+4.5. Faisnéis atá in easnamh a bhrath i gcomhréir le hAirteagail 7, 11, 16 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113
---+42. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sna nósanna imeachta dá dtagraítear in …
---+43. Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil lena gcórais …
---+44. I gcás nach gcomhlíonann córas teachtaireachtaí nó córas íocaíochta agus socraíochta SSI nó …
---+45. Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina …
---+46. Ba cheart do SSInna íocaithe, SSIInna, SSCSanna an tairbhí nó SSCSInna a leagan amach ina …
---+47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …
---+48. Agus breithniú á dhéanamh ar cé acu a ardaíonn nó nach n ardaíonn aistriú amhras, ba cheart do …
---+49. Ba cheart do SSI an íocaí, SSCS an tairbhí, SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis amhail …
---+50. Ba cheart do SSI an íocaí, do SSCS an tairbhí, do SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis …
---+51. I gcás ina n úsáideann SSInna, SSCSanna, SSIInna agus SSCSInna liosta téarmaí a mheastar go …

4.5. Faisnéis atá in easnamh a bhrath i gcomhréir le hAirteagail 7, 11, 16 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113

4.5.1. Nósanna imeachta chun faisnéis atá ar iarraidh a bhrath i gcomhréir le hAirteagail 7, 11, 16 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
42. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sna nósanna imeachta dá dtagraítear in …

Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 7 11, 16 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113:

  • a) na céimeanna chun faisnéis atá ar iarraidh, neamhiomlán agus gan bhrí nó carachtair nó ionchuir neamh-inghlactha a bhrath;
  • b) meascán de chleachtais faireacháin le linn an aistrithe agus ina dhiaidh i gcomhréir leis an leibhéal riosca ML/TF ar a bhfuil na haistrithe neamhchosanta, arna chinneadh i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF; agus
  • c) na critéir a chuidíonn le SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna tosca méadaithe riosca a shainaithint, mar a thuairiscítear i mír 52. 4.5.2. Carachtair inghlactha nó seiceálacha ionchuir ar aistrithe cistí i gcomhréir le hAirteagail 7(1) agus 11(1) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí

43. Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil lena gcórais …

Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil lena gcórais teachtaireachtaí nó íocaíochta agus socraíochta:

  • a) go dtuigeann siad rialacha bailíochtaithe an chórais;
  • b) go bhfuil na réimsí uile is gá sa chóras chun an fhaisnéis a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2023/1113 a fháil, mar a shonraítear i gCuid 4.4.;
  • c) go gcuireann an córas cosc ar aistrithe a sheoladh nó a fháil i gcás ina mbraitear carachtair nó ionchuir neamh-inghlactha; agus
  • d) go dtugann an córas chun suntais aon aistrithe diúltaithe le haghaidh athbhreithniú agus próiseáil de láimh.
44. I gcás nach gcomhlíonann córas teachtaireachtaí nó córas íocaíochta agus socraíochta SSI nó …

I gcás nach gcomhlíonann córas teachtaireachtaí nó córas íocaíochta agus socraíochta SSI nó SSII na critéir go léir a leagtar amach i mír 43, ba cheart do SSI nó SSII rialuithe a chur i bhfeidhm chun na heasnaimh a mhaolú.

45. Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina …

Ba cheart do SSInna agus SSIInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta:

  • a) conas a bhraithfidh siad an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta líonta isteach le carachtair nó le hionchuir a chomhlíonann coinbhinsiúin an chórais sin; agus
  • b) na céimeanna a ghlacfaidh siad i gcás nach bhfuil na carachtair nó na hionchuir i gcomhréir le gnásanna an chórais sin.

4.5.3. Faireachán ar aistrithe i gcomhréir le hAirteagail 7(2), 11(2), 16(1) agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

46. Ba cheart do SSInna íocaithe, SSIInna, SSCSanna an tairbhí nó SSCSInna a leagan amach ina …

Ba cheart do SSInna íocaithe, SSIInna, SSCSanna an tairbhí nó SSCSInna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas a chinnfidh siad cé na haistrithe a ndéanfar faireachán orthu le linn an aistrithe nó ina dhiaidh i gcomhréir le hAirteagail 7(2), 11(2), 16 (1) agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna an méid seo a leanas ar a laghad a leagan amach:

  • a) na fachtóirí riosca a chuirfidh siad san áireamh sa mheasúnú seo; agus
  • b) na fachtóirí méadaithe riosca, nó meascán d’fhachtóirí méadaithe riosca, a spreagfaidh faireachán i gcónaí le linn an aistrithe, agus a spreagfaidh athbhreithniú spriocdhírithe tar éis an t-aistriú a bheith déanta.
47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …

Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe orthu sin a leagtar amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF, chomh maith le fachtóirí riosca ábhartha óna measúnú riosca uile-ghnó, agus an measúnú riosca earnála nó náisiúnta a mhéid atá sé sin ar fáil. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad sna fachtóirí riosca:

