+185. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta …
|
185. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta …
Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl Riosca don Chliant an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca atá mar bhonn lena ghníomhaíochtaí. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas, más cuí: - a. tá straitéis riosca fónta, soiléir agus doiciméadaithe ag an ngnólacht infheistíochta atá bailíochtaithe go cuí ag an mbord bainistíochta agus a chlúdaíonn bainistíocht sócmhainní, bainistíocht an tsreabhaidh airgid laistigh den ghnólacht agus bainistíocht sócmhainní atá cosanta agus riartha;
- b. tá creat eagraíochtúil oiriúnach ag an ngnólacht d'fhonn a áirithiú go bhfuil seirbhísí á soláthar ar bhealach éifeachtach do chliaint, go bhfuil dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla (oifig thosaigh agus cúloifig, córais faisnéise);
- c. tá creat rialaithe láidir agus cuimsitheach forbartha ag an ngnólacht infheistíochta (éifeachtacht agus neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialaithe) agus cosaintí fónta chun a rioscaí do chliaint a mhaolú de réir na straitéise bainistíochta agus na hinghlacthachta riosca;
59 - d. tá beartais agus nósanna imeachta atá sainithe go soiléir bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun rioscaí oibríochtúla do chliaint a shainaithint, a bhainistiú, a thomhas agus a rialú;
- e. tá na rialacháin infheidhme maidir le cearta rochtana an ghnólachta ar chuntais cliant á gcomhlíonadh.
6.3.4 Achoimre ar thorthaí agus scóráil
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|