+42. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant …

42. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant …

I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais cianréitigh ionduchtaithe cliant a bhfuil duine i bhfeighil orthu, ina n-idirghníomhaíonn an cliant le fostaí chun an próiseas fíorúcháin a cur i gcrích, ba cheart dóibh:

  • a) a chinntiú gur leor cáilíocht na híomhá agus na fuaime chun aitheantas an chliaint a fhíorú i gceart agus go n-úsáidtear córais teicneolaíochta iontaofa;
  • b) foráil a dhéanamh do rannpháirtíocht fostaí a bhfuil dóthain eolais aige ar an rialachán AML/CFT is infheidhme agus ar ghnéithe slándála an chianfhíoraithe agus atá oilte a dhóthain chun úsáid d’aon ghnó teicníochtaí meabhlaireachta a bhaineann le cianfhíorú a réamh-mheas agus a chosc, agus chun iad a bhrath agus frithghníomhú i gcás ina n-úsáidtear iad;
  • c) treoir agallaimh a chur i dtoll a chéile ina saineofar na céimeanna ina dhiaidh sin den chianphróiseas ionduchtaithe chomh maith leis na gníomhartha a theastaíonn ón bhfostaí. Ba cheart go mbeadh treoir sa treoir agallaimh maidir le tosca síceolaíochta nó gnéithe eile a d'fhéadfadh a bheith ina gcomharthaí d'iompraíocht amhrasach a thabhairt faoi deara agus a shainaithint le linn an chianfhíorúcháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/