  • a) aistrithe a sháraíonn tairseach luacha réamhshainithe agus meánluach na n aistrithe a phróiseálann siad go rialta agus cad is aistriú neamhghnách mór ann á gcur san áireamh, bunaithe ar a samhail ghnó ar leith; ‑
  • b) aistrithe, i gcás ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí lonnaithe i dtíortha nó i gcríocha atá faoi réir bearta sriantacha lena n áirítear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, nó i dtíortha nó i gcríocha lena mbaineann ardriosca go dtiocfar timpeall ar bhearta sriantacha nó smachtbhannaí ‑ airgeadais spriocdhírithe;
  • c) aistrithe ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí bunaithe i dtír a bhfuil ardriosca ML/TF ag baint léi, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
  • i) tíortha ‑ a shainaithin an Coimisiún Eorpach mar thíortha ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849; agus
  • ii) tíortha a bhfuil ceanglais AML/CFT acu, ar bhonn foinsí inchreidte amhail meastóireachtaí, meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, ar ceanglais iad nach bhfuil comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849 ná le Moltaí FATF agus tíortha nár chuir na ceanglais sin chun feidhme go héifeachtach;
  • d) aistrithe i gcás ina bhfuil SSI an íocóra, SSCS an tionscnóra, SSII, SSII, SSI an íocaí nó SSCS an tairbhí lonnaithe i dtír nár chuir chun feidhme go fóill, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, an oibleagáid faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a fháil, a choinneáil agus a tharchur agus ríomhaistrithe agus aistrithe sócmhainní fíorúla á ndéanamh;
  • e) aistrithe le heintitis atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córais cheadúnúcháin aici nó nach rialaíonn gníomhaíocht SSI i gcás aistrithe cistí agus gníomhaíochtaí SSCS i gcás aistrithe cripteashócmhainní;
  • f) aistrithe le seoltaí féinóstáilte;
  • g) aistrithe ó chuntais, seoltaí nó tiachóga, nó chuig cuntais, seoltaí nó tiachóga, arb eol go bhfuil siad nasctha le gníomhaíocht amhrasach;
  • h) taifead diúltach comhlíontachta AML/CFT ar SSI, SSII, SSCS nó SSCSI roimhe seo sa slabhra aistrithe, bunaithe ar fhaisnéis phoiblí;
  • i) aistrithe ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a shainaithnítear arís agus arís eile mar theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar gan cúis chuí, nó ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI arbh eol roimhe seo gur theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar roinnt uaireanta gan cúis mhaith, fiú murar theip orthu arís agus arís eile é sin a dhéanamh;
  • j) teicnící eile a úsáid chun srathú idirbheart a dhéanamh lena gcuirtear bac ar rianú cripteashócmhainní tríd an gconair ar ais chuig an tionscnóir a cheilt, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ‑
  • i) cistí agus cripteashócmhainní a fuarthas agus a aistríodh tuilleadh go tapa, agus ar an gcaoi sin an slabhra aistrithe a leathnú go saorga;
  • ii) teicnící, táirgí nó seirbhísí a fheabhsaíonn anaithnideacht, lena n áirítear meascthóirí nó rothlóirí, anaithnideoirí Prótacail Idirlín (IP) agus seoltaí faoi choim, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. ‑
48. Agus breithniú á dhéanamh ar cé acu a ardaíonn nó nach n ardaíonn aistriú amhras, ba cheart do …

Agus breithniú á dhéanamh ar cé acu a ardaíonn nó nach n ardaíonn aistriú amhras, ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna nó SSCSInna dearcadh iomlánaíoch a ghlacadh ar na tosca riosca

ML/TF uile a bhaineann leis an aistriú agus a mheas nach n as faisnéis atá in easnamh nó neamh-inghlactha per se.‑ eascraíonn amhras maidir le ML/TF ‑

4.5.4. Seiceálacha faisnéise atá in easnamh i gcomhréir le hAirteagail 7(2), 11(2), 16 (1) agus 20 de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

49. Ba cheart do SSI an íocaí, SSCS an tairbhí, SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis amhail …

Ba cheart do SSI an íocaí, SSCS an tairbhí, SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis amhail is go bhfuil sí ar iarraidh má fhágtar na réimsí folamh, nó má tá an fhaisnéis a sholáthraítear gan bhrí nó neamhiomlán.

50. Ba cheart do SSI an íocaí, do SSCS an tairbhí, do SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis …

Ba cheart do SSI an íocaí, do SSCS an tairbhí, do SSII agus SSCSI caitheamh leis an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad mar fhaisnéis gan bhrí:

  • a) teaghráin de charachtair randamacha nó neamhloighciúla (amhail ‘xxxxx’, nó ‘ABCDEFG’);
  • b) teidil (amhail ‘an Dr’ nó ‘Bean’) a úsáid gan ainm an duine;
  • c) ainmniúcháin eile atá neamhleanúnach nó thuigthe (amhail ‘An Other’, or ‘My Customer’).
51. I gcás ina n úsáideann SSInna, SSCSanna, SSIInna agus SSCSInna liosta téarmaí a mheastar go …

I gcás ina n úsáideann SSInna, SSCSanna, SSIInna agus SSCSInna liosta téarmaí a mheastar go coitianta a bheith gan bhrí, ba cheart dóibh athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an liosta ‑ sin chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/