáruithe ar theorainneacha trádála a fhormheas, dá dtagraítear in Airteagal 104b(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

tá nós imeachta soiléir agus doiciméadaithe ag an institiúid ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta in ann sáruithe ar theorainneacha trádála a fhormheas;

(b)

tá coinníollacha ábharthachta sonraithe ag an gcomhlacht bainistíochta ar dá réir atá aon sárú ar na teorainneacha trádála le tuairisciú don chomhlacht bainistíochta féin, gan beann ar an leibhéal ar ar formheasadh na teorainneacha trádála;

(c)

déanann an t-aonad rialaithe riosca doiciméadú ar aon sárú ar na teorainneacha trádála agus tuairiscíonn sé na sáruithe sin don choiste, don fhochoiste nó don bhainisteoir aonair atá freagrach;

(d)

déanann an coiste, an fochoiste nó an bainisteoir aonair dá dtagraítear i bpointe (c) gníomhaíocht i gcás ina sáraítear teorainn trádála, nó tuairiscíonn sé an sárú sin don chomhlacht bainistíochta, i gcomhréir le pointe (b);

(e)

cuimsítear leis an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (c) méid an tsáraithe ar an teorainn trádála agus na príomhchúiseanna atá leis, lena n-áirítear:

(i)

aon mhéadú ar na suíomhanna trádála;

(ii)

aon athrú modheolaíochta a thugtar isteach sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(iii)

aon fhorbairt ar dhálaí an mhargaidh.

Airteagal 16 2

2.   Fíoróidh na húdaráis inniúla, go háirithe i gcás ina sáraíonn deasc thrádála a teorainneacha trádála go minic, cé acu is iomchuí nó nach iomchuí minicíocht agus méid na sáruithe ar theorainneacha trádála, agus na bearta a rinne an t-aonad rialaithe riosca agus an comhlacht bainistíochta mar fhreagairt ar na sáruithe sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fíorú sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.