+7.2 Cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise
---+273. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise …
---+274. Ba cheart go mbeadh méid iomlán an cheanglais maidir le cistí dílse breise cothrom le suim an …
---+275. Ceanglaítear ar údaráis inniúla leibhéal an cheanglais maidir le cistí dílse breise a shocrú …
---+276. Ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na foinsí faisnéise seo a leanas chun a leithéid de …
---+277. De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (a), ba cheart d'údaráis inniúla ICAAP agus …
---+278. De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (b), más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla an …
---+279. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an dá ghné seo a …
---+280. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann …
---+281. Ba cheart d'údaráis inniúla tuilleadh measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna ICAAP trí …
---+282. Ba cheart a bhreithniú go bhfuil ríomh ICAAP iontaofa i bpáirt, sa chás, ainneoin nach bhfuil …
---+283. Ba cheart d’údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta a bhaineann riosca sonrach a fhorbairt …
---+284. Ba cheart na tagarmharcanna maoirseachta a fhorbairt trí chuntas a dhéanamh den ualach cur …
---+285. I bhfianaise éagsúlacht na samhlacha gnó difriúla a bhfuil gnólachtaí infheistíochta freagrach …
---+286. Nuair a chuireann údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta san áireamh chun cinneadh a …
---+287. Ba cheart d’údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile a úsáid chun tacú le cinneadh a dhéanamh …
---+288. Ba cheart go spreagfadh ionchuir ábhartha eile údaráis inniúla chun athmheasúnú a dhéanamh ar …
---+289. Chun comhsheasmhacht a áirithiú nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh i ndáil leis an gceanglas …
---+290. Nuair a chuireann údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile san áireamh chun cinneadh a dhéanamh …
---+291. Más rud é, i rith an athbhreithnithe leanúnaigh ar na cuir chuige inmheánacha de bhua …
---+292. Más rud é i rith a gcuid athbhreithnithe de bhua Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034, agus …
---+293. Ba cheart d’údaráis inniúla cistí dílse breise a shonrú chun easnaimh sna socruithe, próisis …
---+294. Sa chás go dteipeann arís agus arís eile ar ghnólacht infheistíochta nach comhlíonann na …
|
7.2 Cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise
7.2 Cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
273. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise le haghaidh rioscaí ábhartha agus gnéithe de rioscaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, agus breithniú a dhéanamh ar gach cás atá liostaithe in Airteagal 40(1) de Threoir (EU) 2019/2034, lena n-áirítear: - a. rioscaí nó gnéithe de rioscaí a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta orthu nó rioscaí atá á gcruthú do ghnólachtaí eile nach gclúdaítear nó nach gclúdaítear go leordhóthanach trí mhéideanna, cineálacha agus dáileadh oiriúnach caipitil de réir Chuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033;
- b. easnaimh i socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí an ghnólachta infheistíochta, mura féidir a leithéid d'easnaimh a réiteach laistigh de thréimhse ama oiriúnach;
- c. easnaimh i gcoigeartuithe an ghnólachta infheistíochta i ndáil le luacháil stuama an leabhair trádála ag cur ar a chumas a shuíomhanna a dhíol nó a fhálú laistigh de thréimhse ghearr gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthdhálaí margaidh;
- d. an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm na samhlacha inmheánacha ceadaithe atá mar bhonn le leibhéil mhí-oiriúnacha caipitil gan a bheith á chomhlíonadh ag gnólacht infheistíochta; agus
- e. teip arís agus arís eile an ghnólachta infheistíochta leibhéal oiriúnach cistí dílse breise a bhunú nó a chothabháil mar atá sonraithe in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2019/2034.
84
|
|
274. Ba cheart go mbeadh méid iomlán an cheanglais maidir le cistí dílse breise cothrom le suim an …
|
Ba cheart go mbeadh méid iomlán an cheanglais maidir le cistí dílse breise cothrom le suim an cheanglais maidir le haon chistí dílse breise arna chinneadh ag údaráis inniúla a chlúdaíonn gach cás atá liostaithe sa mhír roimhe seo. 7.2.1 Cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse breise chun rioscaí nó gnéithe de rioscaí a chlúdach nach bhfuil clúdaithe nó clúdaithe go cuí ag Cuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033
|
|
275. Ceanglaítear ar údaráis inniúla leibhéal an cheanglais maidir le cistí dílse breise a shocrú …
|
Ceanglaítear ar údaráis inniúla leibhéal an cheanglais maidir le cistí dílse breise a shocrú chun rioscaí nó gnéithe de rioscaí a chlúdach nach bhfuil clúdaithe ag nó clúdaithe go cuí ag Cuid a Trí agus Cuid a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 atá sonraithe tuilleadh sa rialachán tarmligthe ar glacadh leis de réir Airteagal 40(6) de Threoir (AE) 2019/2034 agus de réir an mheasúnaithe riosca a rinneadh faoi Theideal 6.
|
|
276. Ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na foinsí faisnéise seo a leanas chun a leithéid de …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na foinsí faisnéise seo a leanas chun a leithéid de rioscaí nó gnéithe de rioscaí a shainaithint, a mheas agus a chainníochtú: - a. maidir le gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na critéir chun cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag nó neamh-idirnasctha mar atá sonraithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, grúpaí gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na critéir seo sa chás go measann an t-údarás inniúil gur cuí, ICARAP nó an ICARAP comhdhlúthaithe i gcás grúpaí gnólachtaí infheistíochta, agus ar bhonn níos sonraí, an chomhpháirt ICAAP, agus torthaí a mheasúnaithe féin déanta ag an údarás inniúil, lena n-áirítear ríomhanna ICAAP, sa chás go meastar go bhfuil a leithéid iontaofa nó iontaofa i bpáirt de réir mhír 279 - 282;
- b. maidir le gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Threoir 2014/59/AE, an plean téarnaimh agus torthaí an mheasúnaithe déanta ag an údarás inniúil, agus breithniú a dhéanamh ar na ceanglais le haghaidh na bpleananna téarnaimh is infheidhme don ghnólacht infheistíochta atá á athbhreithniú;
- c. tuairisciú maoirseachta;
- d. torthaí an mheasúnaithe maoirseachta agus aon ríomhanna tagarmhairc;
- e. torthaí aon ghníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha roimhe seo; agus
- f. aon ionchur ábhartha eile, lena n-áirítear ionchur a eascraíonn as idirghníomhaíochtaí agus plé leis an ngnólacht infheistíochta, staidéar margaidh phoiblí nó tuairimí earnála agus punainne.
|
|
277. De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (a), ba cheart d'údaráis inniúla ICAAP agus …
|
De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (a), ba cheart d'údaráis inniúla ICAAP agus torthaí a mheasúnaithe a chur san áireamh mar phríomh-ionchur i ndáil le sainaithint agus measúnú rioscaí agus gnéithe de rioscaí, ag eascairt as gnóthaí neamhrialaithe agus rialaithe, a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta air nó an neamhchosaint a chruthaítear do chliaint agus margaí. Ba cheart go n-áireofaí i gcainníochtú an mhéid caipitil a bhreithnítear atá leordhóthanach agus an ceanglas maidir le cistí dílse breise ina dhiaidh 85 sin, i measc aschur eile, ríomhanna ICAAP má mheastar go bhfuil a leithéid iontaofa nó iontaofa i bpáirt.
|
|
278. De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (b), más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla an …
|
De réir mar a thagraítear dó i mír 276, pointe (b), más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla an plean téarnaimh agus a mheasúnú a chur san áireamh chun tacú leis an gcinneadh maidir le caipiteal atá oiriúnach chun tacú le clabhsúr ordúil a chur le cúrsaí, mar atá sonraithe freisin sa rialachán tarmligthe ar glacadh leis de réir Airteagal 40(6) de Threoir (AE) 2019/2034. Go sonrach, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as ionchuir an phlean téarnaimh chun príomhlínte gnó agus feidhmeanna criticiúla, gníomhaíochtaí téarnaimh, socruithe rialachais, céimeanna oibríochtúla agus cásanna a shainaithint. Féadfaidh siad tairbhe a bhaint as na cásanna a úsáideadh sa phlean téarnaimh trí chur lena leibhéal déine ar mhaithe le cás clabhsúir a chomhlíonadh. Ríomhanna ICAAP
|
|
279. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an dá ghné seo a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an dá ghné seo a leanas á gclúdach ag ICAAP: - a. na rioscaí nó na gnéithe de rioscaí a bhfuil an gnólacht infheistíochta nó grúpa an ghnólachta infheistíochta neamhchosanta orthu nó a chruthaítear do ghrúpaí eile ag eascairt as a ghnóthaí agus oibríochtaí atá nó nach bhfuil arna rialú; agus
- b. na céimeanna agus na hacmhainní riachtanacha ach chomh maith leis sin na rioscaí nó gnéithe de rioscaí a d'fhéadfadh eascairt as próiseas clabhsúir ordúil.
