+16. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar …

16. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar …

Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar íocaíocht ar earraí nó ar sheirbhísí nuair a dhéantar an t-aistriú ó chustaiméir (ceannaitheoir) chuig ceannaí (díoltóir) mar mhalairt ar earraí a cheannach nó ar sheirbhísí a sholáthar. Chun a chinneadh an úsáidtear cárta, ionstraim nó feiste go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí, ba cheart do SSInna agus SSCSanna a bhunú go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

  • a) cé acu atá nó nach bhfuil feidhmiúlacht an chárta, na hionstraime nó na feiste a úsáidtear teoranta chun íoc as earraí nó seirbhísí;
  • b) an sanntar cód catagóirithe ceannaí do chustaiméirí, lena n áirítear Cód Catagóire Ceannaí (MCC) scéimeanna cártaí íocaíochta, a úsáidtear chun an cineál earraí nó seirbhísí a dhíoltar a chatagóiriú; ‑
  • c) cibé acu an bhfuil an custaiméir ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ghairmiúil, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, trí úsáid a bhaint as faisnéis arna bailiú chun críocha Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, má tá sí ar fáil, nó as faisnéis atá inrochtana trí sholáthraithe tríú páirtí nó i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí; agus
  • d) le hanailís SSI nó SSCS ar threochtaí agus iompraíochtaí, lena n áirítear stair agus patrúin aistrithe, is féidir leis a chinneadh an ndéanann an t-íocóir agus an tionscnóir íocaíochtaí as earraí nó seirbhísí, nó an bhfaigheann an t-íocaí ‑ agus an tairbhí

íocaíochtaí as earraí nó seirbhísí.

4.2.2. Aistrithe nasctha i ndáil leis an tairseach EUR 1 000 dá dtagraítear in Airteagail 2(5), pointe (c), 5(2), 6(2) agus 7(3) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/