+8.3. Measúnú ar an riosca maoinithe bunúsach
---+384. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca cistiúcháin na hinstitiúide agus ar …
---+385. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl cistiúcháin na …
---+386. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thionchar aon tosca rialála agus …
---+387. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh méadú doghlactha …
---+388. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca a d’fhéadfadh cobhsaíocht na …
---+389. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí d’inbhuanaitheacht na próifíle …
---+390. Ba cheart d'údaráis inniúla an riosca go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag eire sócmhainní …
---+391. Ba cheart d'údaráis inniúla a bheith ar an eolas faoi rochtain iarbhír na hinstitiúide ar an …
---+392. Ba cheart d’údaráis inniúla an t-athrú ionchasach ar rioscaí cistiúcháin a mheas bunaithe ar …
|
8.3. Measúnú ar an riosca maoinithe bunúsach
8.3. Measúnú ar an riosca maoinithe bunúsach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
384. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca cistiúcháin na hinstitiúide agus ar …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca cistiúcháin na hinstitiúide agus ar cibé acu atá nó nach bhfuil na sócmhainní meántéarmacha agus fadtéarmacha agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe á meaitseáil go leordhóthanach le raon ionstraimí cobhsaí cistiúcháin faoi ghnáthchoinníollacha agus faoi choinníollacha struis araon. Áirítear leis an measúnú seo na gnéithe seo a leanas: - a. meastóireacht ar phróifíl chistiúcháin na hinstitiúide;
- b. meastóireacht ar rioscaí do chobhsaíocht na próifíle cistiúcháin;
- c. meastóireacht ar rochtain iarbhír ar an margadh;
- d. meastóireacht ar an athrú a bhfuiltear ag súil leis ar rioscaí cistiúcháin bunaithe ar phleani cistiúcháin na hinstitiúide.
Meastóireacht ar phróifíl chistiúcháin na hinstitiúide
|
|
385. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl cistiúcháin na …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl cistiúcháin na hinstitiúide, lena n-áirítear neamhréireanna conarthacha agus iompraíochta meántéarmacha agus fadtéarmacha araon, i ndáil lena samhail gnó, lena straitéis agus lena hinghlacthacht riosca. Ba cheart dóibh a chur san áireamh cibé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní meántéarmacha agus fadtéarmacha agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide á meaitseáil go leordhóthanach le raon ionstraimí cobhsaí cistiúcháin, de bhun Airteagal 413 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart d’údaráis inniúla tacú leis an measúnú seo trí anailís a dhéanamh ar an NSFR mar a shonraítear i dTeideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus measúnú a dhéanamh ar cibé acu ar tuairiscíodh nó nár tuairiscíodh é seo i gceart.
|
|
386. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thionchar aon tosca rialála agus …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thionchar aon tosca rialála agus conarthacha (áitiúla) a théann i bhfeidhm ar shaintréithe iompraíochta soláthraithe maoinithe (e.g. rialacháin maidir le himréiteach, tarrtháil inmheánach, scéimeanna ráthaíochta taiscí, toisc go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar iompar soláthraithe cistiúcháin) ar phróifíl chistiúcháin na hinstitiúide.
|
|
387. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh méadú doghlactha …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh méadú doghlactha ar chostas cistiúcháin agus cailleadh rochtana ar chistiú ar son na hinstitiúide a bheith ina thoradh ar easnaimh ionchasacha a eascraíonn as próifíl chistiúcháin na hinstitiúide, amhail neamhréireanna aibíochta a sháraíonn teorainneacha inghlactha, comhchruinnithe iomarcacha d'fhoinsí maoinithe, leibhéil iomarcacha eire sócmhainní nó cistiú míchuí nó éagobhsaí sócmhainní fadtéarmacha. Go háirithe, ní mór toimhdí maidir le greamaitheacht na maoinithe a mhealltar trí chainéil a bhraitheann ar theicneolaíocht airgeadais nó atá níos neamhthraidisiúnta , mar shampla ardáin taisce ar líne – a mheas go géar agus cásanna struis á bpleanáil nó á ndearadh. Meastóireacht ar rioscaí do chobhsaíocht na próifíle cistiúcháin
|
|
388. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca a d’fhéadfadh cobhsaíocht na …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca a d’fhéadfadh cobhsaíocht na próifíle cistiúcháin a laghdú i ndáil le cineál agus saintréithe na sócmhainní, ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais. Ba cheart dóibh an neamhréiteach struchtúrach idir sócmhainní agus dliteanais a chur san áireamh (lena n-áirítear tionchar aon neamhréitigh airgeadra), meadarachtaí cuí cistiúcháin struchtúraigh (e.g. cóimheas iasachta/thaisce, bearna chistiúcháin custaiméara agus dréimire aibíochta atá coigeartaithe de réir iompraíochta), agus saintréithe cistiúcháin a d'fhéadfadh a léiriú go bhfuil rioscaí agus imní ML/TF méadaithe ann ó thaobh na stuamachta de. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar thionchar na gcaillteanas ar chobhsaíocht an chistithe; agus a fhios acu go bhféadfadh soláthraithe cistiúcháin a bheith íogair i leith caillteanas i bhfad níos ísle ná an caillteanas a chuirfeadh cóimheasa caipitil i mbaol.
|
|
389. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí d’inbhuanaitheacht na próifíle …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí d’inbhuanaitheacht na próifíle cistiúcháin a eascraíonn as comhchruinnithe i bhfoinsí maoinithe (go háirithe sna cineálacha ionstraimí cistiúcháin a úsáidtear, i margaí cistiúcháin sonracha, i gcontrapháirtithe aonair nó i gcontrapháirtithe nasctha). Mar shampla, ba cheart dóibh saintréithe na n‑earnálacha is ábhartha a ndéanann an institiúid seirbhísiú orthu agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar phróifíl riosca maoinithe na hinstitiúide a bhreithniú, agus aird ar leith á tabhairt ar neamhchosaintí ar earnálacha timthriallacha nó luaineacha.
|
|
390. Ba cheart d'údaráis inniúla an riosca go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag eire sócmhainní …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an riosca go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag eire sócmhainní ar inghlacthacht an mhargaidh d'fhiachas neamhurraithe na hinstitiúide (i gcomhthéacs shaintréithe an mhargaidh/na margaí ina n-oibríonn an institiúid agus samhail gnó na hinstitiúide) a bhreithniú, freisin. Meastóireacht ar rochtain iarbhír ar an margadh
|
|
391. Ba cheart d'údaráis inniúla a bheith ar an eolas faoi rochtain iarbhír na hinstitiúide ar an …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a bheith ar an eolas faoi rochtain iarbhír na hinstitiúide ar an margadh agus faoi bhagairtí reatha agus todhchaíocha ar an rochtain seo ar an margadh, lena n-áirítear cur isteach ar an rochtain ar mhargaí malairte eachtraí (lena n-áirítear cur isteach neamhghnách). Maidir leis an measúnú, ba cheart dóibh a chur san áireamh a mhéid a dhéanann an institiúid éilimh arda ar mhargaí nó ar chontrapháirtithe áirithe (lena n‑áirítear bainc cheannais) i gcoibhneas le hacmhainn na margaí/na gcontrapháirtithe sin, aon athruithe suntasacha nó gan choinne ar eisiúint fiachais, an riosca go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag nuacht faoin institiúid ar an margadh (brath/muinín) agus dá bhrí sin rochtain ar an margadh, agus comharthaí go bhféadfadh rioscaí leachtachta gearrthéarmacha an rochtain atá ag an institiúid ar a mór-mhargaí cistiúcháin a laghdú. Meastóireacht ar an athrú a bhfuiltear ag súil leis ar rioscaí cistiúcháin bunaithe ar phlean cistiúcháin na hinstitiúide
|
|
392. Ba cheart d’údaráis inniúla an t-athrú ionchasach ar rioscaí cistiúcháin a mheas bunaithe ar …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla an t-athrú ionchasach ar rioscaí cistiúcháin a mheas bunaithe ar phlean cistiúcháin na hinstitiúide agus ba cheart dóibh teacht ar thuairim ar indéantacht an phlean (amhail cúltástáil, cásanna malartacha a mheas).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|