+4.4 Aitheantas cliaint a mheaitseáil mar chuid den phróiseas fíorúcháin
---+38. Ba cheart go gceadódh cianréitigh ionduchtaithe cliant arna gcur chun feidhme ag institiúidí …
---+39. I gcás ina mbaineann an cianréiteach ionduchtaithe cliant le húsáid sonraí bithmhéadracha chun …
---+40. I gcásanna nach bhfuil an fhianaise a sholáthraítear ar cháilíocht leordhóthanach as a leanann …
---+41. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe gan …
---+42. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant …
---+43. I gcás inar féidir, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh …
---+44. I dteannta leis an méid thuas, agus i gcás inarb ionann é agus an riosca ML/TF a bhaineann leis …
---+45. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i míreanna 38 go …
|
4.4 Aitheantas cliaint a mheaitseáil mar chuid den phróiseas fíorúcháin
4.4 Aitheantas cliaint a mheaitseáil mar chuid den phróiseas fíorúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
38. Ba cheart go gceadódh cianréitigh ionduchtaithe cliant arna gcur chun feidhme ag institiúidí …
|
Ba cheart go gceadódh cianréitigh ionduchtaithe cliant arna gcur chun feidhme ag institiúidí creidmheasa agus airgeadais, ar a laghad, na nithe seo a leanas, mar chuid dá bpróiseas fíorúcháin: - a) go bhfuil meaits ann idir faisnéis infheicthe an duine nádúrtha agus an doiciméadú a cuireadh ar fáil;
- b) i gcás inar eintiteas dlíthiúil an cliant, go bhfuil sé cláraithe go poiblí, i gcás inarb infheidhme;
- c) i gcás inar eintiteas dlíthiúil an cliant, go bhfuil an duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht air i dteideal gníomhú ar a shon.
|
|
39. I gcás ina mbaineann an cianréiteach ionduchtaithe cliant le húsáid sonraí bithmhéadracha chun …
|
I gcás ina mbaineann an cianréiteach ionduchtaithe cliant le húsáid sonraí bithmhéadracha chun aitheantas an chliaint a fhíorú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú go bhfuil na sonraí bithmhéadracha uathúil a ndóthain le go mbeidís nasctha go doshéanta le duine nádúrtha aonair. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais algartaim láidre iontaofa a úsáid chun an meaits idir na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil ar an doiciméad aitheantais a cuireadh isteach agus an cliant atá á ionduchtú a fhíorú. I gcásanna nach soláthraíonn an réiteach an leibhéal muiníne is gá, ba cheart rialuithe breise a chur chun feidhme.
|
|
40. I gcásanna nach bhfuil an fhianaise a sholáthraítear ar cháilíocht leordhóthanach as a leanann …
|
I gcásanna nach bhfuil an fhianaise a sholáthraítear ar cháilíocht leordhóthanach as a leanann débhrí nó éiginnteacht ionas go gcuirtear isteach ar fheidhmiú ciansheiceálacha, ba cheart briseadh isteach ar an gcianphróiseas ionduchtaithe aonair cliant agus é a atosú nó a atreorú chuig fíorú duine le duine.
|
|
41. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe gan …
|
I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe gan duine ina bhfeighil, nuair nach n-idirghníomhaíonn an cliant le fostaí chun an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích, ba cheart dóibh: - a) a chinntiú go dtógtar aon ghrianghraf/grianghraif nó físeán faoi choinníollacha soilsithe imleor agus go ngabhtar na hairíonna riachtanacha leis an tsoiléireacht is gá chun aitheantas an chliaint a fhíorú i gceart;
- b) a chinntiú go dtógtar aon ghrianghraf/grianghraif nó físeán fad a bhíonn an próiseas fíorúcháin á chur i gcrích ag an gcliant;
- c) fíoruithe braite beochta a dhéanamh, lena bhféadfar nósanna imeachta a áireamh i gcás inar gá gníomh sonrach ón gcliant chun a fhíorú go bhfuil sé/sí i láthair sa seisiún cumarsáide nó ar féidir iad a bhunú ar anailís ar na sonraí a fuarthas agus nach gá don chliant gníomh sonrach a dhéanamh ina leith;
- d) algartaim láidre iontaofa a úsáid chun a fhíorú an dtagann an grianghraf nó na grianghraif nó an físeán a tógadh leis an bpictiúr a fuarthas ón doiciméad oifigiúil nó na doiciméid oifigiúla ar leis an gcliant é/iad.
