+hIarscríbhinn I
---+36. Chun baill foirne a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn II, ba …

hIarscríbhinn I

hIarscríbhinn I

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
36. Chun baill foirne a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn II, ba …

Chun baill foirne a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn II, ba cheart do ghnólachtaí breithniú a dhéanamh ar na sonraíochtaí i mír 18 agus i mír 19, a socruithe eagraithe inmheánacha agus an méid seo a leanas:

  • a. “Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear baill de chomhlacht bainistíochta fochuideachtaí sa chás go gcuireann máthairghnólacht infheistíochta an Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha an Aontais sonraí ar fáil maidir le grúpa gnólachta infheistíochta, a thuairisciú, de réir mar is infheidhme, faoin gcolún dar teideal “comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta” nó “comhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta” neamhspleách ar shamhail ghnó an ghnólachta.
  • b. Ba cheart go n-áireofaí i “déileáil ar a chuntas féin, frithghealladh agus ionstraimí a chur” na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (3), pointe (6) agus pointe (7) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir (AE) 2014/654 .
  • c. Ba cheart go n-áireofaí i “comhairle infheistíochta, ordú a fhorghníomhú” na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (1), pointe (2) agus pointe (5) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir (AE) 2014/65.
  • d. Ba cheart go n-áireofaí i “bainistiú punainne” na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (4) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir (AE) 2014/65 agus bainistiú punann i bhfochuideachtaí an ghnólachta infheistíochta ar gnóthais iad le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha.
  • e. Ba cheart go n-áireofaí i “oibríocht MTF/OTF” na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (8) agus pointe (9) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir (AE) 2014/65.
  • f. Níor cheart go n-áireofaí i “feidhmeanna rialaithe neamhspleácha” ach baill foirne a bhfuil ról gníomhach acu sna feidhmeanna bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh neamhspleácha i Roinn 17 de Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir (AE) 2019/2034.
  • g. Ba cheart go n-áireofaí i “gach duine eile de lucht ardioncaim” baill de lucht ardioncaim nach féidir iad a leithdháileadh ar cheann de na feidhmeanna nó limistéir ghnó faoi (a) go (f).

4 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/