+6.2 Bíodh do struchtúr ar eolas agat
---+65. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith ar an eolas faoi agus tuiscint iomlán a bheith …
---+66. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as straitéisí agus beartais fhónta a …
---+67. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta struchtúr an ghnólachta infheistíochta, a éabhlóid agus …
---+68. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais tuiscint a bheith …
---+69. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go …

6.2 Bíodh do struchtúr ar eolas agat

6.2 Bíodh do struchtúr ar eolas agat

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
65. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith ar an eolas faoi agus tuiscint iomlán a bheith …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith ar an eolas faoi agus tuiscint iomlán a bheith aige ar struchtúr dlíthiúil, eagrúcháin agus oibríochtúil an ghnólachta infheistíochta (‘bíodh do struchtúr ar eolas agat’) agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil sé i gcomhréir lena straitéis ghnó agus riosca agus lena inghlacthacht riosca agus cumhdaithe faoina chreat bainistíochta riosca

66. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as straitéisí agus beartais fhónta a …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as straitéisí agus beartais fhónta a fhormheas chun struchtúir nua a bhunú. I gcás ina gcruthaíonn gnólacht infheistíochta a lán eintiteas dlíthiúil laistigh dá ghrúpa, níor cheart do líon na n-eintiteas sin agus, go háirithe, líon na n-idirnasc agus na n-idirbheart eatarthu, dúshláin a chruthú do dhearadh a rialachais inmheánaigh, ná do bhainistiú ná do mhaoirseacht éifeachtach rioscaí an ghrúpa ina iomláine. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil struchtúr an ghnólachta infheistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, struchtúr na struchtúr laistigh de ghrúpa, agus na critéir a shonraítear i Roinn 7 á gcur san áireamh, soiléir, éifeachtúil agus trédhearcach d’fhoireann an ghnólachta infheistíochta, do scairshealbhóirí an ghnólachta infheistíochta agus do gheallsealbhóirí eile agus don údarás inniúil.

67. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta struchtúr an ghnólachta infheistíochta, a éabhlóid agus …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta struchtúr an ghnólachta infheistíochta, a éabhlóid agus na teorainneacha a ghabhann leis a threorú agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil bonn cirt leis an struchtúr agus go bhfuil sé éifeachtúil agus nach mbaineann castacht mhíchuí nó mhí-oiriúnach leis.

68. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais tuiscint a bheith …

Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais tuiscint a bheith aige ní hamháin ar struchtúr dlíthiúil, eagrúcháin agus oibríochtúil an ghrúpa, ach ba cheart go mbeidh tuiscint aige freisin ar chuspóir agus ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas difriúil agus ar na naisc agus caidrimh atá eatarthu. Áirítear anseo na rioscaí oibriúcháin grúpashonracha agus na neamhchosaintí idirghrúpa a thuiscint mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar chistiú, caipiteal, leachtacht agus próifílí riosca an ghrúpa i ngnáthchúinsí agus i gcúinsí díobhálacha. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil an máthairghnóthas infheistíochta in ann faisnéis faoin ngrúpa a tháirgeadh go tráthúil maidir le cineál, saintréithe, cairt eagrúcháin, struchtúr úinéireachta agus gnóthaí gach eintitis dhlíthiúil, agus go gcomhlíonfaidh na gnólachtaí infheistíochta laistigh den ghrúpa na ceanglais tuairiscithe maoirseachta ar bhonn aonair agus comhdhlúite.

69. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go …

Ba cheart do chomhlacht bainistíochta máthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go bhfaighidh na grúpeintitis éagsúla (lena n-áirítear an máthairghnóthas de chuid an Aontais féin) dóthain faisnéise ionas go mbeidh tuiscint shoiléir acu ar chuspóirí ginearálta, straitéisí agus próifíl riosca an ghrúpa agus ar an gcaoi a bhfuil an grúpeintiteas lena mbaineann leabaithe i struchtúr agus i bhfeidhmiú oibríochtúil an ghrúpa. Ba cheart faisnéis den sórt sin

  • – agus aon athbhreithnithe uirthi – a dhoiciméadú agus a chur ar fáil do na feidhmeanna ábhartha lena mbaineann, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, línte gnó agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh. Ba cheart do chomhaltaí chomhlacht bainistíochta máthairchuideachta de chuid an Aontais iad féin a choinneáil ar an eolas faoi na rioscaí is cúis le struchtúr an ghrúpa, agus na critéir a shonraítear i Roinn 7 de na treoirlínte a chur san áireamh. Áirítear ann an méid seo a leanas a fháil:
  • a. faisnéis faoi thionscnóirí riosca suntasacha;
  • b. tuarascálacha rialta ina ndéantar measúnú ar struchtúr foriomlán an ghnólachta infheistíochta agus ina ndéantar meastóireacht ar chomhlíonadh ghníomhaíochtaí eintiteas aonair leis an straitéis ghrúpa fhormheasta; agus
  • c. tuarascálacha rialta maidir le hábhair ina gceanglaíonn an creat rialála comhlíonadh ag leibhéal aonair agus ag leibhéal comhdhlúite.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/