|
|
42. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant …
|
I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant a bhfuil duine i bhfeighil orthu, ina n-idirghníomhaíonn an cliant le fostaí chun an próiseas fíorúcháin a cur i gcrích, ba cheart dóibh: - a) a chinntiú gur leor cáilíocht na híomhá agus na fuaime chun aitheantas an chliaint a fhíorú i gceart agus go n-úsáidtear córais teicneolaíochta iontaofa;
- b) foráil a dhéanamh do rannpháirtíocht fostaí a bhfuil dóthain eolais aige ar an rialachán AML/CFT is infheidhme agus ar ghnéithe slándála an chianfhíoraithe agus atá oilte a dhóthain chun úsáid d’aon ghnó teicníochtaí meabhlaireachta a bhaineann le cianfhíorú a réamh-mheas agus a chosc, agus chun iad a bhrath agus frithghníomhú i gcás ina n-úsáidtear iad;
- c) treoir agallaimh a chur i dtoll a chéile ina saineofar na céimeanna ina dhiaidh sin den chianphróiseas ionduchtaithe chomh maith leis na gníomhartha a theastaíonn ón bhfostaí. Ba cheart go mbeadh treoir sa treoir agallaimh maidir le tosca síceolaíochta nó gnéithe eile a d'fhéadfadh a bheith ina gcomharthaí d'iompraíocht amhrasach a thabhairt faoi deara agus a shainaithint le linn an chianfhíorúcháin.
|
|
43. I gcás inar féidir, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh …
|
I gcás inar féidir, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant a úsáid lena n-áirítear randamacht i seicheamh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag an gcliant chun críocha fíoraithe chun cosaint a thabhairt i gcoinne rioscaí amhail úsáid a bhaint as féiniúlachtaí sintéiseacha nó comhéigean. I gcás inar féidir, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais sanntaí randamacha a sholáthar don fhostaí atá freagrach as an gcianphróiseas fíorúcháin chun claonpháirteachas idir an cliant agus an fostaí atá freagrach a sheachaint.
|
|
44. I dteannta leis an méid thuas, agus i gcás inarb ionann é agus an riosca ML/TF a bhaineann leis …
|
I dteannta leis an méid thuas, agus i gcás inarb ionann é agus an riosca ML/TF a bhaineann leis an gcaidreamh gnó, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na rialuithe seo a leanas nó as beart comhchosúil chun iontaofacht an phróisis fhoraithe a mhéadú. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna rialuithe nó sna bearta sin, ach níl siad teoranta dóibh: - a) tarraingítear an chéad íocaíocht ar chuntas in ainm aonair nó in ainm chomhpháirteach an chliaint le hinstitiúid creidmheasa nó airgeadais arna rialáil ag an LEE nó i dtríú tír a bhfuil ceanglais AML/CFT aici nach bhfuil ar chéim stóinseachta níos ísle ná na cinn a cheanglaítear le Treoir (AE) 2015/849;
- b) paschód a ghintear go randamach a sheoladh chuig an gcliant chun a láithreacht le linn an chianphróisis fíorúcháin a dheimhniú. Ba cheart gur cód aonúsáide nó cód amteoranta é an paschód.
- c) sonraí bithmhéadracha a ghabháil chun iad a chur i gcomparáid le sonraí a bhailítear trí fhoinsí neamhspleácha iontaofa eile;
- d) teagmhálacha teileafóin leis an gcliant;
- e) post díreach (idir phost agus phost leictreonach) chuig an gcliant.
|
|
45. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i míreanna 38 go …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i míreanna 38 go 43 le comhlíonadh i gcás ina n-úsáideann an réiteach ceann díobh seo a leanas: - a) scéimeanna ríomh-shainaitheantais a fhógraítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus a chomhlíonann ceanglais na leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin;
- b) seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, go háirithe Caibidil III, Roinn 3 agus Airteagal 24(1), fomhír 2, pointe (b) den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|