+89. Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh i gcultúr riosca láidir, ach ní gá go …

89. Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh i gcultúr riosca láidir, ach ní gá go …

Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh i gcultúr riosca láidir, ach ní gá go mbeidís teoranta dóibh:

  • a. Teachtaireacht ón mbainistíocht shinsearach: ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as luachanna agus ionchais bhunúsacha an ghnólachta infheistíochta a shocrú agus a chur in iúl. Ba cheart go léireofaí iompar a chomhaltaí sna luachanna sin. Ba cheart do lucht bainistíochta gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear sealbhóirí eochairfheidhme, cabhrú le heolas a roinnt go hinmheánach i measc na foirne faoi luachanna agus ionchais bhunúsacha. Ba cheart don fhoireann gníomhú i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin uile is infheidhme agus an neamhchomhlíonadh a breathnaíodh a ghéarú go pras laistigh den ghnólacht infheistíochta nó lasmuigh de (e.g. don údarás inniúil trí phróiseas sceithireachta). Ba cheart don chomhlacht bainistíochta, ar bhonn leanúnach, cultúr riosca an ghnólachta infheistíochta a chur chun cinn, faireachán agus measúnú a dhéanamh air, tionchar an chultúir riosca ar chobhsaíocht airgeadais, próifíl riosca agus rialachas láidir an ghnólachta infheistíochta a mheasúnú agus athruithe a dhéanamh nuair is gá.
  • b. Cuntasacht: ba cheart go mbeadh luachanna bunúsacha an ghnólachta infheistíochta ar eolas acu agus go mbeadh tuiscint acu ar luachanna bunúsacha an ghnólachta infheistíochta agus, a mhéid is gá dá ról, a inghlacthacht riosca agus acmhainn riosca. Ba cheart go mbeidís in ann a róil a chur i gcrích agus a thuiscint go mbeidh siad cuntasach as a ngníomhaíochtaí maidir le hiompar dhul i riosca an ghnólachta infheistíochta.
  • c. Cumarsáid éifeachtach agus dúshlán: ba cheart go dtacódh cultúr riosca fónta le timpeallacht de chumarsáid oscailte agus dúshlán éifeachtach a chur chun cinn ina spreagtar raon leathan tuairimí le próisis chinnteoireachta, ina bhféadfar tástáil a dhéanamh ar chleachtais reatha, ina spreagfar dearcadh criticiúil cuiditheach i measc na foirne agus ina gcuirfear timpeallacht rannpháirtíochta oscailte agus cuidithíchun cinn ar fud na heagraíochta ar fad.
  • d. Dreasachtaí: ba cheart go mbeadh ról lárnach ag dreasachtaí iomchuí in iompraíocht dul i riosca a ailíniú le próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus lena leas fadtéarmach19 .

19 Féach freisin treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi Threoir (AE) 2034/2019

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/