+Airteagal 6 Sonraí bithmhonatóireachta daonna
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
---+Airteagal 6 8
---+Airteagal 6 9
---+Airteagal 6 10
---+Airteagal 6 11
---+Airteagal 6 12
---+Airteagal 6 13
|
Airteagal 6 Sonraí bithmhonatóireachta daonna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Na sonraí bithmhonatóireachta daonna arna nginiúint laistigh de chríoch bhalltíortha agus thíortha comhair EEA, déanfaidh EEA na sonraí sin a bhailiú. I gcás sonraí bithmhonatóireachta daonna saothair, comhoibreoidh EEA le ECHA.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Faoin 2 Eanáir 2029, aistreoidh an Coimisiún aon sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhfuil seilbh aige orthu chuig EEA.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Ní dhéanfaidh EEA sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;
|
|
(d)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(e)
|
tacú le measúnuithe riosca rialála agus bainistíocht riosca rialála;
|
|
(f)
|
tacú le ceapadh beartais agus le forbairt reachtaíochta;
|
|
(g)
|
próiseáil na sonraí bithmhonatóireachta daonna ag an gCoimisiún, ECHA, EFSA, EMA agus EU-OSHA a chumasú i gcomhréir le míreanna 4 go 8.
|
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Ní dhéanfaidh an Coimisiún sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;
|
|
(d)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(e)
|
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;
|
|
(f)
|
measúnú riosca rialála agus bainistíocht riosca rialála a dhéanamh;
|
|
(g)
|
tacú le ceapadh beartas agus le forbairt reachtaíochta, lena n-áirítear trí thaighde eolaíoch a dhéanamh chuige sin;
|
|
(h)
|
i gcomhthéacs staidéir faoin sásra um ghiniúint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus an staidéir bithmhonatóireachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 25.
|
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Ní dhéanfaidh ECHA sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;
|
|
(d)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(e)
|
measúnú riosca rialála agus bainistíocht riosca rialála a dhéanamh;
|
|
(f)
|
i gcomhthéacs staidéir faoin sásra um ghiniúint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus an staidéir bithmhonatóireachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 25;
|
|
(g)
|
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;
|
|
(h)
|
tacú le ceapadh beartas agus le forbairt reachtaíochta, lena n-áirítear trí thaighde eolaíoch a dhéanamh chuige sin;
|
|
(i)
|
próiseáil na sonraí bithmhonatóireachta daonna ag an gCoimisiún, EEA, EFSA, EMA agus EU-OSHA a chumasú i gcomhréir le míreanna 3, 4, 6 agus 7.
|
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Ní dhéanfaidh EFSA sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt;
|
|
(d)
|
i gcomhthéacs staidéir faoin sásra um ghiniúint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus an staidéir bithmhonatóireachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 25;
|
|
(e)
|
measúnú riosca rialála a dhéanamh agus tacú le bainistíocht riosca rialála;
|
|
(f)
|
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;
|
|
(g)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(h)
|
tacú le ceapadh beartas agus le forbairt reachtaíochta, lena n-áirítear trí thaighde eolaíoch a dhéanamh chuige sin.
|
|
|
Airteagal 6 7
|
7. Ní dhéanfaidh EMA sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
measúnú riosca rialála a dhéanamh agus tacú le bainistíocht riosca rialála;
|
|
(d)
|
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;
|
|
(e)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(f)
|
tacú le ceapadh beartas agus le forbairt reachtaíochta, lena n-áirítear trí thaighde eolaíoch a dhéanamh chuige sin.
|
|
|
Airteagal 6 8
|
8. Ní dhéanfaidh EU-OSHA sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar thionchar ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
faireachán a dhéanamh ar threochtaí ama agus spásúla maidir le nochtadh;
|
|
(c)
|
faireachán a dhéanamh ar thionchar na hidirghabhála rialála;
|
|
(d)
|
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála agus tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin;
|
|
(e)
|
tacú le measúnú riosca rialála agus bainistíocht riosca rialála;
|
|
(f)
|
tacú le ceapadh beartas agus le forbairt reachtaíochta, lena n-áirítear trí thaighde eolaíoch a dhéanamh chuige sin;
|
|
(g)
|
táscairí riosca agus tionchair sláinte a fhorbairt.
|
|
|
Airteagal 6 9
|
9. Aon phróiseáil a dhéanfaidh na Gníomhaireachtaí nó an Coimisiún ar shonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 3 go 8 den Airteagal seo, ní bheidh comhroinnt sonraí den sórt sin le tríú páirtithe i gceist léi seachas iad siúd de réir bhrí Airteagal 4, pointe (10) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 3, pointe (14) de Rialachán (AE) 2018/1725.
|
|
Airteagal 6 10
|
10. Déanfaidh EEA agus ECHA na sonraí bithmhonatóireachta daonna a bhfuil seilbh acu orthu nó a óstálann siad a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm anaithnidithe trí IPCHEM.
|
|
Airteagal 6 11
|
11. Feidhmeoidh na Gníomhaireachtaí agus an Coimisiún mar rialaitheoir sonraí do na sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a bhfuil seilbh acu orthu, a óstálann siad nó a phróiseálann siad chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 3 go 8.
|
|
Airteagal 6 12
|
12. Cinnfidh EEA agus ECHA an tréimhse stórála le haghaidh na sonraí bithmhonatóireachta daonna ar sonraí pearsanta iad a bhfuil seilbh acu orthu chomh maith leis na critéir a úsáidtear chun na críche sin, agus déanfaidh siad athbhreithniú ar an tréimhse sin agus ar na critéir sin.
|
|
Airteagal 6 13
|
13. Chun críocha an Airteagail seo, áirítear le sonraí bithmhonatóireachta daonna sonraí pearsanta arna mbailiú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2455
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|