+Airteagal 252 Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil

Airteagal 252 Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil

Airteagal 252

Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil

Ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 251, déanfar aon neamhréir aibíochta idir an chosaint chreidmheasa faoina mbaintear amach an t-aistriú priacail agus na risíochtaí foluiteacha a ríomh mar seo a leanas:

(a) 

glacfar leis gurb í aibíocht na risíochtaí foluiteacha aibíocht aon cheann de na risíochtaí sin a bhfuil an aibíocht is faide aici, faoi réir uasteorainn 5 bliana. Cinnfear aibíocht na cosanta creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4;

(b) 

déanfaidh institiúid tionscnóra neamhaird d’aon neamhréir i méideanna risíochtaí atá ualaithe do shuíomhanna urrúsúcháin a ríomh faoi réir ualú priacail 1 250 % i gcomhréir leis an Roinn seo. I gcás gach suímh eile, cuirfear an tslí a láimhseáiltear neamhréir aibíochta a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:

image

i gcás inarb é:

▼M17

RW *

=

méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca chun críocha Airteagal 92(4), pointe (a);

▼M5

RWAss

=

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i leith risíochtaí foluiteacha murar urrúsaíodh riamh iad, arna ríomh ar bhonn pro rata;

RWSP

=

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh faoi Airteagal 251 mura raibh aon neamhréir aibíochta ann;

T

=

aibíocht na risíochtaí foluiteacha,arna sloinneadh i mblianta;

t

=

aibíocht na cosanta creidmheasa arna sloinneadh i mblianta;

t*

=

0,25.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas