|
+Airteagal 383a 1. |
Airteagal 383a 1.Beidh samhail rialála CVA a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383 fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a chur chun feidhme go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais uile a leanas:
(a)
beidh an tsamhail rialála CVA in ann CVA contrapháirtí áirithe a shamhaltú, agus comhaontuithe glanluachála agus corrlaigh ar an leibhéal socraithe glanluachála a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an Airteagal seo;
(b)
measann an institiúid dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí bunaithe ar raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus ar an gcaillteanas ionchais i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, le haghaidh an chontrapháirtí sin;
(c)
beidh an caillteanas ionchais i gcás mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (a) mar an gcéanna leis an gcaillteanas i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, dá dtagraítear i bpointe (b), ach amháin sa chás gur féidir leis an institiúid a léiriú go bhfuil sinsearacht na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin difriúil le sinsearacht bannaí neamhurraithe a d’eisigh an contrapháirtí sin;
(d)
ag gach pointe ama sa todhchaí, ríomhfar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart le contrapháirtí le samhail neamhchosanta trí na hidirbhearta uile sa phunann sin a athphraghsáil, bunaithe ar chomhathruithe ionsamhlaithe na bhfachtóirí riosca margaidh atá ábhartha do na hidirbhearta sin ag úsáid líon iomchuí cásanna, agus na praghsanna go dtí dáta an ríomha á lascainiú ag úsáid rátaí úis saor ó riosca;
(e)
tá an tsamhail rialála CVA in ann spleáchas suntasach idir neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart agus raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí a shamhaltú;
(f)
i gcás ina bhfuil idirbhearta na punainne san áireamh i dtacar glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, aithnítear an chomhthaobhacht a bhreactar agus a fhaightear mar chuid den chomhaontú sin mar mhaolaitheoir ar riosca sa neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
cinneann an institiúid an tréimhse chorrlaigh faoi riosca don tacar glanluachála sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 285(2) agus (5), agus léiríonn sí an tréimhse chorrlaigh sin sa ríomh ar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
(ii)
léirítear gach ceann de na gnéithe is infheidhme den chomhaontú corrlaigh, lena n-áirítear minicíocht na nglaonna ar chorrlaigh, an cineál comhthaobhachta incháilithe faoin gconradh, na méideanna tairsí, na híosmhéideanna aistrithe, na méideanna neamhspleácha agus na corrlaigh thosaigh maidir leis an institiúid agus an contrapháirtí araon go hiomchuí sa ríomh ar an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
(iii)
bhunaigh an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht uile a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh comhartha deimhneach ag CVA agus ríomhfar é mar fheidhm de chaillteanas ionchais i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, tacar iomchuí de dhóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí ag pointí ama sa todhchaí agus tacar iomchuí neamhchosaintí todhchaíocha lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin ag pointí ama sa todhchaí go dtí aibíocht an idirbhirt is faide sa phunann sin. Chun críocha an léirithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ní athróidh an chomhthaobhacht a fhaightear ón gcontrapháirtí sinsearacht na neamhchosanta. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f)(iii), den mhír seo, i gcás ina bhfuil aonad bainistíochta comhthaobhachta bunaithe ag an institiúid cheana féin chun modh na samhla inmheánaí dá dtagraítear in Airteagal 283 a úsáid, ní cheanglófar ar an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta breise a bhunú i gcás ina léiríonn an institiúid sin dá húdarás inniúil go gcomhlíonann an t-aonad sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|