+97. Ba cheart go n-áireofaí sa bheartas seo na príomhchéimeanna de shaolré na socruithe tríú páirtí …
|
97. Ba cheart go n-áireofaí sa bheartas seo na príomhchéimeanna de shaolré na socruithe tríú páirtí …
Ba cheart go n-áireofaí sa bheartas seo na príomhchéimeanna de shaolré na socruithe tríú páirtí seo agus na prionsabail, na freagrachtaí agus na próisis maidir le húsáid tríú páirtí a shainiú. Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a chumhdach leis an mbeartas: - a. freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear a rannpháirtíocht, de réir mar is iomchuí, sa chinnteoireacht;
- b. rannpháirtíocht línte gnó, feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus daoine aonair eile i leith na socruithe sin;
- c. pleanáil agus struchtúrú socruithe tríú páirtí, lena n-áirítear ceanglais ghnó a shainiú maidir le húsáid tríú páirtithe.
- d. sainaithint, measúnú agus bainistiú riosca i gcomhréir le Roinn 11;
- e. seiceálacha díchill chuí ar thríú páirtithe ionchasacha;
- f. beartais agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/1114;
- g. straitéisí pleanála leanúnachais gnó agus scoir chun athléimneacht oibríochtúil eisitheoir ARTanna a áirithiú i gcás cliseadh nó suaitheadh in eintiteas tríú páirtí a mbíonn tionchar aige ar sholáthar oibríochtaí criticiúla. Ba cheart d’eisitheoir pleananna leanúnachais gnó agus scoir ARTanna measúnú a dhéanamh ar inionadaitheacht an eintitis tríú páirtí a úsáideann sé le haghaidh oibríochtaí criticiúla, agus ar roghanna malartacha inmharthana eile a d’fhéadfadh athléimneacht oibríochtúil a éascú i gcás éaradh ag eintiteas tríú páirtí amhail an ghníomhaíocht a thabhairt ar ais go hinmheánach;
- h. próiseas formheasa na socruithe nua;
- i. cur chun feidhme, faireachán agus bainistiú na socruithe sin, lena n-áirítear an measúnú leanúnach ar fheidhmíocht na n-eintiteas tríú páirtí chun a áirithiú go bhfanfaidh an caidreamh laistigh d’inghlacthacht riosca agus lamháltas eisitheora ARTanna maidir le cur isteach ar oibríochtaí criticiúla agus croílínte gnó;
- j. na nósanna imeachta maidir le fógra a fháil agus freagairt d’athruithe ar shocrú ag eintitis tríú páirtí;
- k. athbhreithniú agus iniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglas agus beartas dlíthiúil agus rialála;
- l. na próisis athnuachana le haghaidh socruithe le heintitis tríú páirtí;
- m. an doiciméadacht agus coimeád na dtaifead; agus
- n. na straitéisí scoir agus na próisis foirceanta, lena n-áirítear ceanglas maidir le plean imeachta doiciméadaithe le haghaidh gach socraithe le heintiteas tríú páirtí, i gcás ina meastar gur féidir imeacht den sórt sin a dhéanamh, agus bristeacha seirbhíse a d’fhéadfadh a bheith ann nó foirceannadh comhaontaithe gan choinne á gcur san áireamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|