+38. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin …

38. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin …

Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach3 an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa measúnú ar leith a dhéanamh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhmeanna bainistíochta agus maoirseachta. Leis an measúnú ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach, ba cheart comparáid a dhéanamh idir an t-eolas agus an taithí leordhóthanach ba ghá a bheadh ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine agus eolas agus taithí chomhchoiteann iarbhír an orgáin bainistíochta nó riaracháin. Ba cheart go gcumhdódh an measúnú gníomhaíochtaí gnó uile an tseirbhíseora creidmheasa agus gnéithe eagraíochtúla ábhartha chomh maith leis na nósanna imeachta taobh thiar díobh.


3 Is féidir sampla de mhodheolaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh táblaí measúnaithe maidir le hoiriúnacht chomhchoiteann a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir 2014/65/AE, ach ba ghá iad a choigeartú chun go mbainfeadh siad le samhail ghnó seirbhíseora creidmheasa.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/