+Airteagal 68 Cead sonraí
---+Airteagal 68 1
---+Airteagal 68 2
---+Airteagal 68 3
---+Airteagal 68 4
---+Airteagal 68 5
---+Airteagal 68 6
---+Airteagal 68 7
---+Airteagal 68 8
---+Airteagal 68 9
---+Airteagal 68 10
---+Airteagal 68 11
---+Airteagal 68 12
---+Airteagal 68 13
---+Airteagal 68 14
|
Airteagal 68 Cead sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1
|
1. Chun rochtain a thabhairt ar shonraí leictreonacha sláinte, déanfaidh na comhlachtaí rochtana sonraí measúnú ar comhlíonadh na critéir uile seo a leanas:
|
(a)
|
tá na críocha a thuairiscítear san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte ag teacht le chéile le ceann amháin nó níos mó de na críocha a liostaítear in Airteagal 53(1);
|
|
(b)
|
tá na sonraí arna n-iarraidh riachtanach, leordhóthanach agus comhréireach chun na gcríoch a thuairiscítear san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte, agus an t-íoslaghdú sonraí agus na ceanglais maidir le teorannú críche dá bhforáiltear in Airteagal 66 á gcur san áireamh;
|
|
(c)
|
comhlíonann an phróiseáil Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás sonraí a bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm orthu, tá údar leordhóthanach ann nach féidir an chríoch a bhaint amach le sonraí anaithnidithe;
|
|
(d)
|
tá an t-iarratasóir ar shonraí sláinte cáilithe i ndáil leis na críocha a beartaíodh chun sonraí a úsáid agus tá saineolas iomchuí aige, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla i réimsí an chúraim sláinte, an chúraim, na sláinte poiblí nó an taighde, atá comhsheasmhach le cleachtas eiticiúil agus leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme;
|
|
(e)
|
léiríonn an t-iarratasóir ar shonraí sláinte bearta teicniúla agus eagraíochtúla leordhóthanacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid a bhaint as na sonraí leictreonacha sláinte agus chun cearta agus leasanna an tsealbhóra sonraí sláinte agus na ndaoine nádúrtha lena mbaineann a chosaint;
|
|
(f)
|
leis an bhfaisnéis ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 67(2), pointe (j), ar ghnéithe eiticiúla den phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, comhlíontar an dlí náisiúnta;
|
|
(g)
|
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte úsáid a bhaint as eisceacht faoi Airteagal 71(4), tá an bonn cirt a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin curtha ar fáil;
|
|
(h)
|
tá na ceanglais eile uile sa Chaibidil seo á gcomhlíonadh ag an iarratasóir ar shonraí sláinte.
|
|
|
Airteagal 68 2
|
2. Cuirfidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte an méid seo a leanas san áireamh freisin:
|
(a)
|
rioscaí don chosaint náisiúnta, don tslándáil náisiúnta, don tslándáil phoiblí agus don ord poiblí;
|
|
(b)
|
an riosca go mbainfí an bonn de rúndacht sonraí i mbunachair sonraí rialtais na n-údarás rialála.
|
|
|
Airteagal 68 3
|
3. I gcás ina dtagann an comhlacht rochtana sonraí sláinte ar an gconclúid ina mheasúnú go bhfuil na ceanglais i mír 1 á gcomhlíonadh agus go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 2 maolaithe go leordhóthanach, tabharfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte rochtain ar shonraí sláinte leictreonacha trí chead sonraí a eisiúint. Diúltóidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte gach iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sa Chaibidil seo.
I gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cead sonraí a eisiúint, ach ina gcomhlíonfar na ceanglais maidir le freagra a thabhairt i bhformáid staidrimh anaithnidithe faoi Airteagal 69, féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte a chinneadh freagra den sórt sin a sholáthar ar choinníoll go maolófaí na rioscaí tríd an bhfreagra sin a sholáthar agus, más féidir críoch an iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte a chomhlíonadh ar an mbealach sin, go n-aontaíonn an t-iarratasóir ar shonraí sláinte le freagra a fháil i bhformáid staidrimh anaithnidithe faoi Airteagal 69.
|
|
Airteagal 68 4
|
4. De mhaolú ar Rialachán (AE) 2022/868, déanfaidh comhlacht rochtana sonraí sláinte cead sonraí a eisiúint nó a dhiúltú laistigh de thrí mhí ón iarratas iomlán ar rochtain ar shonraí sláinte a fháil. Má chinneann an comhlacht rochtana sonraí sláinte go bhfuil an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte neamhiomlán, tabharfaidh sé fógra don iarratasóir ar shonraí sláinte faoi sin, a dtabharfar deis dó an t-iarratas sin a chomhlánú. Mura gcomhlánaíonn an t-iarratasóir ar shonraí sláinte an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte sin laistigh de 4 seachtaine, ní eiseofar an cead sonraí.
Féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte síneadh trí mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse le haghaidh freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte i gcás inar gá, agus práinn agus castacht an iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus líon na n-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte a cuireadh isteach ar chinneadh á gcur san áireamh. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte fógra don iarratasóir ar shonraí sláinte a luaithe is féidir go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte a scrúdú, mar aon leis na cúiseanna atá leis an moill.
|
|
Airteagal 68 5
|
5. Agus iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte le haghaidh rochtain trasteorann ar shonraí leictreonacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 67(3) á láimhseáil acu, leanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus rannpháirtithe údaraithe ábhartha in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75 de bheith freagrach as cinntí a ghlacadh maidir le rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte a dheonú nó a dhiúltú laistigh dá sainchúram i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Cuirfidh na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus na rannpháirtithe údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) lena mbaineann a chéile ar an eolas faoina gcinntí. Féadfaidh siad an fhaisnéis sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte a dheonú nó a dhiúltú.
Féadfaidh cead sonraí a eisíonn comhlacht rochtana sonraí sláinte amháin leas a bhaint as aitheantas frithpháirteach ó na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte eile.
|
|
Airteagal 68 6
|
6. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nós imeachta i ndáil le iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte brostaithe le haghaidh comhlachtaí earnála poiblí agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil sainordú dlíthiúil acu i réimse na sláinte poiblí má tá próiseáil na sonraí leictreonacha sláinte le déanamh chun na gcríoch atá bunaithe in Airteagal 53(1), pointí (a), (b) agus (c).
I gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta brostaithe den sórt sin, déanfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte cead sonraí a eisiúint nó a dhiúltú laistigh de dhá mhí ó iarratas iomlán ar rochtain ar shonraí sláinte a fháil. Féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte an tréimhse chun freagairt d’iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte a fhadú mí amháin sa bhreis i gcás inar gá.
|
|
Airteagal 68 7
|
7. Tar éis an cead sonraí a eisiúint, iarrfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte na sonraí leictreonacha sláinte láithreach ar an sealbhóir sonraí sláinte. Cuirfidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte na sonraí leictreonacha sláinte ar fáil don úsáideoir sonraí sláinte laistigh de dhá mhí tar éis dó iad a fháil ó na sealbhóirí sonraí sláinte, ach amháin má shonraíonn an comhlacht rochtana sonraí sláinte go bhfuil na sonraí le soláthar laistigh de thréimhse shonraithe níos faide.
|
|
Airteagal 68 8
|
8. I gcásanna dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, den Airtegal seo, féadfaidh na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus na rannpháirtithe údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) a d’eisigh cead sonraí nó formheas ar rochtain, faoi seach, a chinneadh rochtain a sholáthar ar na sonraí leictreonacha sláinte sa timpeallacht shlán phróiseála arna soláthar ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 75(9).
|
|
Airteagal 68 9
|
9. I gcás ina ndiúltóidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte cead sonraí a eisiúint, soláthróidh sé an t-údar atá leis an diúltú don iarratasóir ar shonraí sláinte sin.
|
|
Airteagal 68 10
|
10. Nuair atá cead sonraí á eisiúint aige, leagfaidh an comhlacht rochtana sonraí amach sa chead sonraí sin na coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis an úsáideoir sonraí sláinte. Beidh na nithe seo a leanas sa chead sonraí:
|
(a)
|
catagóirí, sonraíocht agus formáid na sonraí leictreonacha sláinte atá le rochtain, sonraí arna gcumhdach ag an gcead sonraí, lena n-áirítear a bhfoinsí agus léiriú ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh na sonraí leictreonacha sláinte le rochtain i bhformáid le hainmneacha bréige sa timpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(b)
|
tuairisc mhionsonraithe ar an gcríoch ar ina leith a chuirtear na sonraí leictreonacha sláinte ar fáil;
|
|
(c)
|
i gcás ina ndearnadh foráil do shásra chun díolúine a chur chun feidhme faoi Airteagal 71(4) agus inarb r infheidhme é faoin Airteagal sin, faisnéis faoi cé acu a cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm í agus an chúis atá leis na cinntí gaolmhara;
|
|
(d)
|
céannacht daoine údaraithe, go háirithe céannacht an phríomh-imscrúdaitheora, ag a bhfuil cearta rochtana ar na sonraí leictreonacha sláinte sa timpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(e)
|
fad bailíochta an cheada sonraí;
|
|
(f)
|
faisnéis faoi na saintréithe teicniúla agus na huirlisí teicniúla atá ar fáil don úsáideoir sonraí sláinte laistigh den timpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(g)
|
na táillí atá le híoc ag an úsáideoir sonraí sláinte;
|
|
(h)
|
aon choinníoll sonrach.
|
|
|
Airteagal 68 11
|
11. Beidh sé de cheart ag úsáideoirí sonraí sláinte na sonraí leictreonacha sláinte a rochtain agus a phróiseáil i dtimpeallacht shlán phróiseála i gcomhréir leis an gcead sonraí arna eisiúint dóibh ar bhonn an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 68 12
|
12. Eiseofar cead sonraí ar feadh na tréimhse is gá chun na críocha a iarradh a chomhlíonadh agus ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 10 mbliana. Féadfar an tréimhse sin a fhadú uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana, arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí sláinte, bunaithe ar argóintí agus ar dhoiciméid chun údar a thabhairt leis an bhfadú sin, a sholáthrófar mí amháin roimh dhul in éag an cheada sonraí. Féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte táillí a ghearradh a mheadaíonn chun na costais agus na rioscaí a léiriú, ar costais agus rioscaí iad a bhaineann le stóráil sonraí leictreonacha sláinte ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse thosaigh. Chun costais agus táillí den sórt sin a laghdú, féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte a mholadh freisin don úsáideoir sonraí sláinte an tacar sonraí a stóráil i gcóras stórála a bhfuil cumais laghdaithe aige. Ní dhéanfaidh cumais laghdaithe den sórt sin difear do shlándáil an tacair sonraí phróiseáilte. Déanfar na sonraí leictreonacha sláinte atá laistigh den timpeallacht shlán phróiseála a scriosadh laistigh de sé mhí tar éis don chead sonraí dul in éag. Arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí sláinte, féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte an fhoirmle maidir le cruthú an tacair sonraí iarrtha a stóráil.
|
|
Airteagal 68 13
|
13. Más gá an cead sonraí a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh an t-úsáideoir sonraí sláinte iarraidh isteach ar leasú a dhéanamh ar an gcead sonraí.
|
|
Airteagal 68 14
|
14. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, lógó a fhorbairt chun rannchuidiú EHDS a aithint. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|