+Airteagal 37 Measúnú ar an anailís ar sháruithe
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4

Airteagal 37 Measúnú ar an anailís ar sháruithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1

1.   Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéanann nó nach ndéanann institiúid anailís mhionsonraithe ar na sáruithe uile dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun na cúiseanna atá leo a chinneadh.

Airteagal 37 2

2.   Chun críocha mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an institiúid nó nach ea:

(a)

sainaithníonn sí na punanna nó na deasca trádála ba chúis leis an sárú go príomha;

(b)

déanann sí anailís ar na difríochtaí idir na hathruithe hipitéiseacha agus na hathruithe iarbhír ar luach na punainne;

(c)

déanann sí anailís ar cé acu ba iad gluaiseachtaí margaidh, fachtóirí riosca nó paraiméadair ba chúis leis an sárú nó nárbh iad, agus cé na cinn de na nithe siúd ba chúis leis;

(d)

déanann sí anailís ar cé acu a chuir nó nár chuir aon saincheist samhaltaithe, nó fachtóirí riosca in easnamh, leis an sárú, agus soláthraíonn sí míniú ar cén chuid de na hathruithe ar luach na punainne is féidir a mhíniú leis an tsamhail agus cén chuid nach féidir;

(e)

déanann sí anailís ar cé acu a chuir nó nár chuir teipeanna próisis, lena n-áirítear suíomhanna nár gabhadh i gceart nó nuashonruithe sonraí in easnamh, leis an sárú nó cé acu ba iad na nithe sin ba chúis leis nó nárbh iad;

(f)

tugann sí tuairisc ar thorthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de thoradh phointí (a) go (e) le linn di fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi na sáruithe a d’eascair as a gclár cúltástála arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 37 3

3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla, i gcás ina sainaithnítear laige ábhartha nó míchruinneas sa tsamhail nó sna próisis leis an anailís dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid measúnú ar an laige nó ar an míchruinneas sin agus cé acu a fhorbraíonn nó nach bhforbraíonn sí plean go pras le haghaidh filleadh tráthúil ar chomhlíonadh na gceanglas cúltástála a bhfuil measúnú le déanamh orthu mar chuid de bhailíochtú tráthrialta na samhla.

Airteagal 37 4

4.   Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn an institiúid an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tuairiscítear aon sárú, lena n-áirítear sáruithe a bhaineann leis an gcúltástáil dá dtagraítear in Airteagal 325bf(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, don bhainistíocht shinsearach laistigh de 3 lá oibre ón dáta a shainaithnítear an sárú;

(b)

tuairiscítear na hanailísí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 don údarás inniúil agus don bhainistíocht shinsearach laistigh de 1 mhí ón dáta a tharla an sárú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.