|
+IARSCRÍBHINN II Sonraíochtaí teicniúla |
IARSCRÍBHINN II Sonraíochtaí teicniúla
IARSCRÍBHINN II Sonraíochtaí teicniúla 0. Sainmhínithe: Chun críche na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “suiteáil” lonnú tosaigh trealaimh ábhartha uile pointe athluchtaithe, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí agus bonneagar leictreach gaolmhar, amhail naisc soláthair leictreachais, claochladáin, agus córais leictreacha eile, chun gur féidir feithiclí leictreacha a athluchtú;
(b)
ciallaíonn “athchóiriú” athsholáthar mór nó iomlán trealaimh ábhartha pointe athluchtaithe. 1.1. Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim:
—
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad, nó, más é go bhfuil cumhacht níos lú ná 3,7 kW nó cothrom leis sin acu agus más é a bpríomhfheidhm feithiclí leictreacha a athluchtú i Mód 2, beidh siad feistithe le hasraonta soicéid atá i gcomhréir le caighdeán IEC 60884-1:2022; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
—
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
1.2. Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim:
—
maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
—
maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
1.3. Pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha de chatagóir L: 1.3.1. Na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA), agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 3,7 kW nó cothrom leis sin acu, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
(a)
asraonta soicéid nó nascóirí feithicle de Chineál 3A ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022 (le haghaidh athluchtú i Mód 3);
(b)
asraonta soicéid atá i gcomhréir le caighdeán IEC 60884-1:2022 (le haghaidh athluchtú i Mód 1 nó Mód 2). 1.3.2. Na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L os cionn 3,7 kW a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L os cionn 3,7 kW a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad. 1.3.3. Maidir leis na pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth díreach (SD) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad. 1.4. Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh busanna leictreacha:
—
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh busanna leictreacha a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
—
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad,
1.5. Maidir le gaireas uathoibrithe comhéadain teagmhála le haghaidh busanna leictreacha a athluchtaítear gan sreang i mód 4, i gcomhréir le caighdeán EN 61851-23-1:2020, beidh sé feistithe le comhéadain mheicniúla agus leictreacha ar a laghad, mar a shainmhínítear i gcaighdeán EN 50696:2021, maidir leis an méid seo a leanas:
—
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar an mbonneagar (pantagraf);
—
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar dhíon na feithicle;
—
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite faoin bhfeithicil;
—
gaireas uathnasctha atá suite ar an mbonneagar agus a nascann le taobh na feithicle nó atá suite ar dhíon na feithicle.
1.6. Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair:
—
Maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá in ann leictreachas a sholáthar d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim agus d’fheithiclí leictreacha tromshaothair araon, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad.
1.7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim: Maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim atá tiomnaithe d’athluchtú ionduchtach statach gan sreang, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na rudaí seo a leanas:
—
EN IEC 61980-1:2021 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta”;
—
EN IEC 61980-2:2023 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 2: Ceanglais shonracha le haghaidh cumarsáid agus gníomhaíochtaí maidir le córas aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh réimse maighnéadach”;
—
EN IEC 61980-3:2022 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 3: Ceanglais shonracha maidir le córas aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh réimse maighnéadaigh.”
1.8. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair. 1.9. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim. 1.10. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair. 1.11. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh busanna leictreacha. 1.12. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh busanna leictreacha. 1.13. Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí phantagraf le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair. 1.14. Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair: Maidir le bonneagar athluchtaithe le haghaidh sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) atá tiomnaithe do chóras bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair atá feistithe le gairis tiomsaitheora srutha ar leibhéal na talún, a fhágann gur féidir le feithiclí bóthair sruth seolta a thiomsú ó rian beathaithe atá comhtháite sa bhóthar, comhlíonfaidh sé na rudaí seo a leanas, chun críoch idir-inoibritheachta:
—
CLC/TS 50717:2022 “Ceanglais theicniúla le haghaidh tiomsaitheoirí srutha maidir le córas beathaithe ar leibhéal na talún ar fheithiclí bóthair atá á n-oibriú.”
1.15. Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha de chatagóir L. 1.16. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh gluaisteáin leictreacha paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim. 1.17. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair. 1.18. Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe chun rochtain d’úsáideoirí faoi mhíchumas a áirithiú. 2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú cumarsáide in earnáil athluchtaithe na bhfeithiclí leictreacha 2.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe (cumarsáid ó fheithicil go heangach): 2.1.1. Maidir leis na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na caighdeáin seo a leanas ar a laghad:
—
EN ISO 15118-1:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 1: Faisnéis ghinearálta agus sainiú ar an gcás úsáide”;
—
EN ISO 15118-2:2016 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 2: Ceanglais an phrótacail líonra agus an phrótacail cur i bhfeidhm”;
—
EN ISO 15118-3:2016 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 3: Ceanglais na sraithe fisicí agus shraith an naisc sonraí”;
—
EN ISO 15118-4:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 4: Tástáil chomhréireachta an phrótacail líonra agus an phrótacail cur i bhfeidhm”;
—
EN ISO 15118-5:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 5: Tástáil chomhréireachta na sraithe fisicí agus shraith an naisc sonraí”.
