+7. Sonraí á gcomh-iomlánú ag údaráis inniúla
---+44. Ba cheart go mbeadh próisis agus rialuithe iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí agus ag údaráis …
---+45. Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla iomláine agus sochreidteacht na sonraí maidir …
---+46. Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil suim fhoshuíomhanna an …
---+47. I gcomhréir leis na híoscheanglais is infheidhme faoi Threoir (AE) 2013/36/AE agus Treoir (AE) …
---+48. Maidir le hinstitiúidí, ba cheart go mbeadh an cóimheas idir an luach saothair athraitheach …
---+49. Nuair a bhíonn iomláine shonraí lucht ardioncaim á seiceáil, ba cheart do na húdaráis inniúla …
---+50. Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha sochreidteachta a dhéanamh chun a dheimhniú go …
---+51. Sa chás gurb bhfuil údaráis inniúla ar an eolas faoi fhorbairtí a bhí mar bhonn leis an líon …
---+52. I ndáil le sonraí curtha ar fáil ina léirítear saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint …
---+53. Ba cheart do na húdaráis inniúla sonraí ceartaithe nó mínithe a sholáthar le haghaidh aon …
---+54. Nuair a bhíonn na sonraí maidir le lucht ardioncaim á gcur ar fáil don ÚBE i gcomhréir leis na …
|
7. Sonraí á gcomh-iomlánú ag údaráis inniúla
7. Sonraí á gcomh-iomlánú ag údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
44. Ba cheart go mbeadh próisis agus rialuithe iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí agus ag údaráis …
|
Ba cheart go mbeadh próisis agus rialuithe iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí agus ag údaráis inniúla chun a áirithiú go ndéantar sonraí lucht ardioncaim a chomh-iomlánú agus a sholáthar i gceart.
|
|
45. Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla iomláine agus sochreidteacht na sonraí maidir …
|
Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla iomláine agus sochreidteacht na sonraí maidir le lucht ardioncaim a chuirtear ar fáil a sheiceáil, agus na rialacha bailíochtaithe atá sonraithe in Iarscríbhinn III a chur san áireamh. Ba cheart d’údaráis inniúla na seiceálacha sin a chur i bhfeidhm i ndáil leis na sonraí comh-iomlánaithe atá le cur faoi bhráid an ÚBE freisin.
|
|
46. Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil suim fhoshuíomhanna an …
|
Ba cheart do ghnólachtaí agus d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil suim fhoshuíomhanna an luacha saothair inathraithe agus an luacha saothair sheasta cothrom leis an bhfigiúr iomlán agus go bhfuil meánluach saothair iomlán na foirne comhsheasmhach leis an réim íocaíochta a roghnaíodh.
|
|
47. I gcomhréir leis na híoscheanglais is infheidhme faoi Threoir (AE) 2013/36/AE agus Treoir (AE) …
|
I gcomhréir leis na híoscheanglais is infheidhme faoi Threoir (AE) 2013/36/AE agus Treoir (AE) 2019/2034, ba cheart go mbeadh sonraí lucht ardioncaim maidir le socruithe iarchurtha agus an aisíocaíocht in ionstraimí sochreidte, i ndiaidh asbhaint na méideanna dáfa ar lucht ardioncaim, ar baill foirne iad a bhaineann tairbhe as maoluithe agus daoine de lucht ardioncaim nach bhfuil sainaitheanta mar bhaill foirne.
|
|
48. Maidir le hinstitiúidí, ba cheart go mbeadh an cóimheas idir an luach saothair athraitheach …
|
Maidir le hinstitiúidí, ba cheart go mbeadh an cóimheas idir an luach saothair athraitheach agus an luach saothair sheasta do lucht ardioncaim atá sainaitheanta mar bhaill foirne faoi bhun 100% (200% le formheas na scairshealbhóirí), tar éis na méideanna a dhámhtar mar scaoilíocaíocht nó mar luach saothair inathraithe ráthaithe a asbhaint, ar méideanna iad nár cuireadh san áireamh nuair a bhí an cóimheas agus na méideanna a dámhadh ar lucht ardioncaim laistigh de ghnólachtaí a chuireann creat sonrach luacha saothair i bhfeidhm.
|
|
49. Nuair a bhíonn iomláine shonraí lucht ardioncaim á seiceáil, ba cheart do na húdaráis inniúla …
|
Nuair a bhíonn iomláine shonraí lucht ardioncaim á seiceáil, ba cheart do na húdaráis inniúla cuntas a dhéanamh de, go háirithe, méid agus líon bhaill foirne na ngnólachtaí agus líon na ndaoine de lucht ardioncaim a cuireadh ar fáil roimhe seo.
|
|
50. Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha sochreidteachta a dhéanamh chun a dheimhniú go …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha sochreidteachta a dhéanamh chun a dheimhniú go bhfuil gnólachtaí nach mór dóibh sonraí maidir le lucht ardioncaim a sholáthar tar éis na sonraí sin a sholáthar i gcomhréir leis na Treoirlínte seo. Go háirithe, sa chás nach bhfaigheann údaráis inniúla sonraí maidir le lucht ardioncaim ó ghnólachtaí a chuir sonraí den sórt sin ar fáil roimhe sin, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis na gnólachtaí lena dheimhniú nach raibh aon lucht ardioncaim le tuairisciú. Ba cheart d’údaráis inniúla obair leantach a dhéanamh freisin maidir le hathruithe ábhartha ar an líon daoine de lucht ardioncaim tuairiscithe.
|
|
51. Sa chás gurb bhfuil údaráis inniúla ar an eolas faoi fhorbairtí a bhí mar bhonn leis an líon …
|
Sa chás gurb bhfuil údaráis inniúla ar an eolas faoi fhorbairtí a bhí mar bhonn leis an líon daoine de lucht ardioncaim a mhéadú nó a laghdú go hábhartha, ba cheart dóibh eolas maidir leis an mbunchúis a roinnt leis an ÚBE.
|
|
52. I ndáil le sonraí curtha ar fáil ina léirítear saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint …
|
I ndáil le sonraí curtha ar fáil ina léirítear saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cáilíocht sonraí, féadfaidh an ÚBE iarraidh ar údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí agus an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun iad a léirmhíniú i gceart.
|
|
53. Ba cheart do na húdaráis inniúla sonraí ceartaithe nó mínithe a sholáthar le haghaidh aon …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla sonraí ceartaithe nó mínithe a sholáthar le haghaidh aon sonraí nach bhfuil inchreidte a luaithe is féidir. Ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i ndlúthchomhar leis an ÚBE chun a áirithiú go bhfuil an tacar sonraí don anailís cobhsaí agus ar chaighdeán maith faoin 30 Meán Fómhair.
|
|
54. Nuair a bhíonn na sonraí maidir le lucht ardioncaim á gcur ar fáil don ÚBE i gcomhréir leis na …
|
Nuair a bhíonn na sonraí maidir le lucht ardioncaim á gcur ar fáil don ÚBE i gcomhréir leis na treoirlínte seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann siad EBA/DC/335 an 5 Meitheamh 2020 maidir le Bonneagar Láraithe na hEorpa do Shonraí Maoirseachta (EUCLID) (“Cinneadh EUCLID”)5 arna leasú agus go gcuireann siad aon sonraíochtaí teicniúla atá riachtanach le haghaidh comhlíonadh leanúnach le Cinneadh EUCLID ar fáil d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta.
5 https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/Risk%20Analysis%20and%20Data/ Reporting%20by%20Authorities/885459/Decision%20on%20the%20European%20Centralised%20Infrastructure%2 0of%20Data%20%28EUCLID%29.pdf
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|