+47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …

47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …

Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe orthu sin a leagtar amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF, chomh maith le fachtóirí riosca ábhartha óna measúnú riosca uile-ghnó, agus an measúnú riosca earnála nó náisiúnta a mhéid atá sé sin ar fáil. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad sna fachtóirí riosca:

  • a) aistrithe a sháraíonn tairseach luacha réamhshainithe agus meánluach na n aistrithe a phróiseálann siad go rialta agus cad is aistriú neamhghnách mór ann á gcur san áireamh, bunaithe ar a samhail ghnó ar leith; ‑
  • b) aistrithe, i gcás ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí lonnaithe i dtíortha nó i gcríocha atá faoi réir bearta sriantacha lena n áirítear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, nó i dtíortha nó i gcríocha lena mbaineann ardriosca go dtiocfar timpeall ar bhearta sriantacha nó smachtbhannaí ‑ airgeadais spriocdhírithe;
  • c) aistrithe ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí bunaithe i dtír a bhfuil ardriosca ML/TF ag baint léi, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
  • i) tíortha ‑ a shainaithin an Coimisiún Eorpach mar thíortha ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849; agus
  • ii) tíortha a bhfuil ceanglais AML/CFT acu, ar bhonn foinsí inchreidte amhail meastóireachtaí, meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, ar ceanglais iad nach bhfuil comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849 ná le Moltaí FATF agus tíortha nár chuir na ceanglais sin chun feidhme go héifeachtach;
  • d) aistrithe i gcás ina bhfuil SSI an íocóra, SSCS an tionscnóra, SSII, SSII, SSI an íocaí nó SSCS an tairbhí lonnaithe i dtír nár chuir chun feidhme go fóill, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, an oibleagáid faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a fháil, a choinneáil agus a tharchur agus ríomhaistrithe agus aistrithe sócmhainní fíorúla á ndéanamh;
  • e) aistrithe le heintitis atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córais cheadúnúcháin aici nó nach rialaíonn gníomhaíocht SSI i gcás aistrithe cistí agus gníomhaíochtaí SSCS i gcás aistrithe cripteashócmhainní;
  • f) aistrithe le seoltaí féinóstáilte;
  • g) aistrithe ó chuntais, seoltaí nó tiachóga, nó chuig cuntais, seoltaí nó tiachóga, arb eol go bhfuil siad nasctha le gníomhaíocht amhrasach;
  • h) taifead diúltach comhlíontachta AML/CFT ar SSI, SSII, SSCS nó SSCSI roimhe seo sa slabhra aistrithe, bunaithe ar fhaisnéis phoiblí;
  • i) aistrithe ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a shainaithnítear arís agus arís eile mar theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar gan cúis chuí, nó ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI arbh eol roimhe seo gur theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar roinnt uaireanta gan cúis mhaith, fiú murar theip orthu arís agus arís eile é sin a dhéanamh;
  • j) teicnící eile a úsáid chun srathú idirbheart a dhéanamh lena gcuirtear bac ar rianú cripteashócmhainní tríd an gconair ar ais chuig an tionscnóir a cheilt, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ‑
  • i) cistí agus cripteashócmhainní a fuarthas agus a aistríodh tuilleadh go tapa, agus ar an gcaoi sin an slabhra aistrithe a leathnú go saorga;
  • ii) teicnící, táirgí nó seirbhísí a fheabhsaíonn anaithnideacht, lena n áirítear meascthóirí nó rothlóirí, anaithnideoirí Prótacail Idirlín (IP) agus seoltaí faoi choim, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. ‑

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/