+4. Samhail ghnó agus bainistiú
---+33. Sa bhreis ar na príomhtháscairí riosca, féadfaidh an SRT táscairí riosca breise a shainiú agus …
---+34. Má tá srianta forchurtha ag Ballstát, trí rialachán, ar institiúidí laistigh d’fho-earnáil …
---+35. Féadfaidh an SRT ranníocaíochtaí ball-institiúide atá mar chuid de scéim chosanta …
---+36. Ba cheart don SRT táscairí riosca a úsáid lena ngabhtar speictream leathan go leor foinsí …
---+37. Ba cheart don SRT roghnú na dtáscairí riosca a ailíniú leis an dea-chleachtas i mbainistiú …
---+38. Ba cheart don SRT úsáid a bhaint as luachanna na dtáscairí riosca do gach ball-institiúid arna …
---+39. Mar sin féin, ba cheart don SRT luach na dtáscairí riosca a ríomh ar leibhéal comhdhlúite i …
---+40. I gcás ina mbeidh tarscaoileadh faighte ag ball-institiúid ó cheanglais chaipitil agus/nó …
---+41. Chun luachanna na dtáscairí riosca le haghaidh tréimhse ar leith a ríomh, ba cheart don SRT na …

4. Samhail ghnó agus bainistiú

4.1. Méid iomlán neamhchosanta ar riosca (TREA)/Cóimheas na sócmhainní iomlánaMéid Iomlán Neamhchosanta ar Riosca (TREA) I gcás gurb ionann: Sócmhainní Iomlána ‘Méid iomlán neamhchosanta ar riosca’ mar a luaitear in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Féadfaidh SRTanna calabrúcháin éagsúla a úsáid do bhall-institiúidí trí úsáid a bhaint as an gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha nó as na modhanna caighdeánaithe chun méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca a ríomh(+) Léiríonn luach níos airde riosca níos airde
4.2 Tuairisceán ar shócmhainní (RoA)Glanioncam Ba cheart do SRTanna Sócmhainní an RoA a ríomh Iomlána mar mheán thar 2 bhliain ar a laghad chun teagmhais aonuaire a sheachaint agus chun comhchiogalacht i ranníocaíochtaí a sheachaint.(−)/(+) Tríd is tríd, léiríonn luach níos airde riosca níos ísle, ach is féidir le luachanna ró-ard ardriosca a léiriú freisin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
33. Sa bhreis ar na príomhtháscairí riosca, féadfaidh an SRT táscairí riosca breise a shainiú agus …

Sa bhreis ar na príomhtháscairí riosca, féadfaidh an SRT táscairí riosca breise a shainiú agus a chur san áireamh, ar táscairí iad atá ábhartha chun na difríochtaí i bpróifílí riosca a chuid bhall-institiúidí a chinneadh.

34. Má tá srianta forchurtha ag Ballstát, trí rialachán, ar institiúidí laistigh d’fho-earnáil …

Má tá srianta forchurtha ag Ballstát, trí rialachán, ar institiúidí laistigh d’fho-earnáil áirithe ar bhealach a laghdaíonn go mór an dóchúlacht go ndéanfadh SRT idirghabháil, féadfaidh an SRT ranníocaíochtaí a laghdú ó bhall-institiúidí san earnáil ísealriosca faoi seach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 13(1) den DGSD, trí tháscaire riosca breise a chur san áireamh, ar choinníoll gur cheadaigh an t-údarás inniúil agus ainmnithe, i gcomhar le chéile, tar éis dó dul i gcomhairle leis an SRT, bunaithe ar fhianaise eimpíreach a léiríonn go raibh na hidirghabhálacha SRT níos ísle go comhsheasmhach ná mar a tharla in earnálacha eile laistigh de na hearnálacha ísealriosca sin.

