+5.1 Breithniúcháin ghinearálta
---+97. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil socruithe rialachais …
---+98. Chomh fada is a bhaineann le SREP, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú ar rialachas agus ar …
---+99. Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar …
---+100. De réir Treoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach , ba cheart go n-áireofaí sa …
---+101. D'fhonn a áirithiú go bhfuil infheisteoirí á gcosaint ar bhealach comhsheasmhach i seirbhísí …
---+102. Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta d’fhonn a …
---+103. Chun críche na míre thuas agus ag féachaint do na samhlacha gnó éagsúla atá mar bhonn le …
---+104. Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na …
---+105. Ar mhaithe le SREP a chur i bhfeidhm go hiomchuí i gcomhthéacs na ngnólachtaí infheistíochta …
---+106. Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun …
|
5.1 Breithniúcháin ghinearálta
5.1 Breithniúcháin ghinearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
97. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil socruithe rialachais …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil socruithe rialachais inmheánaigh an ghnólachta infheistíochta leordhóthanach agus ar comhréir le próifíl riosca, samhail ghnó, cineál, méid agus castacht an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart dóibh a mhéid a chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais is infheidhme de chuid an AE agus na ceanglais náisiúnta maidir le socruithe rialachais inmheánaigh fónta a shainaithint agus aon easnaimh a shainaithint. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas, go háirithe, cibé acu an áirithíonn nó nach n-áirithíonn na socruithe rialachais inmheánaigh bainistíocht fhónta rioscaí agus go gcuimsítear iontu rialuithe agus formhaoirseacht inmheánach iomchuí. Ba cheart d’údaráis inniúla a bhunú an bhfuil rioscaí ábhartha ag baint le droch-shocruithe rialachais inmheánaigh agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar phróifíl riosca agus ar inbhuanaitheacht an ghnólachta infheistíochta.
|
|
98. Chomh fada is a bhaineann le SREP, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú ar rialachas agus ar …
|
Chomh fada is a bhaineann le SREP, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú ar rialachas agus ar rialuithe inmheánacha an ghnólachta infheistíochta, ag féachaint do chur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta, measúnú ar na réimsí seo a leanas: - a. an creat rialachais inmheánaigh foriomlán, ar cheart go n-áireofaí ann struchtúr eagraíochtúil soiléir agus cultúr riosca chorparáidigh oiriúnach;
- b. comhdhéanamh, eagrú agus feidhmiú an chomhlachta bainistíochta agus a choistí, sa chás go bhfuil a leithéid bunaithe;
- c. beartais agus cleachtais luacha saothair;
- d. an creat rialaithe inmheánaigh, ar cheart go n-áireofaí ann comhlíonadh neamhspleách agus, más cuí, feidhmeanna bainistíochta riosca inmheánacha agus feidhmeanna iniúchta inmheánacha;
- e. creat bainistíochta riosca, lena n-áirítear ICARAP;
- f. Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide; agus
- g. pleanáil leanúnachais gnó.
|
|
99. Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar …
|
Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar bhainistíocht riosca agus rialuithe mar atá sonraithe i dTeideal 6 agus 8, chomh maith le measúnú caipitil SREP i dTeideal 7 agus measúnú leachtachta SREP i dTeideal 9. Ar an gcuma chéanna, ba cheart go mbeadh anailís riosca-ar-riosca ar leordhóthanacht chaipitil 31 inmheánaigh agus ar an bpróiseas measúnaithe riosca inmheánaigh a athbhreithníodh faoi Theideal 7, agus aon easnaimh a shainaithnítear ann, mar bhonn leis an measúnú ar an gcreat bainistíochta riosca fhoriomláin a ndearnadh measúnú air faoin teideal seo.
|
|
100. De réir Treoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach , ba cheart go n-áireofaí sa …
|
De réir Treoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach13 , ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú ar an gcreat rialachais inmheánaigh fíorú go bhfuil socruithe agus sásraí rialachais bunaithe chun a áirithiú go gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais AML/CFT is infheidhme agus go gcuirtear san áireamh aon fhaisnéis fhorlíontach a fhaightear ó mhaoirseoirí AML/CFT maidir leis an measúnú ar na socruithe agus na sásraí seo.
|
|
101. D'fhonn a áirithiú go bhfuil infheisteoirí á gcosaint ar bhealach comhsheasmhach i seirbhísí …
|
D'fhonn a áirithiú go bhfuil infheisteoirí á gcosaint ar bhealach comhsheasmhach i seirbhísí airgeadais, ba cheart d'údaráis inniúla comhordú a dhéanamh le húdaráis mhargaidh, agus breithniú a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha faighte óna leithéid d'údaráis chun críche measúnú a dhéanamh ar shocruithe rialachais agus ar rialuithe ar fud an ghnólachta. Prionsabal na comhréireachta
|
|
102. Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta d’fhonn a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta d’fhonn a áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais inmheánacha atá bunaithe ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear i gcomhthéacs grúpaí gnólachtaí infheistíochta, comhsheasmhach le próifíl riosca aonair an ghnólachta agus an ghrúpa, i gcomhréir lena méid agus lena n-eagrú inmheánach, ábhartha dá samhail ghnó, oiriúnach do chineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí agus leordhóthanach chun cuspóirí ábhartha na gceanglas rialála ábhartha a chomhlíonadh.
|
|
103. Chun críche na míre thuas agus ag féachaint do na samhlacha gnó éagsúla atá mar bhonn le …
|
Chun críche na míre thuas agus ag féachaint do na samhlacha gnó éagsúla atá mar bhonn le feidhmiú gnólachtaí infheistíochta agus grúpaí gnólachtaí infheistíochta, ba cheart measúnú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart go mbeadh socruithe rialachais níos casta bunaithe ag gnólachtaí infheistíochta atá eagraithe ar bhealach níos casta nó ag scála níos mó, agus d'fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta atá eagraithe ar bhealach níos simplí nó atá ag feidhmiú ag scála níos lú nó a bhfuil gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh casta céanna á gcur i gcrích acu socruithe rialachais níos simplí a chur chun feidhme.
|
|
104. Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na …
|
Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta, cosúil leis an méid seo a leanas, a bhreithniú chun rialachas inmheánach a mheas, de réir Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach: - a. méid i dtéarmaí chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta agus a fhochuideachtaí laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta;
- b. na sócmhainní faoi bhainistíocht;
- c. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun airgead nó sócmhainní cliant a shealbhú;
- d. na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar;
13 Treoirlínte an ÚBE maidir le Rialachas Inmheánach faoi Threoir (AE) 2019/2034 (ÚBE/GL/2021/14). 32 - e. méid na n-orduithe cliaint arna láimhseáil;
- f. méid an tsreabhaidh trádála laethúil;
- g. láithreacht gheografach na ngnólachtaí infheistíochta agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i ndlínsí tríú tíortha;
- h. foirm dlí an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta páirteach i ngrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta le haghaidh an ghrúpa;
- i. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha a úsáid chun ceanglais chaipitil a thomhas, dá dtagraítear dóibh in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/2033;
- j. cineál na ngníomhaíochtaí údaraithe, na seirbhísí a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích mar atá sainmhínithe i Roinn A agus Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích;
- k. samhail agus straitéis bhunúsach ghnó; cineál agus castacht na ngníomhaíochtaí gnó, agus struchtúr eagraíochtúil an ghnólachta infheistíochta
- l. straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus próifíl riosca iarbhír an ghnólachta infheistíochta, agus toradh na measúnuithe ar chaipiteal SREP agus ar leachtacht SREP a chur san áireamh freisin;
- m. struchtúr úinéireachta agus maoinithe an ghnólachta infheistíochta;
- n. an cineál cliant;
- o. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
- p. na feidhmeanna agus bealaí dáileacháin seachfhoinsithe;
- q. na córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) atá bunaithe, lena n-áirítear córais leanúnachais agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo;
|
|
105. Ar mhaithe le SREP a chur i bhfeidhm go hiomchuí i gcomhthéacs na ngnólachtaí infheistíochta …
|
Ar mhaithe le SREP a chur i bhfeidhm go hiomchuí i gcomhthéacs na ngnólachtaí infheistíochta atá aicmithe, de réir Theideal 2, i gcatagóir 3, soláthraítear íoscheanglais choigeartaithe sna rannóga faoi seach den teideal seo.
|
|
106. Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun …
|
Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga agus idirnasctha atá sonraithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 (gnólachtaí Aicme 3), ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid socruithe eagraíochtúla de réir mar a mheasann siad atá oiriúnach, ag féachaint do na ceanglais rialála is infheidhme. 33
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|