+30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …
|
30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …
Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh gnó le custaiméir ar soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní é, seachas CASP a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/11145 , d’fhéadfadh bainc a bheith neamhchosanta ar riosca méadaithe ML/TF. Féadfar an riosca a laghdú i gcásanna ina ndéantar an soláthraí sin a rialáil agus a mhaoirsiú faoi chreat rialála atá cosúil leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 nó i dTreoir (AE) 2015/849. Ba chóir do bhainc measúnú riosca ML/TF a dhéanamh ar na custaiméirí sin sula mbunóidh siad caidreamh gnó leo. Mar chuid de sin, ba chóir do bhainc breithniú a dhéanamh freisin ar an riosca ML/TF a bhaineann leis an gcineál sonrach criptea-shócmhainní a sholáthraíonn na soláthraithe sin nó a ndéanann na soláthraithe sin seirbhísiú orthu.’ ‘9.21 Chun a áirithiú go maolófar leibhéal an riosca ML/TF a bhaineann le custaiméirí a dtugtar tuairisc orthu i dTreoirlíne 9.20, ba chóir do bhainc, mar chuid dá mbearta CDD, an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: - a) dul i mbun idirphlé leis an gcustaiméir chun cineál an ghnó agus na rioscaí ML/TF a bhfuil sé neamhchosanta orthu a thuiscint;
- b) chomh maith le céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara a fhíorú, dícheall cuí a dhéanamh ar an mbainistíocht shinsearach a mhéid atá siad éagsúil, lena n-áirítear aon fhaisnéis dhíobhálach a bhreithniú;
- c) tuiscint a fháil ar a mhéid a chuireann na custaiméirí sin a mbearta CDD féin i bhfeidhm ar a gcliaint, cé acu faoi oibleagáid dhlíthiúil nó ar bhonn deonach;
- d) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir cláraithe nó ceadúnaithe i mBallstát AE/LEE nó i dtír nach Ballstát den AE í, agus, i gcás tír nach Ballstát den AE í, tuairim a ghlacadh maidir le leordhóthanacht chóras rialála agus maoirseachta AML/CFT na tíre sin nach bhfuil san AE i gcomhréir le Treoirlíne 2.11;
- e) cinneadh a dhéanamh an dtagann na seirbhísí a sholáthraíonn an custaiméir faoi raon feidhme chlárú nó cheadúnas an chustaiméara;
- f) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir ag soláthar seirbhísí seachas seirbhísí a bhfuil sé cláraithe nó ceadúnaithe mar fhoras creidmheasa nó airgeadais ina leith;
- g) i gcás ina mbaineann gnó an chustaiméara le criptea-shócmhainní a eisiúint chun cistí a thiomsú, amhail Tairiscintí Tosaigh Bonn, ba chóir do na bainc a chinneadh an ndéantar an gnó sin i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana agus, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil sé á rialáil chun críocha AML/CFT de réir caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta, amhail caighdeáin arna bhfoilsiú ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.’
5 Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|