+Airteagal 52 Measúnú ar chomhlíontacht le ceanglais áirithe
---+Airteagal 52 (a)
---+Airteagal 52 (b)
---+Airteagal 52 (c)
---+Airteagal 52 (d)
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
---+Airteagal 52 5
---+Airteagal 52 6
|
Airteagal 52 Measúnú ar chomhlíontacht le ceanglais áirithe
Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na samhla inmheánaí maidir le riosca mainneachtana leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 (a)
|
i ndáil le samhaltú na mainneachtana le haghaidh eisitheoirí aonaracha chomh maith le heisitheoirí iolracha de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
|
(i)
|
an cur chuige a úsáideann an institiúid chun an mhainneachtain a shamhaltú a shainaithint, agus a fhíorú go ngabhann an dá chineál fachtóirí riosca córasacha arna roghnú ag an institiúid na héifeachtaí córasacha is ábhartha;
|
|
(ii)
|
maidir le gráinneacht an dá chineál fachtóirí riosca córasacha, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sí leordhóthanach chun saintréithe na n-eisitheoirí sa phunann a ghabháil faoi réir na gceanglas cistí dílse maidir le riosca mainneachtana;
|
|
(iii)
|
a fhíorú, i gcás gach eisitheora, cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid fachtóir riosca neamhghnách ar leithligh i dteannta an dá chineál fachtóirí riosca córasacha dá dtagraítear in Airteagal 325bp(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(iv)
|
maidir le mapáil na n-eisitheoirí ar na fachtóirí riosca córasacha iomchuí, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sí fónta;
|
|
(v)
|
a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid anailís ar chumhacht mhíniúcháin na samhla riosca;
|
|
(vi)
|
le linn dóibh an sampla a iarraidh chun críoch an mheasúnaithe, breithniú a dhéanamh ar ábharthacht na n-eisitheoirí, agus a áirithiú go gcuimsítear leis an sampla eisitheoirí a rinneadh a mhapáil ar fhachtóirí riosca córasacha éagsúla;
|
|
|
Airteagal 52 (b)
|
i ndáil leis an gceanglas a bhaineann leis an timthriall eacnamaíoch a léiriú sa tsamhail inmheánach maidir le riosca mainneachtana de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar samhaltú na gcaillteanas i gcás mainneachtana, lena n-áirítear caillteanais stocastacha, le haghaidh na gcaillteanas sin i gcás mainneachtana chun athruithe ar na saintréithe arna nglacadh ag na fachtóirí riosca córasacha a léiriú;
|
|
Airteagal 52 (c)
|
i ndáil leis an gceanglas a bhaineann le neamhlíneacht a ghabháil de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
(i)
|
an chaoi a ndéanann institiúidí athluacháil ar ionstraim airgeadais neamhlíneach tar éis d’eisitheoir mainneachtain, lena n-áirítear an chaoi a ndéanann institiúidí athluacháil ar ionstraim airgeadais a bhfuil sócmhainní foluiteacha iomadúla fúithi tar éis d’eisitheoir aonair nó d’eisitheoirí iomadúla mainneachtain, ar eisitheoirí iad a chomhfhreagraíonn do na sócmhainní foluiteacha;
|
|
(ii)
|
cé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn earráidí ábhartha nó gannmheastachán córasach ar an riosca as aon simpliú a thugann an institiúid isteach chun praghas ionstraime airgeadais a ríomh;
|
|
(iii)
|
a mhéid a chuirtear riosca samhla san áireamh leis an athluacháil ar ionstraim airgeadais;
|
|
|
Airteagal 52 (d)
|
i ndáil leis an gceanglas a bhaineann le samhail inmheánach maidir le riosca mainneachtana a bheith ann atá i gcomhréir leis an mbainistíocht riosca inmheánach de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú cé acu a rinne nó nach ndearna an institiúid doiciméadú ar na difríochtaí idir an tsamhail inmheánach maidir le riosca mainneachtana agus na samhlacha a úsáideann an institiúid le haghaidh a bainistíochta riosca inmheánaí i ndáil leis an raon feidhme céanna suíomhanna, agus cé acu is féidir nó nach féidir leis an institiúid na difríochtaí sin a mhíniú.
|
|
Airteagal 52 2
|
Chun críocha phointe (a)(i), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an réasúnaíocht a sholáthraítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide maidir le rogha na bhfachtóirí riosca córasacha, agus maidir lena léiriú eacnamaíoch.
|
|
Airteagal 52 3
|
Chun críocha phointe (a)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, a fhíorú maidir le sampla d’eisitheoirí comhchosúla go bhfuil difríocht sna fachtóirí riosca neamhghnácha.
|
|
Airteagal 52 4
|
Chun críocha phointe (a)(iv), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, a fhíorú maidir le sampla d’eisitheoirí go bhfuil an mhapáil ceart.
|
|
Airteagal 52 5
|
Chun críocha phointe (a)(v), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí agus i gcás inarb amhlaidh nach bhfuil na hanailísí arna ndéanamh ag an institiúid leordhóthanach don phunann faoi réir riosca mainneachtana mar atá sé faoi láthair, é a cheangal ar an institiúid, ar shampla d’eisitheoirí, measúnú a dhéanamh ar chumhacht na bhfachtóirí riosca córasacha arna roghnú ag an institiúid chun spreagthaí mhainneachtain na sócmhainne ag gach eisitheoir a mhíniú.
|
|
Airteagal 52 6
|
Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, anailísí staidrimh a dhéanamh ar shampla d’eisitheoirí, lena n-áirítear tástáil hipitéise, chun spleáchas na gcaillteanas i gcás mainneachtana ar na fachtóirí riosca córasacha a thástáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|