|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II DEIMHNIÚ UM ORDÚ CAOMHNAITHE EORPACH (EPOC-PR) MAIDIR LE FIANAISE LEICTREONACH A CHAOMHNÚ Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), ní mór do sheolaí an Deimhnithe um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR), gan moill mhíchuí tar éis dó an EPOC-PR a fháil, na sonraí arna n-iarraidh a chaomhnú. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá mura rud é go gcuireann an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise leis nó go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna go bhfuil iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe. Má dheimhníonn an t-údarás eisiúna laistigh de na tréimhsí ama sin go bhfuil iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe, ní mór don seolaí na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá chun na sonraí a tabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird. Ní mór don seolaí na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht agus sláine an EPOC-PR agus na sonraí a chaomhnófar a áirithiú. CUID A: Údarás eisiúna/bailíochtaithe: An Stát eisiúna:… An t-údarás eisiúna:… An t-údarás bailíochtaithe (i gcás inarb infheidhme):… NB: tá sonraí an údaráis eisiúna agus bailíochtaithe le tabhairt ag an deireadh (Codanna F agus G) Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:… Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe:… CUID B: Seolaí Seolaí:…
Seoladh:… Uimh. theileafóin/Uimh. facs/Seoladh ríomhphoist (más eol):… Teagmhálaí (más eol):… Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):… An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):… Aon fhaisnéis ábhartha eile:… CUID C: Faisnéis chun tacú le sainaithint na sonraí arna n-iarraidh iad a chaomhnú (comhlánaigh a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas agus a bhfuil gá léi chun na sonraí a shainaithint)
Más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith:…
CUID D: Fianaise leictreonach atá le caomhnú Baineann an EPOC-PR seo le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):
(a)
sonraí suibscríobhaí: ainm, dáta breithe, seoladh poist nó geografach, dáta breithe, sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an úsáideora/shealbhóir na suibscríbhinne dáta agus am an chéad chlárúcháin, an cineál clárúcháin, cóip de chonradh, modhanna chun céannacht a fhíorú ag nóiméad an chlárúcháin, cóipeanna de dhoiciméid a chuir an suibscríobhaí ar fáil an cineál seirbhíse agus fad na seirbhíse, lena n-áirítear an t-aitheantóir ná na haitheantóirí a d’úsáid an suibscríobhaí nó a cuireadh ar fáil dó tráth an chéad chlárúcháin nó an chéad ghníomhachtaithe (e.g. uimhir theileafóin, uimhir an chárta SIM, seoladh MAC) agus gléas gaolmhar/gléasanna gaolmhara faisnéis phróifíle (e.g. ainm an úsáideora, ainm don scáileán, grianghraf próifíle) sonraí maidir le bailíochtú úsáid na seirbhíse, amhail seoladh ríomhphoist malartach a chuir an t-úsáideoir/sealbhóir na suibscríbhinne ar fáil faisnéis maidir le cárta creidmheasa nó cárta dochair (a chuir an t-úsáideoir ar fáil chun críoch billeála), lena n-áirítear modhanna íocaíochta eile cóid-PUK eile:…
(b)
sonraí arna n-iarraidh ar mhaithe leis an úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe(10), de Rialachán (AE) 2023/1543 é, agus chun na críche sin amháin: taifid nasctha IP amhail seoltaí IP / logaí / uimhreacha rochtana mar aon le haitheantóirí eile, amhail poirt foinse agus stampaí ama nó a gcomhionann, an t-aitheantas úsáideora agus an comhéadan a úsáideadh i gcomhthéacs úsáid na seirbhíse agus a bhfuil fíorghá leo chun críoch aitheantais; sonraigh, más gá:… raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith (má tá sé difriúil le cuid C):… eile:…
(c)
sonraí tráchta:
(i)
i gcomhair teileafónaíocht mhóibíleach: aitheantóirí (A) amach agus (B) isteach (uimhir theileafóin, IMSI, IMEI) am agus fad ama an naisc nó na nasc iarrachtaí glao aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc an t-iompróir / an teilisheirbhís a úsáideadh (e.g. UMTS, GPRS) eile:…