|
|
280. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na ríomhanna ICAAP a bhaineann le mír 279, pointe (a) agus (b), trí mheasúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad sách: - a. comhsheasmhach: ba cheart go mbeadh na rioscaí cainníochtaithe in-chomhthomhaiste leis an tsamhail ghnó, comhdhéanamh na punainne agus straitéis trádála an ghnólachta infheistíochta;
- b. gráinneach: ba cheart go gceadódh na modheolaíochtaí ICAAP gur féidir na ríomhanna a mhiondealú de réir an chineáil riosca ar a laghad21 , más féidir, ba cheart iad a mhiondealú bunaithe ar an riosca, seachas ríomh aonair amháin (caipiteal geilleagrach) a sholáthar a chlúdaíonn gach riosca;
- c. inchreidte: ba cheart go léireofaí na ríomhanna/modheolaíochtaí a úsáidtear na rioscaí ar mian leo déileáil leo agus ba cheart go mbeidís bunaithe ar eolas agus ar thaithí an ghnólachta infheistíochta nó, más cuí, ar shamhlacha oiriúnacha agus ar thoimhdí stuama;
21 Clúdaítear sna catagóirí riosca na rioscaí a bhaineann le clabhsúr ordúil, riosca do chliaint, riosca do mhargaí, riosca do ghnólachtaí agus rioscaí eile atá sonraithe sa rialachán tarmligthe ar glacadh leis de réir Airteagal 40(6) de Threoir (AE) 2019/2034. 86 - d. intuigthe: ba cheart go mbeadh tionscnóirí foluiteacha na ríomhanna/modheolaíochtaí sonraithe go soiléir. Níor cheart go nglacfaí le ríomh 'algartamach'; agus
- e. inchomparáide: ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí tomhais riosca ICAAP, iad a choigeartú nó a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta iad a choigeartú chun inchomparáideacht le piaraí agus meastacháin tagarmhairc maoirseachta a éascú.
|
|
281. Ba cheart d'údaráis inniúla tuilleadh measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna ICAAP trí …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla tuilleadh measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna ICAAP trí iad a chur i gcomparáid le toradh na dtagarmharcanna maoirseachta le haghaidh na rioscaí céanna, nó más féidir comparáid chuí a dhéanamh, leis na catagóirí riosca céanna agus ionchuir ábhartha eile.
|
|
282. Ba cheart a bhreithniú go bhfuil ríomh ICAAP iontaofa i bpáirt, sa chás, ainneoin nach bhfuil …
|
Ba cheart a bhreithniú go bhfuil ríomh ICAAP iontaofa i bpáirt, sa chás, ainneoin nach bhfuil na critéir thuas go léir á gcomhlíonadh, go ndealraíonn sé go bhfuil an ríomh fós inchreidte, cé gur cheart é sin a dhéanamh ar bhonn eisceachtúil agus go mbeadh céimeanna ag gabháil leis chun na heasnaimh a shainaithnítear sa ríomh ICAAP a fheabhsú. Tagarmharcanna maoirseachta
|
|
283. Ba cheart d’údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta a bhaineann riosca sonrach a fhorbairt …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta a bhaineann riosca sonrach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar mhodh chun dúshlán ríomhanna ICAAP a thabhairt le haghaidh na rioscaí ábhartha sin nó gnéithe de rioscaí den sórt sin, nach bhfuil clúdaithe nó clúdaithe go leordhóthanach ag Cuid a Trí agus Cuid a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, nó chun tacú tuilleadh le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcatagóir riosca de réir na catagóire riosca, go hinmhianaithe an ceanglas maidir le cistí dílse breise riosca de réir riosca, sa chás go meastar go bhfuil ríomhanna ICAAP le haghaidh na rioscaí ábhartha sin, nó gnéithe de rioscaí den sórt sin, neamhiontaofa nó nach bhfuil siad ar fáil.
