+149. Maidir le coinbhleachtaí leasa ar leibhéal na foirne, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla …
|
149. Maidir le coinbhleachtaí leasa ar leibhéal na foirne, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla …
Maidir le coinbhleachtaí leasa ar leibhéal na foirne, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go gcumhdaítear ar a laghad sa bheartas na cásanna a shamhlaítear i mír 109 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach47 , agus go samhlaítear ‘nósanna imeachta, bearta, ceanglais doiciméadaithe agus freagrachtaí as coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc, d’fhonn a n-ábharthacht a mheas agus as bearta maolaitheacha a ghlacadh’. 9.3.3 Sceithireacht, drochúsáid margaidh, rialachas táirgí, cosaint tomhaltóirí, láimhseáil gearán
47 Mír 111 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach foráiltear: ‘Ba cheart go gcumhdófaí sa bheartas na cásanna nó na caidrimh seo a leanas ar a laghad ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn: a. leasanna eacnamaíocha (e.g. scaireanna, cearta úinéireachta eile agus ballraíochtaí, sealúchais airgeadais agus leasanna eacnamaíocha eile i gcustaiméirí tráchtála, cearta maoine intleachtúla, iasachtaí arna ndeonú ag an institiúid do chuideachta ar leis an bhfoireann í, ballraíocht i gcomhlacht nó úinéireacht comhlachta nó eintitis le leasanna contrártha); b. caidrimh phearsanta nó ghairmiúla le húinéirí sealúchas cáilitheach san institiúid; c. caidrimh phearsanta nó ghairmiúla le foireann na hinstitiúide nó na n-eintiteas a chuimsítear faoi raon an chomhdhlúthaithe stuamachta (e.g. caidrimh theaghlaigh); d. fostaíocht eile agus fostaíocht roimhe seo le blianta beaga anuas (e.g. cúig bliana); e. caidrimh phearsanta nó ghairmiúla le páirtithe leasmhara seachtracha ábhartha (e.g. baint a bheith acu le soláthraithe ábhair, sainchomhairliúcháin nó soláthraithe seirbhíse eile); agus f. tionchar polaitiúil nó caidrimh pholaitiúla’.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|