+Airteagal 61 Dualgais na n-úsáideoirí sonraí sláinte
---+Airteagal 61 1
---+Airteagal 61 2
---+Airteagal 61 3
---+Airteagal 61 4
---+Airteagal 61 5
---+Airteagal 61 6

Airteagal 61 Dualgais na n-úsáideoirí sonraí sláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 61 1

1.   Ní fhéadfaidh úsáideoirí sonraí sláinte rochtain a fháil ar na sonraí leictreonacha sláinte ná iad a phróiseáil le haghaidh úsáid thánaisteach dá dtagraítear in Airteagal 51 ach amháin i gcomhréir le cead sonraí arna eisiúint de bhun Airteagal 68, le hiarraidh ar shonraí sláinte arna formheas de bhun Airteagal 69 nó, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal67(3), le formheas rochtana ón rannpháirtí údaraithe ábhartha in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75.

Airteagal 61 2

2.   Agus sonraí leictreonacha sláinte á bpróiseáil laistigh de na timpeallachtaí slána próiseála dá dtagraítear in Airteagal 73, ní dhéanfaidh úsáideoirí sonraí sláinte rochtain a thabhairt ar na sonraí leictreonacha sláinte, nó na sonraí sin a chur ar fáil, do thríú páirtithe nach luaitear sa chead sonraí.

Airteagal 61 3

3.   Ní dhéanfaidh úsáideoirí sonraí sláinte na daoine nádúrtha lena mbaineann na sonraí leictreonacha sláinte arna bhfáil ag na húsáideoirí sonraí sláinte ar bhonn cead sonraí, iarraidh ar shonraí nó cinneadh maidir le rochtain a fhormheas ag rannpháirtí údaraithe i SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) a ath-shainaithint ná ní dhéanfaidh siad iarracht iad a ath-shainaithint.

Airteagal 61 4

4.   Déanfaidh úsáideoirí sonraí sláinte torthaí nó aschur na húsáide tánaistí, lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha chun cúram sláinte a sholáthar, a chur ar fáil don phobal laistigh de 18 den phróiseáil ar shonraí leictreonacha sláinte sa timpeallacht shlán phróiseála a chur i gcrích nó den fhreagra ar an iarraidh ar shonraí sláinte dá dtagraítear in Airteagal 69 a fháil.

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis na críocha atá ceadaithe chun sonraí leictreonacha sláinte a phróiseáil, féadfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go háirithe i gcásanna ina bhfoilsítear an toradh in iris eolaíoch nó i bhfoilseachán eolaíoch eile.

Ní bheidh i dtorthaí nó aschur na húsáide tánaistí ach sonraí anaithnide.

Maidir leis na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte a bhfuarthas cead sonraí uathu, cuirfidh úsáideoirí sonraí sláinte ar an eolas iad faoi thorthaí nó aschur na húsáide tánaistí agus cabhróidh siad leo an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar shuíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte. Beidh foilsiú den sórt sin gan dochar do chearta foilseacháin in irisí eolaíocha nó i bhfoilseacháin eolaíocha eile.

Nuair a bhaineann úsáideoirí sonraí sláinte úsáid as sonraí leictreonacha sláinte i gcomhréir leis an gCaibidil seo, tabharfaidh siad aitheantas d’fhoinsí na sonraí leictreonacha sláinte agus admhóidh siad go bhfuarthas na sonraí leictreonacha sláinte i gcreat EHDS.

Airteagal 61 5

5.   Gan dochar do mhír 2, cuirfidh úsáideoirí sonraí sláinte an comhlacht rochtana sonraí sláinte ar an eolas faoi aon toradh suntasach a bhaineann le sláinte an duine nádúrtha a bhfuil a chuid sonraí ar áireamh sa tacar sonraí.

Airteagal 61 6

6.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí sláinte le comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus a gcúraimí á gcur i gcrích ag na comhlachtaí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.