|
|
284. Ba cheart na tagarmharcanna maoirseachta a fhorbairt trí chuntas a dhéanamh den ualach cur …
|
Ba cheart na tagarmharcanna maoirseachta a fhorbairt trí chuntas a dhéanamh den ualach cur chun feidhme ar údaráis inniúla, sa chás gur féidir beart stuama, comhsheasmhach, trédhearcach agus inchomparáide a chur ar fáil chun comparáid a dhéanamh i ngnólachtaí infheistíochta ar an gcaipiteal a mheastar atá leordhóthanach do chatagóir nó gné riosca ar leith.
|
|
285. I bhfianaise éagsúlacht na samhlacha gnó difriúla a bhfuil gnólachtaí infheistíochta freagrach …
|
I bhfianaise éagsúlacht na samhlacha gnó difriúla a bhfuil gnólachtaí infheistíochta freagrach astu, éagsúlachtaí bunaithe ar mhéid agus ar chastacht, d’fhéadfadh nach mbeadh toradh na dtagarmharcanna maoirseachta oiriúnach i ngach cás do gach gnólacht infheistíochta. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i ngleic leis sin tríd an tagarmharc is iomchuí a úsáid sa chás go bhfuil roghanna eile ar fáil, agus trí bhreithiúnas a chur i bhfeidhm ar thoradh an tagarmhairc chun cuntas a dhéanamh ar bhreithniúcháin a bhaineann go sonrach le samhail ghnó agus gnólachtaí infheistíochta.
|
|
286. Nuair a chuireann údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta san áireamh chun cinneadh a …
|
Nuair a chuireann údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta san áireamh chun cinneadh a dhéanamh i ndáil le cistí dílse breise, mar chuid den idirphlé, ba cheart dóibh an réasúnaíocht agus na prionsabail ghinearálta bhunúsacha atá mar bhonn leis na tagarmharcanna a mhíniú. 87 Ionchuir ábhartha eile
|
|
287. Ba cheart d’údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile a úsáid chun tacú le cinneadh a dhéanamh …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile a úsáid chun tacú le cinneadh a dhéanamh maidir leis na ceanglais a bhaineann le cistí dílse breise bunaithe ar chatagóir riosca na catagóire riosca nó riosca de réir riosca. D'fhéadfaí go n-áireofaí i measc na n-ionchur ábhartha eile comparáidí idir piarghrúpaí nó tuarascálacha nó staidéir ábhartha eile.
|
|
288. Ba cheart go spreagfadh ionchuir ábhartha eile údaráis inniúla chun athmheasúnú a dhéanamh ar …
|
Ba cheart go spreagfadh ionchuir ábhartha eile údaráis inniúla chun athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht/iontaofacht ríomh ICAAP/tagarmhairc le haghaidh riosca sonrach nó catagóir riosca, agus/nó coigeartuithe a chur i bhfeidhm ar an toradh, sa chás go bhfuil siad mar bhonn le hamhras maidir le cruinneas an toraidh.
|
|
289. Chun comhsheasmhacht a áirithiú nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh i ndáil leis an gceanglas …
|
Chun comhsheasmhacht a áirithiú nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh i ndáil leis an gceanglas maidir le cistí dílse bunaithe ar chatagóir riosca de réir na catagóire riosca nó riosca de réir riosca, ba cheart d’údaráis inniúla úsáid a bhaint as na piarghrúpaí céanna a bunaíodh chun anailís a dhéanamh ar rioscaí do chaipiteal mar atá sonraítear i dTeideal 6.
