+Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta
---+Airteagal 325j 1.
---+Airteagal 325j 1a.
---+Airteagal 325j 2.
---+Airteagal 325j 3.
---+Airteagal 325j 4.
---+Airteagal 325j 5.
---+Airteagal 325j 6.
---+Airteagal 325j 7.

Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325j 1.

Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh de chuid suímh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:

(a) 

institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (a), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin trí amharc ar shuíomhanna foluiteacha an ghnóthais comhinfheistíochta, ar bhonn míosúil, amhail is dá mba i seilbh dhíreach na hinstitiúide a bhí na suíomhanna sin;

(b) 

institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin agus ceachtar de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:

(i) 

déanfaidh sí an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta a mheas mar shuíomh cothromais aonair arna leithdháileadh ar an mbuicéad “earnáil eile” in Airteagal 325ap(1), Tábla 8;

(ii) 

cuirfidh sí san áireamh na teorainneacha a shocraítear i sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta agus sa dlí ábhartha.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(ii), féadfaidh an institiúid an cur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 132a(3) a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí agus chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca coigeartaithe luachála creidmheasa i gcás suíomhanna díorthacha de chuid an ghnóthais comhinfheistíochta.

Airteagal 325j 1a.

Chun críocha na gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), den Airteagal seo, déanfaidh an institiúid:

(a) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 a chur i bhfeidhm maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta, i gcás ina dtugann sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta sin cead don institiúid infheistíocht a dhéanamh i neamhchosaintí a bheidh faoi réir na gceanglas cistí dílse sin; agus an cur chuige dá dtagraítear i mír 1, bpointe (b)(i), den Airteagal seo á úsáid aici, cuirfidh an institiúid an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta san áireamh mar shuíomh cothromais aonair gan rátáil arna leithdháileadh ar an mbuicéad “gan rátáil” in Airteagal 325y(1), Tábla 2; agus

(b) 

i gcás gach suímh sa ghnóthas comhinfheistíochta céanna, an cur chuige céanna a úsáid as measc na gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh ar bhonn neamhspleách mar phunann ar leithligh.

Airteagal 325j 2.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil suíomh in GC ag institiúid ar GC é a rianaíonn tagarmharc innéacs ionas go mbeidh an difríocht toraidh bhliantúlaithe idir an GC agus tagarmharc an innéacs rianaithe thar an 12 mhí roimhe sin faoi bhun 1 % i ndearbhthéarmaí, gan beann ar tháillí agus ar choimisiúin, féadfaidh an institiúid sin an suíomh sin a láimhseáil mar shuíomh sa tagarmharc innéacs rianaithe. Déanfaidh institiúid comhlíonadh an choinníll sin a fhíorú nuair a rachaidh an institiúid i mbun an tsuímh agus, ina dhiaidh sin, uair amháin sa bhliain ar a laghad.

I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid.

Airteagal 325j 3.
Féadfaidh institiúid meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a úsáid le haghaidh a cuid suíomhanna in GCanna. Mar sin féin, ní úsáidfidh institiúid ach ceann amháin de na cineálacha cur chuige sin i gcomhair na suíomhanna uile sa GC céanna.
Airteagal 325j 4.
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), den Airteagal seo, déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh trí phunann hipitéiseach an ghnóthais comhinfheistíochta a tharraingeodh na ceanglais cistí dílse ab airde i gcomhréir le hAirteagal 325c(2), pointe (a), a chinneadh, bunaithe ar shainordú an ghnóthais comhinfheistíochta nó ar an dlí is ábhartha, á chur san áireamh an méid is mó luamhánaithe is féidir, i gcás inarb infheidhme.

Úsáidfidh an institiúid an phunann hipitéiseach chéanna agus an ceann dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta.

Formheasfaidh údarás inniúil na hinstitiúide an mhodheolaíocht arna forbairt ag an institiúid chun punanna hipitéiseacha gach suímh i ngnóthais chomhinfheistíochta dá n-úsáidfear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh.

Airteagal 325j 5.
Ní fhéadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an gnóthas comhinfheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 132(3). I gcás nach gcomhlíonann an gnóthas comhinfheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 132(3), déanfaidh an institiúid a suíomhanna sa ghnóthas comhinfheistíochta sin a shannadh don leabhar neamhthrádála.
Airteagal 325j 6.

Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (a), féadfaidh institiúidí brath ar thríú páirtí chun an ríomh sin a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:

(i) 

institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an ghnóthais comhinfheistíochta, ar an gcoinníoll nach ndéanann an gnóthas comhinfheistíochta infheistíocht ach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;

(ii) 

i gcás gnóthais chomhinfheistíochta nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3), pointe (a);

(iii) 

díoltóir tríú páirtí ar choinníoll go ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den phointe seo nó díoltóir tríú páirtí eile mar sin na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar nó a ríomh;

(b) 

cuireann an tríú páirtí na sonraí, an fhaisnéis nó méadrachtaí riosca ar fáil don institiúid chun an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;

(c) 

dhearbhaigh iniúchóir seachtrach a rinne iniúchadh ar an institiúid go bhfuil sonraí, faisnéis nó méadrachtaí riosca an tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo leordhóthanach agus go bhfuil rochtain gan srian ag údarás inniúil na hinstitiúide ar na sonraí, ar an bhfaisnéis agus ar na méadrachtaí riosca sin ach í a iarraidh.

Airteagal 325j 7.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun eilimintí teicniúla na modheolaíochta a shonrú tuilleadh chun na punanna hipitéiseacha a chinneadh chun críocha an chur chuige a leagtar amach i mír 4, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na hinstitiúidí leis an méid is mó luamhánaithe is féidir a chur san áireamh sa mhodheolaíocht, i gcás inarb infheidhme.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas