+Airteagal 325g Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire
---+Airteagal 325g 1.
---+Airteagal 325g 2.
---+Airteagal 325g 3.
---+Airteagal 325g 4.
---+Airteagal 325g 5.
---+Airteagal 325g 6.
---+Airteagal 325g 7.

Airteagal 325g Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325g 1.
Déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2 maidir le fachtóirí riosca uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire, cé is moite de na fachtóirí riosca dá dtagraítear i mír 3.

Maidir le fachtóir riosca ar leith, déanfaidh institiúidí na ríomhanna sin ar bhonn glan thar shuíomhanna uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire a bhfuil an fachtóir riosca sin ann.

Airteagal 325g 2.
Maidir le fachtóir riosca k ar leith a áirítear in ionstraim amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí suíomh riosca cuaire aníos an fhachtóra riosca sin (image) agus glansuíomh riosca cuaire síos an fhachtóra riosca sin a ríomh (image) mar a leanas:

arna shloinneadh mar a leanas:

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear suíomhanna uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl agus lena n-áirítear fachtóir riosca k;

xk

=

luach reatha fhachtóir riosca k;

Vi xk

=

luach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar luach reatha fhachtóir riosca k;

image

=

lluach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú aníos ar luach fhachtóir riosca k;

image

=

lluach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú anuas ar luach fhachtóir riosca k;

image

=

lan t-ualú riosca is infheidhme maidir le fachtóir riosca k arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 6;

sik

=

íogaireacht deilte ionstraim i maidir le fachtóir riosca k, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325r.

Airteagal 325g 3.
De mhaolú ar mhír 2, maidir le cuar fachtóirí riosca a bhaineann le riosca ráta úis ginearálta (GIRR), riosca um raon difríochta creidmheasa (CSR) agus aicmí riosca tráchtearraí, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 6 ar leibhéal an chuair iomláin seachas ar leibhéal gach fachtóra riosca a bhaineann leis an gcuar.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar cuar d’fhachtóirí riosca é xk a leithdháiltear ar aicmí riosca GIRR, CSR agus ar aicmí tráchtearraí, is é a bheidh ann sik ná suim na n-íogaireachtaí deilte ar fhachtóir riosca an chuair thar aibíochtaí uile an chuair.

Airteagal 325g 4.
Chun ceanglas cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chinneadh, déanfaidh institiúidí na suíomhanna riosca cuaire aníos agus anuas, arna ríomh i gcomhréir le mír 2, a chomhiomlánú, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, maidir leis na fachtóirí riosca uile arna sannadh don bhuicéad sin i gcomhréir le FoRoinn 1 de Roinn 3:

arna shloinneadh mar a leanas:

b

=

an t-innéacs a sheasann do bhuicéad d’aicme riosca ar leith;

Kb

=

ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b;

image;

image;

image;

pkl

=

na comhghaolta laistigh de bhuicéad idir fachtóirí riosca k agus l mar a leagtar síos i Roinn 6;

k, l

=

na hinnéacsanna a sheasann d’fhachtóirí riosca uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a shanntar do bhuicéad b;

(image)

=

suíomh an ghlanriosca cuaire aníos;

(image)

=

suíomh an ghlanriosca cuaire anuas.

Airteagal 325g 5.
De mhaolú ar mhír 4, maidir leis na ceanglais cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid maidir le riosca cuaire bhuicéad 18 d’Airteagal 325ah, de bhuicéad 18 d’Airteagal 325ak, de bhuicéad 25 d’Airteagal 325am agus de bhuicéad 11 d’Airteagal 325ap, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas:
Airteagal 325g 6.
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse ó aicmí riosca i gcomhair riosca cuaire (RCCR) a ríomh trí na ceanglais cistí dílse uile ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chomhiomlánú mar a leanas:

arna shloinneadh mar a leanas:

b, c

=

na hinnéacsanna a sheasann do na buicéid uile d’aicme riosca ar leith a chomhfhreagraíonn do na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1;

Kb

=

ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b;

image;

image;

γbc

=

na comhghaolta idir buicéid, idir buicéid b agus c mar a leagtar amach i Roinn 6.

Airteagal 325g 7.
Is é a bheidh sa cheanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire ná suim na gceanglas cistí dílse d’aicme riosca i gcomhair riosca cuaire arna ríomh i gcomhréir le mír 6 thar gach aicme riosca lena mbaineann fachtóir riosca amháin ar a laghad de na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas