+104. Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na …

104. Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na …

Ba cheart na critéir a chuirtear san áireamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta, cosúil leis an méid seo a leanas, a bhreithniú chun rialachas inmheánach a mheas, de réir Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach:

  • a. méid i dtéarmaí chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta agus a fhochuideachtaí laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta;
  • b. na sócmhainní faoi bhainistíocht;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun airgead nó sócmhainní cliant a shealbhú;
  • d. na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar;

13 Treoirlínte an ÚBE maidir le Rialachas Inmheánach faoi Threoir (AE) 2019/2034 (ÚBE/GL/2021/14). 32

  • e. méid na n-orduithe cliaint arna láimhseáil;
  • f. méid an tsreabhaidh trádála laethúil;
  • g. láithreacht gheografach na ngnólachtaí infheistíochta agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i ndlínsí tríú tíortha;
  • h. foirm dlí an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta páirteach i ngrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta le haghaidh an ghrúpa;
  • i. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha a úsáid chun ceanglais chaipitil a thomhas, dá dtagraítear dóibh in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/2033;
  • j. cineál na ngníomhaíochtaí údaraithe, na seirbhísí a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích mar atá sainmhínithe i Roinn A agus Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích;
  • k. samhail agus straitéis bhunúsach ghnó; cineál agus castacht na ngníomhaíochtaí gnó, agus struchtúr eagraíochtúil an ghnólachta infheistíochta
  • l. straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus próifíl riosca iarbhír an ghnólachta infheistíochta, agus toradh na measúnuithe ar chaipiteal SREP agus ar leachtacht SREP a chur san áireamh freisin;
  • m. struchtúr úinéireachta agus maoinithe an ghnólachta infheistíochta;
  • n. an cineál cliant;
  • o. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
  • p. na feidhmeanna agus bealaí dáileacháin seachfhoinsithe;
  • q. na córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) atá bunaithe, lena n-áirítear córais leanúnachais agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.