2.1.2. Maidir leis na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 1 Eanáir 2027, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, le caighdeáin EN ISO 15118-20:2022 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 20: Ceanglais na sraithe líonra agus na sraithe cur i bhfeidhm den dara glúin”, ar a laghad. I gcás go gcuireann pointí athluchtaithe den chineál sin seirbhísí fíordheimhnithe agus údaraithe uathoibríoch ar fáil, amhail plugáil isteach agus luchtú, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta agus sábháilteachta, le caighdeáin EN ISO 15118-2:2016 agus caighdeán EN ISO 15118-20:2022 araon. 2.1.3. Maidir leis na pointí athluchtaithe príobháideacha ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 1 Eanáir 2027, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na caighdeáin seo a leanas ar a laghad:
(a)
EN IEC 61851-1:2019 “Córas luchtaithe sheoltaigh le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 1: Riachtanais ghinearálta” (le haghaidh athluchtú i Mód 2);
(b)
EN ISO 15118-20:2022 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 20: Ceanglais na sraithe líonra agus na sraithe cur i bhfeidhm den dara glúin” (le haghaidh athluchtú i Mód 3 nó Mód 4). 2.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an phointe athluchtaithe (cumarsáid chúil). 2.3. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, na soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta agus na hardáin ríomhfhánaíochta. 2.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe agus na hoibreoirí córais dáilte. 3. Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar hidrigine le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar 3.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí saothair éadroim, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na ceanglais idir-inoibritheachta ar a dtugtar tuairisc i gcaighdeán EN 17127:2024 ar a laghad. 3.2. Na saintréithe cáilíochta hidrigine a dháiltear le pointí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad na ceanglais ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 17124:2022. Tugtar tuairisc sa chaighdeán freisin ar na modhanna chun a áirithiú go gcomhlíonfar cáilíocht na hidrigine.
3.3.
Comhlíonfaidh an t-algartam breoslaithe hidrigin ceanglais chaighdeán EN 17127:2024. 3.4. A luaithe a thabharfar próiseas deimhnithe chaighdeán EN ISO 17268:2020 i gcrích, comhlíonfaidh na nascóirí mótarfheithiclí le haghaidh athbhreoslú hidrigine gásaí an caighdeán sin ar a laghad. 3.5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí tromshaothair, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na ceanglais ar a dtugtar tuairisc i gcaighdeán EN 17127:2024 ar a laghad. 3.6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin leachtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair. 4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le meatán le haghaidh iompar de bhóthar 4.1. Maidir le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite (CNG) le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad brú breoslaithe (brú seirbhíse) de leithead 20,0 MPa (200 bar) ag 15 °C. Ceadaítear uasbhrú breoslaithe 26,0 MPa ag a bhfuil ‘cúiteamh teochta’ i gcomhréir le caighdeán EN ISO 16923:2018. 4.2. Comhlíonfaidh próifíl an nascóra Rialachán Uimh. 110 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip lena dtagraítear do chodanna I agus II i gcaighdeán EN ISO 14469:2017. 4.3. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcás meatán leachtaithe le haghaidh mótarfheithiclí beidh siad i gcomhréir le brú breoslaithe atá níos ísle ná uasbhrú oibre incheadaithe umar na feithicle mar a luaitear i gcaighdeán EN ISO 16924:2018, ‘Stáisiúin breoslaithe gáis nádúrtha – stáisiúin GNL le haghaidh feithiclí breoslaithe’. Ina theannta sin, comhlíonfaidh próifíl an nascóra caighdeán EN ISO 12617:2017 ‘Feithiclí bóthair – nascóir athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) – nascóir 3,1 MPa’. 5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre 5.1. Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa farraige, lena n-áirítear dearadh, suiteáil agus tástáil na gcóras, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, sonraíochtaí teicniúla chaighdeán EC/IEEE 80005-1:2019/AMD1:2022, a mhéid a bhaineann le naisc ardvoltais cois cladaigh. 5.2. Maidir le plocóidí, asraonta soicéid agus cúplairí loinge le haghaidh nasc ardvoltais cois cladaigh, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, sonraíocht theicniúil caighdeán IEC 62613-1:2019 5.3. Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 15869-2:2019 nó caighdeán EN 16840:2017 ag brath ar na riachtanais fuinnimh. 5.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí muirí, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí muirí. 5.5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí loingseoireachta intíre. 5.6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí muirí. 5.7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí loingseoireachta intíre. 5.8. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú agus athluchtú ceallraí ag stáisiúin ar tír le haghaidh soithí loingseoireachta intíre. 6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht hidrigine le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre 6.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine. 6.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine. 6.3. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine. 6.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine. 7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre 7.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint meatánóil. 7.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint meatánóil. 8. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre 8.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint amóinia. 8.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint amóinia. 9. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe meatáin leachtaithe le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre 9.1. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh longa farraige, nach gcumhdaítear leis an gCód Idirnáisiúnta um Thógáil agus Trealamh Long a Iompraíonn Gáis Leachtaithe i mBulc (Cód IGC), comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017. 9.2. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017 (codanna 5.3 go 5.7) chun críoch idir-inoibritheachta amháin. 10. Sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le lipéadú breoslaí 10.1. Maidir leis an lipéad ‘Breoslaí - Sainaithint comhoiriúnachta feithicle - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 16942:2016+A1:2021. 10.2. Maidir leis an lipéad ‘Sainaithint comhoiriúnachta feithiclí agus bonneagar - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí maidir le soláthar cumhachta EV’ comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 17186:2019. 10.3. An mhodheolaíocht choiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha a leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún ( 8 ). 10.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe leictreacha agus saoráidí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh iompar d’iarnród. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|