+IARSCRÍBHINN X CEANGLAIS LE hAGHAIDH INIÚCHÓIRÍ AGUS CRITÉIR LE hAGHAIDH SAORÁIDÍ A FHAIGHEANN DRAMHAÍL A ONNMHAIRÍTEAR ÓN AONTAS DE BHUN AIRTEAGAL 46

IARSCRÍBHINN X CEANGLAIS LE hAGHAIDH INIÚCHÓIRÍ AGUS CRITÉIR LE hAGHAIDH SAORÁIDÍ A FHAIGHEANN DRAMHAÍL A ONNMHAIRÍTEAR ÓN AONTAS DE BHUN AIRTEAGAL 46




IARSCRÍBHINN X

CEANGLAIS LE hAGHAIDH INIÚCHÓIRÍ AGUS CRITÉIR LE hAGHAIDH SAORÁIDÍ A FHAIGHEANN DRAMHAÍL A ONNMHAIRÍTEAR ÓN AONTAS DE BHUN AIRTEAGAL 46

Cuid A

Ceanglais mhionsonraithe le haghaidh tríú páirtithe a dhéanann iniúchtaí

1. Measfar tríú páirtí a dhéanann iniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 46 a bheith neamhspleách ar an bhfógróir nó ar an duine a shocraíonn an loingsiú agus ar an tsaoráid a ndéantar iniúchadh uirthi má dhéantar an méid seo a leanas a dhoiciméadú:

(a) 

nach cuid de na heintitis sin é ná nach bhfuil sé faoina smacht acu;

(b) 

go bhfuil nósanna imeachta bunaithe agus á n-oibriú aige lena ráthaítear a neamhchlaontacht, lena n-áirítear:

(i) 

measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann lena neamhchlaontacht ar bhonn leanúnach;

(ii) 

rioscaí neamhchlaontachta a eascraíonn as brú airgeadais, brú tráchtála agus cineálacha eile brú a shainaithint, a dhíothú agus a mhaolú;

(iii) 

measúnú a dhéanamh ar an riosca neamhchlaontachta atá ann dó mar thoradh ar chaidrimh a phearsanra;

(c) 

go ndéantar é a struchtúrú agus a bhainistiú ar bhealach lena n-áirithítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht, lena n-áirítear:

(i) 

gur féidir é a shainaithint go soiléir laistigh den eintiteas dlíthiúil, má dhéanann an t-eintiteas dlíthiúil gníomhaíochtaí nach mbaineann le cigireachtaí freisin;

(ii) 

go bhfuil rialacha tuairiscithe aige maidir leis an ngníomhaíocht iniúchóireachta a dhéantar;

(iii) 

go bhfuil freagrachtaí atá inaitheanta go soiléir ar a phearsanra maidir le hiniúchtaí a dhéanamh.

2. Measfar go bhfuil na cáilíochtaí iomchuí i réimse na n-iniúchtaí agus na cóireála dramhaíola ag tríú páirtí a dhéanann iniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 46 má tá líon leordhóthanach pearsanra cháilithe aige, go díreach nó trí fhochonraitheoireacht, a gcuirtear oiliúint air go rialta agus má tá taithí ghairmiúil dhoiciméadaithe sna réimsí seo a leanas ag a phearsanra atá bainteach le hiniúchtaí den sórt sin a dhéanamh:

(a) 

iniúchtaí a dhéanamh ar shaoráidí cóireála dramhaíola;

(b) 

oibríochtaí cóireála dramhaíola;

(c) 

córais bainistíochta comhshaoil agus sláinte agus sábháilteachta ceirde.

3. Chun a léiriú go bhfuil na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh, d’fhéadfadh tríú páirtí a dhéanann iniúchtaí tagairt dá dheimhniú le caighdeáin de chuid an Aontais nó le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha maidir le hiniúchtaí a dhéanamh mar a shainmhínítear in Airteagal 46, amhail caighdeán ISO 19011:2018 nó caighdeán ISO/IEC 17020:2012.

