+(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola
---+24. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3: '9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí …
---+25. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16: ‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir …
---+26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17: ‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe …
---+27. I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘9.18. Mar …
---+28. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24: ‘Custaiméirí a …
---+29. Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.
---+30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …

(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola

(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
24. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3: '9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí …

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3:

'9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí riosca agus na bearta seo a leanas a mheas in éineacht leo siúd a leagtar amach i dTeideal I de na Treoirlínte seo. Ba chóir do bhainc a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe rachmais tagairt a dhéanamh freisin do Threoirlíne earnála 12, seirbhísí tionscanta íocaíochta, nó ba chóir do sheirbhísí faisnéise cuntais tagairt a dhéanamh freisin do Threoirlíne earnála 18 agus ba chóir dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí criptea-shócmhainní tagairt a dhéanamh do Threoirlíne earnála 21.’

25. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16: ‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir …

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16:

‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir bainc ‘cuntas comhthiomsaithe/ollchuntas’ chun cistí nó criptea-shócmhainní ar le cliaint an chustaiméara féin iad a riar, ba chóir don bhanc bearta CDD iomlána a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear caitheamh le cliaint an chustaiméara mar úinéirí tairbhiúla na gcistí arna sealbhú sa chuntas comhthiomsaithe agus a gcéannachtaí a fhíorú.’

26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17: ‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe …

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17:

‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe ar a mheasúnú riosca ML/TF a rinneadh i gcomhréir leis na Treoirlínte seo, go bhfuil leibhéal ard riosca ML/TF a bhaineann leis an gcaidreamh gnó, ba chóir dó na bearta EDD a leagtar amach in Airteagal 18 de Threoir (AE) 2015/849 a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí.’

27. I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘9.18. Mar …

I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘9.18. Mar sin féin, a mhéid a cheadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta, i gcás, de réir mheasúnú riosca aonair ML/TF an chustaiméara, ina bhfuil an riosca a bhaineann leis an gcaidreamh gnó íseal, féadfaidh banc bearta simplithe díchill chuí (SDD) a chur i bhfeidhm, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:’

28. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24: ‘Custaiméirí a …

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24:

‘Custaiméirí a thairgeann seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní’

29. Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.

Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.

30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …

Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas:

‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh gnó le custaiméir ar soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní é, seachas CASP a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/11145 , d’fhéadfadh bainc a bheith neamhchosanta ar riosca méadaithe ML/TF. Féadfar an riosca a laghdú i gcásanna ina ndéantar an soláthraí sin a rialáil agus a mhaoirsiú faoi chreat rialála atá cosúil leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 nó i dTreoir (AE) 2015/849. Ba chóir do bhainc measúnú riosca ML/TF a dhéanamh ar na custaiméirí sin sula mbunóidh siad caidreamh gnó leo. Mar chuid de sin, ba chóir do bhainc breithniú a dhéanamh freisin ar an riosca ML/TF a bhaineann leis an gcineál sonrach criptea-shócmhainní a sholáthraíonn na soláthraithe sin nó a ndéanann na soláthraithe sin seirbhísiú orthu.’

‘9.21 Chun a áirithiú go maolófar leibhéal an riosca ML/TF a bhaineann le custaiméirí a dtugtar tuairisc orthu i dTreoirlíne 9.20, ba chóir do bhainc, mar chuid dá mbearta CDD, an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

  • a) dul i mbun idirphlé leis an gcustaiméir chun cineál an ghnó agus na rioscaí ML/TF a bhfuil sé neamhchosanta orthu a thuiscint;
  • b) chomh maith le céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara a fhíorú, dícheall cuí a dhéanamh ar an mbainistíocht shinsearach a mhéid atá siad éagsúil, lena n-áirítear aon fhaisnéis dhíobhálach a bhreithniú;
  • c) tuiscint a fháil ar a mhéid a chuireann na custaiméirí sin a mbearta CDD féin i bhfeidhm ar a gcliaint, cé acu faoi oibleagáid dhlíthiúil nó ar bhonn deonach;
  • d) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir cláraithe nó ceadúnaithe i mBallstát AE/LEE nó i dtír nach Ballstát den AE í, agus, i gcás tír nach Ballstát den AE í, tuairim a ghlacadh maidir le leordhóthanacht chóras rialála agus maoirseachta AML/CFT na tíre sin nach bhfuil san AE i gcomhréir le Treoirlíne 2.11;
  • e) cinneadh a dhéanamh an dtagann na seirbhísí a sholáthraíonn an custaiméir faoi raon feidhme chlárú nó cheadúnas an chustaiméara;
  • f) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir ag soláthar seirbhísí seachas seirbhísí a bhfuil sé cláraithe nó ceadúnaithe mar fhoras creidmheasa nó airgeadais ina leith;
  • g) i gcás ina mbaineann gnó an chustaiméara le criptea-shócmhainní a eisiúint chun cistí a thiomsú, amhail Tairiscintí Tosaigh Bonn, ba chóir do na bainc a chinneadh an ndéantar an gnó sin i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana agus, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil sé á rialáil chun críocha AML/CFT de réir caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta, amhail caighdeáin arna bhfoilsiú ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.’

5 Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/