+4 Critéir chomhchoiteanna leordhóthanacha maidir le heolas agus taithí
---+35. Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina …
---+36. Ba cheart go léireodh comhdhéanamh an orgáin bainistíochta nó riaracháin an t-eolas agus an …
---+37. Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina …
---+38. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin …
|
4 Critéir chomhchoiteanna leordhóthanacha maidir le heolas agus taithí
4 Critéir chomhchoiteanna leordhóthanacha maidir le heolas agus taithí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
35. Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina …
|
Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine chun gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach de réir na ngníomhaíochtaí a dhéanann an seirbhíseoir creidmheasa agus cosaint agus cóir chothrom iasachtaithe á n-áirithiú.
|
|
36. Ba cheart go léireodh comhdhéanamh an orgáin bainistíochta nó riaracháin an t-eolas agus an …
|
Ba cheart go léireodh comhdhéanamh an orgáin bainistíochta nó riaracháin an t-eolas agus an taithí leordhóthanach ba ghá chun a fhreagrachtaí uile a chomhlíonadh. Áirítear leis sin tuiscint iomchuí an orgáin bainistíochta nó riaracháin ina iomláine ar na réimsí sin a bhfuil na comhaltaí cuntasach i dteannta a chéile ina leith agus chun a áirithiú go ndéantar gnó ar bhealach atá inniúil agus freagrach.
|
|
37. Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina …
|
Ba cheart eolas agus taithí leordhóthanach a bheith ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine maidir leis na gnéithe a liostaítear faoi mhír 31 go mír 33 agus maidir leis an méid seo a leanas freisin: - a. gníomhaíochtaí gnó uile an tseirbhíseora creidmheasa agus bainistiú na bpríomhrioscaí a bhaineann leo, lena n-áirítear calaois a bhrath agus a chosc i gcomhthéacs bainistiú riosca creidmheasa;
- b. an timpeallacht dhlíthiúil agus rialála;
- c. cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais;
- d. bainistiú riosca, comhlíonadh agus iniúchadh inmheánach;
- e. rioscaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus rioscaí slándála TFC;
- f. margaí áitiúla agus trasteorann, i gcás inarb infheidhme;
- g. scileanna agus taithí bainistíochta; agus
- h. pleanáil straitéiseach.
|
|
38. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin …
|
Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach3 an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa measúnú ar leith a dhéanamh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhmeanna bainistíochta agus maoirseachta. Leis an measúnú ar eolas agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach, ba cheart comparáid a dhéanamh idir an t-eolas agus an taithí leordhóthanach ba ghá a bheadh ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine agus eolas agus taithí chomhchoiteann iarbhír an orgáin bainistíochta nó riaracháin. Ba cheart go gcumhdódh an measúnú gníomhaíochtaí gnó uile an tseirbhíseora creidmheasa agus gnéithe eagraíochtúla ábhartha chomh maith leis na nósanna imeachta taobh thiar díobh.
3 Is féidir sampla de mhodheolaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh táblaí measúnaithe maidir le hoiriúnacht chomhchoiteann a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir 2014/65/AE, ach ba ghá iad a choigeartú chun go mbainfeadh siad le samhail ghnó seirbhíseora creidmheasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|