+20. Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun …
|
20. Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun …
Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun feidhme, socrú, formheas agus maoirsiú na nithe seo a leanas: - a. an straitéis fhoriomlán ghnó agus príomhbheartais an eisitheora laistigh den chreat dlíthiúil agus rialála is infheidhme, agus leasanna airgeadais fadtéarmacha agus sócmhainneacht agus leas sealbhóirí ARTanna an eisitheora á gcur san áireamh.
- b. na beartais a cheanglaítear faoi Airteagal 34(5) de Rialachán (AE) 2023/1114; ba cheart na beartais sin a bheith comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca agus lamháltas riosca an eisitheora agus leis na saintréithe, le riachtanais chliaint an eisitheora ARTanna a dtairgfear dóibh iad agus lena sealbhóirí ionchasacha;
- c. eagrúchán an eisitheora chun ARTanna a eisiúint ina sonraítear na scileanna, an t-eolas agus an saineolas a theastaíonn ón bhfoireann agus na hacmhainní is gá;
- d. an straitéis riosca fhoriomlán, fonn riosca an eisitheora agus a chreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha, agus an timpeallacht mhaicreacnamaíoch agus an timthriall gnó á gcur san áireamh, agus rannpháirtíocht an chomhlachta bainistíochta i saincheisteanna bainistíochta riosca á sonrú;
- e. creat rialaithe inmheánaigh atá leordhóthanach agus éifeachtach, lena n-áirítear creat bainistithe riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála is infheidhme, lena n-áirítear maidir le cúlchistí sócmhainní a bhainistiú;
- f. beartas luacha saothair d’eisitheoirí ARTanna suntasacha atá i gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2023/11146 ;
- g. na beartais agus na nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/11147 ;
- h. socruithe arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar measúnuithe oiriúnachta aonair agus comhchoiteanna an chomhlachta bainistíochta go héifeachtach, go bhfuil comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta iomchuí, agus go gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta a fheidhmeanna go héifeachtach;
- i. cultúr i leith riosca i gcomhréir le Teideal IV Roinn 7 lena dtugtar aghaidh ar fheasacht riosca agus iompraíocht glactha riosca eisitheoir ARTanna;
- j. cultúr corparáideach agus luachanna corparáideacha i gcomhréir le Teideal IV Roinn 8 lena gcothaítear iompar freagrach eiticiúil, lena n-áirítear cód iompair nó ionstraim chomhchosúil;
- k. socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo sláine na gcóras cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais a áirithiú, lena n-áirítear rialuithe airgeadais agus oibriúcháin agus comhlíonadh an dlí agus na gcaighdeán ábhartha.
6 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar íosta na socruithe rialachais i dtaca leis an mbeartas luacha saothair d’eisitheoirí ARTanna suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 45(7)(a) de Rialachán (AE) 2023/1114. 7 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinbhleacht leasa faoi Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|