+280. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann …
|
280. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann …
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann le mír 279, pointe (a) agus (b), trí mheasúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad sách: - a. comhsheasmhach: ba cheart go mbeadh na rioscaí cainníochtaithe in-chomhthomhaiste leis an tsamhail ghnó, comhdhéanamh na punainne agus straitéis trádála an ghnólachta infheistíochta;
- b. gráinneach: ba cheart go gceadódh na modheolaíochtaí ICAAP gur féidir na ríomhanna a mhiondealú de réir an chineáil riosca ar a laghad21 , más féidir, ba cheart iad a mhiondealú bunaithe ar an riosca, seachas ríomh aonair amháin (caipiteal geilleagrach) a sholáthar a chlúdaíonn gach riosca;
- c. inchreidte: ba cheart go léireofaí na ríomhanna/modheolaíochtaí a úsáidtear na rioscaí ar mian leo déileáil leo agus ba cheart go mbeidís bunaithe ar eolas agus ar thaithí an ghnólachta infheistíochta nó, más cuí, ar shamhlacha oiriúnacha agus ar thoimhdí stuama;
21 Clúdaítear sna catagóirí riosca na rioscaí a bhaineann le clabhsúr ordúil, riosca do chliaint, riosca do mhargaí, riosca do ghnólachtaí agus rioscaí eile atá sonraithe sa rialachán tarmligthe ar glacadh leis de réir Airteagal 40(6) de Threoir (AE) 2019/2034. 86 - d. intuigthe: ba cheart go mbeadh tionscnóirí foluiteacha na ríomhanna/modheolaíochtaí sonraithe go soiléir. Níor cheart go nglacfaí le ríomh 'algartamach'; agus
- e. inchomparáide: ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí tomhais riosca ICAAP, iad a choigeartú nó a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta iad a choigeartú chun inchomparáideacht le piaraí agus meastacháin tagarmhairc maoirseachta a éascú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|