Cuid B

Critéir atá ceaptha chun a léiriú go bhfuil dramhaíl a onnmhairítear ón Aontas Eorpach á bainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

1. Fíorófar leis an iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 46(3) go gcomhlíonann an tsaoráid a bhainistíonn an dramhaíl sa tír cinn scríbe na coinníollacha seo a leanas ina hoibríochtaí iarbhír:

(a) 

tá údarú aici óna húdaráis inniúla chun an dramhaíl sin a allmhairiú agus a chóireáil (fianaise le soláthar go háirithe trí chur ar fáil na gceadanna agus na gceadúnas comhfhreagrach) agus tá a gníomhaíochtaí á ndéanamh aici i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha intíre is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil;

(b) 

deartar, tógtar agus oibrítear an tsaoráid ar bhealach sábháilte atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus go sonrach, tá na próisis, an teicneolaíocht iomchuí bainistithe dramhaíola, an t-eagrúchán agus an bonneagar riachtanach i bhfeidhm aici chun an dramhaíl atá i gceist a chóireáil, chomh maith le hárachais a chumhdóidh rioscaí agus dliteanais fhéideartha. Chuige sin, ar a laghad, ní mór faisnéis faoi mhodhanna cóireála dramhaíola a sheiceáil, lena n-áirítear an chaoi a gcóireáiltear dramhaíl iarmharach, go háirithe trí inrianaitheacht iartheachtach;

(c) 

bunaíonn agus oibríonn an tsaoráid córais, nósanna imeachta agus teicnící um bainistiú agus faireachán, a bhfuil sé mar aidhm acu na nithe seo a leanas a chosc, a mhaolú, a íoslaghdú agus, a mhéid is féidir, a dhíothú:

(i) 

rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe lena mbaineann agus don daonra atá i gcomharsanacht na saoráide, agus

(ii) 

éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol mar gheall ar a gníomhaíochtaí (go háirithe trí bhearta leormhaithe a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar thruailliú na hithreach, an uisce agus an aeir, agus ar núiseanna eile (boladh, torann));

(d) 

áirithíonn sí inrianaitheacht na dramhaíola go léir a fhaightear agus a chóireáiltear ag an tsaoráid, lena n-áirítear a áirithiú go ndéantar doiciméadú ar an dramhaíl iarmharach ar fad a ghintear óna gníomhaíochtaí agus nach n-aistreofar í ach chuig saoráidí bainistithe dramhaíola a údaraítear chun dramhaíl iarmharach den sórt sin a chóireáil. Chuige sin, seiceálfar, ar a laghad, faisnéis faoin méid seo a leanas:

— 
an chainníocht dramhaíola atá an tsaoráid i dteideal a chóireáil de réir a ceada/ceadúnas,
— 
an chainníocht dramhaíola a fhaigheann agus a aisghabhann an tsaoráid gach bliain,
— 
an chainníocht dramhaíola iarmharaí a ghintear óna gníomhaíochtaí, chomh maith le fianaise go ndéantar an dramhaíl iarmharach sin a chóireáil i saoráid cóireála dramhaíola údaraithe, lena n-áirítear i gcás onnmhairiú;
(e) 

tá bearta déanta aici atá ceaptha chun fuinneamh a shábháil agus chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann lena gníomhaíochtaí a shrianadh;

(f) 

bunaíonn sí taifid dá gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola agus dá hallmhairiú agus onnmhairiú dramhaíola le 5 bliana anuas agus tá ar a cumas na taifid sin a sholáthar; má tá saoráid á hoibriú le níos lú ná 5 bliana anuas, bunaíonn sé taifid maidir lena ghníomhaíochtaí um bainistiú dramhaíola agus loingsiú dramhaíola le linn dó a bheith á oibriú, agus tá ar a chumas na taifid sin a sholáthar;

(g) 

níor ciontaíodh í as gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann le hallmhairiú agus onnmhairiú dramhaíola ná le bainistiú dramhaíola a dhéanamh le 5 bliana anuas;

(h) 

tá bealaí tuairiscithe inmheánaigh agus nósanna imeachta um thuairisciú inmheánach agus obair leantach bunaithe aici, a chuireann ar chumas oibrithe na saoráide faisnéis a thuairisciú faoi sháruithe ar rialacha a bhaineann le héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol má cheanglaítear sin le reachtaíocht na tíre cinn scríbe.

2. Agus comhlíontacht saoráide á fíorú aige os coinne na gcritéar thuas, cuirfidh an tríú páirtí neamhspleách atá ag déanamh an iniúchta an méid seo a leanas san áireamh go háirithe, mar phointe tagartha agus i gcás inarb ábhartha:

(a) 

ceanglais shonracha maidir le cóireáil dramhaíola áirithe, lena n-áirítear dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IX, agus maidir le ríomh na cainníochta dramhaíola arna cóireáil, ar ceanglais iad atá sainordaitheach faoi reachtaíocht an Aontais;

(b) 

na conclúidí maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil, arna nglacadh le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe faoi chóras Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha ( 79 ).

3. Ina theannta sin, cuirfear na treoirlínte dá dtagraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IX san áireamh mar phointí tagartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas