+Airteagal 68 1

Airteagal 68 1

1.   Chun rochtain a thabhairt ar shonraí leictreonacha sláinte, déanfaidh na comhlachtaí rochtana sonraí measúnú ar comhlíonadh na critéir uile seo a leanas:

(a)

tá na críocha a thuairiscítear san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte ag teacht le chéile le ceann amháin nó níos mó de na críocha a liostaítear in Airteagal 53(1);

(b)

tá na sonraí arna n-iarraidh riachtanach, leordhóthanach agus comhréireach chun na gcríoch a thuairiscítear san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte, agus an t-íoslaghdú sonraí agus na ceanglais maidir le teorannú críche dá bhforáiltear in Airteagal 66 á gcur san áireamh;

(c)

comhlíonann an phróiseáil Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás sonraí a bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm orthu, tá údar leordhóthanach ann nach féidir an chríoch a bhaint amach le sonraí anaithnidithe;

(d)

tá an t-iarratasóir ar shonraí sláinte cáilithe i ndáil leis na críocha a beartaíodh chun sonraí a úsáid agus tá saineolas iomchuí aige, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla i réimsí an chúraim sláinte, an chúraim, na sláinte poiblí nó an taighde, atá comhsheasmhach le cleachtas eiticiúil agus leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme;

(e)

léiríonn an t-iarratasóir ar shonraí sláinte bearta teicniúla agus eagraíochtúla leordhóthanacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid a bhaint as na sonraí leictreonacha sláinte agus chun cearta agus leasanna an tsealbhóra sonraí sláinte agus na ndaoine nádúrtha lena mbaineann a chosaint;

(f)

leis an bhfaisnéis ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 67(2), pointe (j), ar ghnéithe eiticiúla den phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, comhlíontar an dlí náisiúnta;

(g)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte úsáid a bhaint as eisceacht faoi Airteagal 71(4), tá an bonn cirt a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin curtha ar fáil;

(h)

tá na ceanglais eile uile sa Chaibidil seo á gcomhlíonadh ag an iarratasóir ar shonraí sláinte.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.