35. Féadfaidh an SRT ranníocaíochtaí ball-institiúide atá mar chuid de scéim chosanta …

Féadfaidh an SRT ranníocaíochtaí ball-institiúide atá mar chuid de scéim chosanta institiúideach (IPS) a laghdú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 13(1) den DGSD trí tháscaire riosca breise a chur san áireamh sa mhodh ríomha. Ba cheart go léireofaí leis an táscaire maidir le ballraíocht IPS an sócmhainneacht bhreise agus an chosaint leachtachta arna soláthar ag an IPS don bhall-institiúid. Chuige sin, ba cheart don táscaire riosca breise méid na gcistí ex-ante IPS atá ar fáil a thomhas gan mhoill chun críocha athchaipitlithe agus cistiúcháin leachtachta araon. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin freisin gealltanais chistiúcháin bhreise a bheidh inghlaoite ar iarratas agus arna dtacú le cúlchistí leachtachta atá i seilbh ball IPS. Chun a mheas an bhfuil na cistí ex ante sin mór go leor chun tacaíocht inchreidte éifeachtach a chur ar fáil don institiúid sin, ba cheart don SRT iad a shocrú i ndáil le méid na ball-institiúide IPS.

Ceanglais maidir le táscairí riosca

36. Ba cheart don SRT táscairí riosca a úsáid lena ngabhtar speictream leathan go leor foinsí …

Ba cheart don SRT táscairí riosca a úsáid lena ngabhtar speictream leathan go leor foinsí riosca sa mhodh ríomha. Má roghnaíonn SRT táscairí breise agus nuair a roghnaíonn sé iad, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin rioscaí a eascraíonn as sciúradh airgid, as droch-rialachas nó as droch-chaighdeán na gcomhad a bhaineann le Radharc Aonair Custaiméirí, ach gan a bheith teoranta dóibh.

37. Ba cheart don SRT roghnú na dtáscairí riosca a ailíniú leis an dea-chleachtas i mbainistiú …

Ba cheart don SRT roghnú na dtáscairí riosca a ailíniú leis an dea-chleachtas i mbainistiú riosca agus leis na ceanglais stuamachta atá ann cheana féin.

38. Ba cheart don SRT úsáid a bhaint as luachanna na dtáscairí riosca do gach ball-institiúid arna …

Ba cheart don SRT úsáid a bhaint as luachanna na dtáscairí riosca do gach ball-institiúid arna ríomh ar bhonn aonair.

39. Mar sin féin, ba cheart don SRT luach na dtáscairí riosca a ríomh ar leibhéal comhdhlúite i …

Mar sin féin, ba cheart don SRT luach na dtáscairí riosca a ríomh ar leibhéal comhdhlúite i gcás ina bhfeidhmíonn an Ballstát an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) de Threoir 2014/49/AE ionas gur féidir leis an gcomhlacht lárnach agus leis na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis an gcomhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 575/2013, a bheith faoi réir an ualaithe riosca ina iomláine arna chinneadh don chomhlacht lárnach agus dá institiúidí cleamhnaithe ar bhonn comhdhlúite.

40. I gcás ina mbeidh tarscaoileadh faighte ag ball-institiúid ó cheanglais chaipitil agus/nó …

I gcás ina mbeidh tarscaoileadh faighte ag ball-institiúid ó cheanglais chaipitil agus/nó leachtachta a chomhlíonadh ar an leibhéal aonair de bhun Airteagal 7, Airteagal 8 nó Airteagal 21 de Rialachán (AE) 575/2013, ba cheart don SRT na táscairí caipitil/leachtachta comhfhreagracha a ríomh ar an leibhéal comhdhlúite nó ar an leibhéal fo-chomhdhlúite.

41. Chun luachanna na dtáscairí riosca le haghaidh tréimhse ar leith a ríomh, ba cheart don SRT na …

Chun luachanna na dtáscairí riosca le haghaidh tréimhse ar leith a ríomh, ba cheart don SRT na nithe seo a leanas a úsáid:

  • a. an luach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe le haghaidh suíomhanna ón ráiteas ioncaim;
  • b. an meán idir an luach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an luach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin le haghaidh suíomhanna ón gclár comhardaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/