|
+IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS MAIDIR LE GLANTAIGH INA bhFUIL MIOCRORGÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5 |
IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS MAIDIR LE GLANTAIGH INA bhFUIL MIOCRORGÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS MAIDIR LE GLANTAIGH INA bhFUIL MIOCRORGÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5 1. Gach miocrorgánach a chuirtear d’aon ghnó le glantaigh, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:
2. Ní bheidh na miocrorgánaigh phataigineacha a leanas in aon cheann de na foirmiúlachtaí miocróbacha a chuirtear d’aon ghnó le táirge críochnaithe, i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta:
3. Ní miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a bheidh i miocrorgánaigh a chuirtear isteach d’aon ghnó. 4. Miocrorgánaigh a chuirtear isteach d’aon ghnó, beidh siad, cé is moite de fhriotaíocht intreach, soghabhálach do gach ceann de na móraicmí antaibheathach, is é sin aimínigliocóisíd, macrailíd, béitealachtam, teitriciglín agus fluaracuineolón, i gcomhréir le modh idirleata dioscaí an Choiste Eorpaigh um Thástáil Soghabháltachta i leith Ábhar Frithmhiocróbach nó a choibhéiseach. 5. Nuair a chuirfear ar an margadh iad, beidh áireamh coilíneachtaí caighdeánach ag glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh a bheidh cothrom le nó níos mó ná 1x105 aonad déanta coilíneachta (CFUanna) in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta. 6. Ní bheidh seilfré íosta glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh níos giorra ná 18 mí agus beidh áireamh caighdeánach coilíneachtaí ag an nglantach atá cothrom le 1x104 CFUanna in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge ag deireadh na seilfré nó níos mó i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta. 7. Ní chuirfear glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh ar an margadh ach amháin má léirítear, bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis an modheolaíocht atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(6), go bhfuil siad sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol. 8. Tabharfaidh an monaróir bunús, trí bhíthin tástálacha iomchuí, le gach maíomh maidir le gníomhartha nó feidhmíocht na miocrorgánach a chuirtear d’aon ghnó leis an táirge. 9. Tá toirmeasc ar éileamh a dhéanamh nó a mhaíomh ar an lipéad nó trí aon chumarsáid eile go bhfuil éifeacht fhrithmhiocróbach nó dhíghalrúcháin ag an nglantach, mura gcomhlíonann an glantach Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. 10. Is iad a dhéanfaidh na tástálacha dá dtagraítear i bpointí 1, 2, 4, 5, 6 agus 8 saotharlanna a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh acu:
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|