(ii)
i gcomhair an idirlín: faisnéis ródúcháin (seoladh IP na foinse, seoladh/seoltaí IP an chinn scríbe, uimhir phoirt/uimhreacha poirt, brabhsálaí, faisnéis maidir le ceanntásc ríomhphoist, aitheantas teachtaireachta) aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am ar tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc/na naisc méid na sonraí dáta agus am an naisc nó na nasc achar ama an cheangail nó an tseisiúin/na seisiún rochtana eile:…
(iii)
i gcomhair óstála: comhaid loga ticéid eile:…
(iv)
eile stair cheannacháin stair mhuirearaithe an iarmhéid réamhíoctha eile:…
(d)
sonraí inneachair: dumpa bosca ríomhphoist (gréasáin) dumpa stórála ar líne (sonraí arna nginiúint ag úsáideoirí) dumpa leathanaigh loga/cúltaca teachtaireachta dumpa glórphoist inneachar freastalaí cúltaca gléis liosta teagmhálaithe eile:… Faisnéis bhreise i gcás is gá chun raon na sonraí a iarradh a shonrú nó a theorannú (tuilleadh):… CUID E: Faisnéis faoi na bunchoinníollacha
(a)
baineann an EPOC seo (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha): le himeachtaí coiriúla i leith cion coiriúil; le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorghníomhú ag cinneadh nach ndearnadh in absentia agus i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíoadh ón gceartas.
(b)
Cineál agus rangú dlí an chiona/na gcionta a bhfuil an EPOC-PR á eisiúint ina leith agus an fhoráil reachtúil is infheidhme ( 17 ):… CUID F: Sonraí an údaráis eisiúna An cineál údaráis eisiúna (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha): breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe ionchúisitheoir poiblí údarás inniúil eile a shainítear i ndlí an Stáit eisiúna Más gá bailíochtú, comhlánaigh Cuid G chomh maith. Tabhair do d’aire (cuir tic leis, más infheidhme): ►C1 Eisíodh an EPOC-PR seo i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am. ◄ Deimhníonn an t-údarás eisiúna go bhféadfadh sé ordú a eisiúint i gcás náisiúnta comhchosúil gan bhailíochtú, agus go lorgófar an bailíochtú ex post sin gan mhoill, laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí (tabhair do d’aire nach gcuirfear an seolaí ar an eolas). Tagraíonn an cás éigeandála seo do gharbhaol do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine nó do gharbhaol do bhonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a) de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle ( 18 ) é, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine dá gcuirfí isteach ar an mbonneagar criticiúil sin nó dá scriosfaí é, lena n-áirítear trí dhochar tromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don phobal nó d’fheidhmiú phríomhfheidhmeanna an Stáit. Sonraí an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC-PR cruinn agus ceart: Ainm an údaráis:… Ainm an ionadaí:… Post atá aige/aici (teideal/grád):… Uimhir an chomhaid: .… Seoladh:… Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Seoladh ríomhphoist:… Teanga/teangacha a labhraítear:… Murab ionann agus a bhfuil thuas, údarás/pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR: Ainm an údaráis/ainm:… Seoladh:… Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Seoladh ríomhphoist:… Síniú an údaráis eisiúna nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC-PR cruinn agus ceart: Dáta:… Síniú ( 19 ):… CUID G: Sonraí an údaráis bailíochtaithe (comhlánaigh más infheidhme) An cineál údaráis bailíochtaithe: breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe ionchúisitheoir poiblí Sonraí an údaráis bailíochtaithe nó a ionadaí, nó iad araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachair an EPOC-PR cruinn agus ceart: Ainm an údaráis:… Ainm an ionadaí:… An post atá aige/aici (teideal/grád):… Uimhir an chomhaid:… Seoladh:… Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Seoladh ríomhphoist:… Teanga/teangacha a labhraítear:… Dáta:… Síniú ( 20 ):… 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|