|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir cholúin
|
Míniú
|
|
a - e
|
Déanfar tréimhsí nochta T, T-1, T-2, T-3 agus T-4 a shainmhíniú mar thréimhsí ráithiúla agus líonfar iad de réir na minicíochta a leagtar síos in Airteagal 433a, 433b agus 433c de CRR.
Soláthróidh institiúidí, a nochtfaidh an fhaisnéis atá sa teimpléad seo ar bhonn ráithiúil, sonraí do thréimhsí T, T-1, T-2, T-3 agus T-4; soláthróidh institiúidí, a nochtfaidh an fhaisnéis sa teimpléad sin ar bhonn leathbhliantúil, sonraí do thréimhsí T, T-2 agus T-4; agus soláthróidh institiúidí, a nochtfaidh an fhaisnéis atá sa teimpléad ar bhonn bliantúil, sonraí do thréimhsí T agus T-4.
Nochtfaidh institiúidí na dátaí a chomhfhreagraíonn do na tréimhsí nochta.
Ní gá sonraí a nochtadh le haghaidh tréimhsí roimhe seo nuair a nochtar sonraí den chéad uair.
|
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir an ró
|
Míniú
|
|
1
|
Caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Is é méid chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an tsuim a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 29 de theimpléid EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
2
|
Caipiteal Leibhéal 1
Is é suim Chaipiteal Leibhéal 1 an tsuim a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 45 de theimpléid EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
3
|
Caipiteal iomlán
Is é suim an chaipitil iomláin an tsuim a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 59 de theimpléad EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
4
|
Méid iomlán na risíochta ar phriacal
Is é méid iomlán na risíochta ar phriacal an tsuim a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 60 de theimpléad EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
5
|
Cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (%)
Is é cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an luach a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 61 de theimpléad EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
6
|
Cóimheas Leibhéal 1 (%)
Is é cóimheas caipitil Leibhéal 1 an luach a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 62 den teimpléad EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
7
|
Cóimheas caipitil iomlán (%)
Is é cóimheas caipitil iomlán an luach a nochtfaidh institiúidí in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 63 den teimpléad EU CC1 Comhdhéanamh na gcistí dílse rialála)
|
|
EU 7a
|
Ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas priacal na giarála iomarcaí (%)
Ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas priacal na giarála iomarcaí arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal.
|
|
EU 7b
|
ina bhfuil: Caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (pointí céatadáin)
An chuid de na ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas priacal na giarála iomarcaí arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, rud nach mór a chomhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 104a(4).
|
|
EU 7c
|
ina bhfuil: caipiteal Leibhéal 1 (pointí céatadáin)
An chuid de na ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas priacal na giarála iomarcaí arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, rud nach mór a chomhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1 i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 104a(4).
|
|
EU 7d
|
Ceanglais cistí dílse SREP iomlána (cóimheas TSRC) (%)
Suim na luachanna a cinneadh faoi phointí (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas caipitil iomlán (8 %) mar a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 92(1) de CRR;
(ii) ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas ar phriacal na giarála iomarcaí (Ceanglais Cholún 2 – P2R) arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD agus a chinntear i gcomhréir leis na critéir a shonraítear i dTreoirlínte EBA maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna um an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta agus meastóireachta agus tástáil struis maoirseachta (1) (“EBA SREP GL”), arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
Léireofar leis an ítim seo cóimheas ceanglas caipitil SREP iomlán (TSRC) mar a chuir an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é. Sainmhínítear TSRC i Roinn 1.2 EBA SREP GL.
I gcás nár chuir an t-údarás inniúil in iúl aon cheanglais cistí dílse breise arna bhforchur chun aghaidh a thabhairt ar phriacail eile seachas priacal na giarála iomarcaí, ní nochtfar ach pointe (i).
|
|
8
|
Caipiteal maolánach caomhantais (%)
Suim na gcistí dílse a cheanglaítear ar institiúidí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 128(1) agus le hAirteagal 129 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
|
|
EU 8a
|
Maolán caomhantais de bharr priacal macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit (%)
Méid an mhaoláin chaomhantais de bharr priacal macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal Ballstáit, suim is féidir a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 458 de CRR i dteannta caipiteal maolánach caomhantais, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
|
|
9
|
Maolán caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid (%)
Suim na gcistí dílse a cheanglaítear ar institiúidí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 128(2), le hAirteagal 130, agus le hAirteagal 135 go hAirteagal 140 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
Léireofar sa chéatadán sin suim na gcistí dílse is gá chun na ceanglais maoláin chaipitil faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta nochta.
|
|
EU 9a
|
Maolán maidir le priacal sistéamach (%)
Suim na gcistí dílse a cheanglaítear ar institiúidí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 128(5), le hAirteagal 133 agus le hAirteagal 134 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
Léireofar sa chéatadán sin suim na gcistí dílse is gá chun na ceanglais maoláin chaipitil faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta nochta.
|
|
10
|
Maolán na nInstitiúidí Domhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo (%)
Suim na gcistí dílse a cheanglaítear ar institiúidí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 128 (3) agus le hAirteagal 131 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
Léireofar sa chéatadán sin suim na gcistí dílse is gá chun na ceanglais maoláin chaipitil faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta nochta.
|
|
EU 10a
|
Maolán na nInstitiúidí Eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo (%)
Suim na gcistí dílse a cheanglaítear ar institiúidí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 128(4) agus le hAirteagal 131 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
Léireofar sa chéatadán sin suim na gcistí dílse is gá chun na ceanglais maoláin chaipitil faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta nochta.
|
|
11
|
Ceanglas maoláin chomhcheangailte (%)
I gcomhréir le pointe (6) d’Airteagal 128 de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de na RWEAnna iomlána.
|
|
EU 11a
|
Ceanglais chaipitil fhoriomlána (OCR) (%)
Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) an cóimheas TSRC dá dtagraítear i ró EU 7d;
(ii) a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 de CRD.
Léireoidh an ítim seo an cóimheas Ceanglas Caipitil Foriomlán (OCR) mar atá sainmhínithe i Roinn 1.2 EBA SREP GL.
I gcás nach bhfuil aon cheanglas maoláin infheidhme, ní nochtfar ach pointe (i).
|
|
12
|
Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ar fáil tar éis na ceanglais cistí dílse SREP iomlána (%) a chomhlíonadh
|
|
13
|
Tomhas iomlán na risíochta
Tomhas iomlán na risíochta i gcomhréir leis an méid arna nochtadh ag institiúidí in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 24 de theimpléad EU LR2 - LRCom: Nochtadh coiteann an chóimheasa giarála)
|
|
14
|
Cóimheas giarála (%)
Cóimheas giarála i gcomhréir leis an luach arna nochtadh ag institiúidí in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 25 de theimpléad EU LR2 - LRCom: Nochtadh coiteann an chóimheasa giarála)
|
|
EU 14a
|
Ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí (%)
Na ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de thomhas iomlán na risíochta.
Ceanglais cistí dílse breise i gcomhréir leis an luach arna nochtadh ag institiúidí in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró EU-26a de theimpléad EU LR2 - LRCom: Nochtadh coiteann an chóimheasa giarála).
|
|
EU 14b
|
ina bhfuil: Caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (pointí céatadáin)
An chuid de na ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, rud nach mór a chomhlíonadh le caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 104a(4).
Ceanglais cistí dílse breise i gcomhréir leis an luach arna nochtadh ag institiúidí in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró EU-26b de theimpléad EU LR2 - LRCom: Nochtadh coiteann an chóimheasa giarála).
|
|
EU 14c
|
Ceanglais iomlána an chóimheasa giarála SREP (%)
Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) an t-íoscheanglas cóimheasa giarála mar a shonraítear i bpointe (d) d’Airteagal 92(1) de CRR nó an ceanglas cóimheasa coigeartaithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429a(7) de CRR, mar is infheidhme;
(ii) na ceanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí (Ceanglais Cholún 2 – P2R) arna bhforchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) de CRD, arna shloinneadh mar chéatadán de thomhas iomlán na risíochta.
Léireofar leis an ítim seo ceanglas cóimheasa giarála SREP iomlán (TSLRR) mar a chuir an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é.
Murar fhorchuir an t-údarás inniúil aon cheanglais cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí, ní nochtfar ach pointe (i).
|
|
EU 14d
|
Ceanglas maoláin cóimheasa giarála (%)
Airteagal 92(1 a) de CRR
Maolán cóimheasa giarála is infheidhme i gcomhréir leis an luach arna nochtadh ag institiúidí in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo (ró 27 de theimpléad EU LR2 - LRCom: Nochtadh coiteann an chóimheasa giarála)
|
|
EU 14e
|
Ceanglas foriomlán cóimheasa giarála (%)
Suim ró EU 14c agus ró EU 14d
|
|
15
|
Iomlán sócmhainní leachtacha ardchaighdeáin (Luach ualaithe – meán)
Nochtfaidh institiúidí mar luach ualaithe na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (2) sula gcuirfear an sásra coigeartaithe a leagtar amach in Airteagal 17(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 i bhfeidhm.
|
|
EU 16 a
|
Eis-sreafaí airgid – Luach ualaithe iomlán
Nochtfaidh institiúidí suim luach ualaithe a n-eis-sreafaí airgid, mar a nochtar in Iarscríbhinn XIII (ró 16 de Theimpléad EU LIQ1 – Faisnéis chainníochtúil LCR).
|
|
EU 16b
|
Insreafaí airgid – Luach ualaithe iomlán
Nochtfaidh institiúidí suim luach ualaithe a n-insreafaí airgid, mar a nochtar in Iarscríbhinn XIII (ró 20 de Theimpléad EU LIQ1 – Faisnéis chainníochtúil LCR.
|
|
16
|
glan-eis-sreafaí iomlán airgid (Luach coigeartaithe)
Nochtfaidh institiúidí mar an luach coigeartaithe an glan-eis-sreabhadh leachtachta arbh ionann é agus eis-sreafaí iomlána lúide an laghdú i gcás insreafaí atá díolmhaithe go hiomlán lúide an laghdú i gcás insreafaí faoi réir na huasteorann 90 % lúide an laghdú i gcás insreafaí atá faoi réir na huasteorann 75 %.
|
|
17
|
Cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (%)
Nochtfaidh institiúidí mar luach coigeartaithe an céatadán den ítim “cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (%)” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
Beidh an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht comhionann le cóimheas maolán leachtachta institiúid creidmheasa dá glan-eis-sreafaí leachtachta thar thréimhse struis 30 lá féilire agus arna shloinneadh mar chéatadán.
|
|
18
|
Cistiú cobhsaí iomlán atá ar fáil
Nochtfaidh institiúidí méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal IV de Chuid a Sé de CRR, mar a nochtar in Iarscríbhinn XIII (ró 14 de Theimpléad EU LIQ2 – Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí).
|
|
19
|
Cistiú cobhsaí iomlán atá de dhíth
Nochtfaidh institiúidí méid an chistiúcháin chobhsaí atá de dhíth arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Sé de CRR, mar a nochtar in Iarscríbhinn XIII (ró 33 de Theimpléad EU LIQ2 – Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí).
|
|
20
|
Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí (%)
Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428b de CRR.
|
(1)
Treoirlíne EBA/GL/2018/03 ón Údarás Baincéireachta Eorpach an 19 Iúil 2018 maidir le comhnósanna imeachta a athbhreithníodh agus modheolaíochtaí le haghaidh an Phróisis um Athbhreithniú agus Meastóireacht Maoirseachta (SREP) agus maoirseacht tástála struis.
(2)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
|