+IARSCRÍBHINN V NA CÉIMEANNA AGUS NA PRIONSABAIL MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA LÁITHREÁNSONRACH

IARSCRÍBHINN V NA CÉIMEANNA AGUS NA PRIONSABAIL MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA LÁITHREÁNSONRACH

IARSCRÍBHINN V

NA CÉIMEANNA AGUS NA PRIONSABAIL MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA LÁITHREÁNSONRACH

1.   

Chun an t-éilliú a shaintréithriú, ní mór cineál na n-éilleán (e.g. trom-mhiotail, éilleáin orgánacha, etc.) atá ar an láithreán a shainaithint agus a bhfoinse, a dtiúchan, a bhfoirm cheimiceach, agus a ndáileadh san ithir, sa mháthairábhar agus sa screamhuisce a chinneadh. Cinntear láithreacht agus tiúchan éilleán sna meáin éagsúla trí shampláil agus imscrúdú ar an láthair agus lasmuigh den láthair, i gcás ina mbeadh amhras ann gur aistríodh éilleáin. Déanfar éilleáin a bhaineann le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú a shampláil sna meáin ábhartha ar bhonn chomhthéacs an chomhshaoil agus airíonna fisiceimiceacha na n-éilleán a mbíonn tionchar acu ar a n-iompar sa chomhshaol. Cuirfear leibhéil chúlra nádúrtha agus antrapaigineacha san áireamh.

2.   

Chun measúnú a dhéanamh an nochtadh, ní mór an chonair a shainaithint trína bhféadfaidh éilleáin ithreach teacht chomh fada le gabhdóirí. Is féidir ionanálú, ionghabháil, tadhall le craiceann, ionsú plandaí, aistriú chuig screamhuisce nó eile a bheith i gceist le conairí nochta. Cuirtear tiúchaintí na n-éilleán sna meáin nochta le chéile le paraiméadair nochta (e.g. minicíocht agus fad an nochta, ráta iontógála ithreach, etc.) agus saintréithe gabhdóirí amhail aois, inscne agus stádas sláinte chun an dáileog nochta laethúil a mheas. Déantar achoimre ar na nascálacha idir an fhoinse, an chonair agus an gabhdóir i léiriú grafach, scéimreach agus simplithe (‘samhail an láithreáin choincheapúil’). Féadfar measúnú a dhéanamh ar nochtadh trí anailís dhíreach ag an bpointe nochta nó trí aistriú éilleáin chuig an meán nochta a shamhaltú.

3.   

Is é atá i gceist le measúnú tocsaineachta nó guaise meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na héilleáin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, bunaithe ar dháileog agus fad an nochta. Sa mheasúnú tocsaineachta nó guaise, cuirtear san áireamh tocsaineacht bhunúsach na n-éilleán agus soghabháltacht na ngabhdóirí difriúla nochta (daoine agus éiceachórais), amhail ainmhithe, miocrorgánaigh, plandaí, leanaí, mná torracha, daoine scothaosta, etc. Úsáidtear an fhaisnéis thocsaineolaíoch chun dáileoga tagartha nó tiúchaintí tagartha a mheas, rud a úsáidtear le haghaidh saintréithriú riosca.

4.   

Chun saintréithriú riosca a dhéanamh, ní mór an fhaisnéis ó na céimeanna roimhe sin a chomhtháthú ionas gur féidir meastachán a dhéanamh ar mhéid agus dóchúlacht éifeachtaí díobhálacha an láithreáin éillithe ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha ó aistriú an éillithe go meáin chomhshaoil eile. Cuidíonn saintréithriú riosca le measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta laghdúcháin riosca agus bearta feabhsúcháin agus tosaíocht a thabhairt don ghá sin, agus lena áirithiú go bhfuil riocht na hithreach comhoiriúnach leis an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe. Is féidir leis cuidiú freisin le cuspóirí feabhsúcháin nó bainistithe ithreach a bhunú maidir le láithreán, e.g. uasteorainneacha is inghlactha nó luachanna scagtha rioscabhunaithe láithreánsonracha a bhaint amach. Bíonn líon mór hipitéisí agus éiginnteachtaí i gceist le measúnú riosca. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar na hipitéisí agus éiginnteachtaí sin chun tuiscint iomlán a fháil ar thábhacht na dtorthaí a fhaightear agus chun cinntí eolacha a dhéanamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.