|
|
290. Nuair a chuireann údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile san áireamh chun cinneadh a dhéanamh …
|
Nuair a chuireann údaráis inniúla ionchuir ábhartha eile san áireamh chun cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an gceanglas maidir le cistí dílse breise, mar chuid den idirphlé, ba cheart dóibh an réasúnaíocht agus na prionsabail ghinearálta bhunúsacha atá mar bhonn leis na hionchuir a úsáideadh a mhíniú don ghnólacht infheistíochta. 7.2.2 Cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse nó bearta eile chun easnaimh sna samhlacha a úsáideadh chun críocha rialála a chlúdach
|
|
291. Más rud é, i rith an athbhreithnithe leanúnaigh ar na cuir chuige inmheánacha de bhua …
|
Más rud é, i rith an athbhreithnithe leanúnaigh ar na cuir chuige inmheánacha de bhua cheanglais Airteagal 37 de Threoir (AE) 2019/2034, go sainaithníonn údaráis inniúla easnaimh sna samhlacha a d'fhéadfadh a bheith mar bhonn le gannmheas na n-íoscheanglas maidir le cistí dílse atá sonraithe i Rialachán (AE) 2019/2033, ba cheart dóibh ceanglas maidir le cistí dílse breise a shonrú le haghaidh easnamh den sórt sin, sa chás go mbreithnítear go bhfuil sé seo níos oiriúnaí ná bearta maoirseachta eile, cosúil lena cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta a samhlacha a choigeartú. Níor cheart ceanglas dá leithéid maidir le cistí dílse a shonrú ach mar bheart eatramhach fad is atáthar ag déileáil leis na heasnaimh. 7.2.3 Cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse nó bearta eile chun easnaimh a chlúdach a bhaineann le luacháil stuamachta an leabhair trádála a choigeartú
|
|
292. Más rud é i rith a gcuid athbhreithnithe de bhua Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034, agus …
|
Más rud é i rith a gcuid athbhreithnithe de bhua Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034, agus i ndiaidh an mheasúnaithe riosca déanta faoi Theideal 6, go sainaithníonn údaráis inniúla easnaimh sa luacháil stuama ar shuíomhanna leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta a d'fhéadfadh a bheith mar bhonn leis an gceanglas K-NPR atá sonraithe in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith á ghannmheas, ba cheart dóibh a gceanglas féidir maidir le cistí dílse breise a shonrú chun a leithéid d'easnaimh a chlúdach. Níor cheart cinneadh a dhéanamh i ndáil le ceanglas maidir le cistí dílse breise dá leithéid ach amháin má tá sé níos oiriúnaí ná aon bhearta maoirseachta eile agus ba cheart é a 88 chothabháil díreach mar bheart eatramhach go dtí go bhfuiltear i ndiaidh déileáil leis na heasnaimh. 7.2.4 Cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse nó bearta eile chun easnaimh eile a chlúdach
|
|
293. Ba cheart d’údaráis inniúla cistí dílse breise a shonrú chun easnaimh sna socruithe, próisis …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla cistí dílse breise a shonrú chun easnaimh sna socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí nó easnaimh rialachais eile a chlúdach – arna sainaithint bunaithe ar an measúnú riosca a bhfuil cur síos déanta air i dTeideal 4 go 6 – sa chás go meastar nach bhfuil bearta maoirseachta eile leordhóthanach nó oiriúnach chun na ceanglais a chomhlíonadh. Níor cheart d’údaráis inniúla ceanglais maidir le cistí dílse breise dá leithéid a shonrú ach mar bheart eatramhach fad is atáthar ag déileáil leis na heasnaimh.
|
|
294. Sa chás go dteipeann arís agus arís eile ar ghnólacht infheistíochta nach comhlíonann na …
|
Sa chás go dteipeann arís agus arís eile ar ghnólacht infheistíochta nach comhlíonann na coinníollacha do ghnólacht beag agus idirnasctha atá sonraithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, leibhéal leordhóthanach de chistí dílse breise a chothabháil chun treoir maidir le cistí dílse breise a cuireadh in iúl de réir Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2019/2034 a chlúdach, ba cheart d'údaráis inniúla ceanglas maidir le cistí dílse breise a shonrú chun an riosca breise a chlúdach tráth nach déanaí ná dhá bhliain i ndiaidh shárú na treorach. Féadfaidh údaráis inniúla an cinneadh sin a chur ar atráth sa chás go gceadaíonn siad don ghnólacht infheistíochta feidhmiú faoi bhun leibhéal na treorach mar gheall ar luaineachtaí geilleagracha timthriallacha nó imthosca eile a bhaineann go sonrach leis an ngnólacht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|