+15. Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna leis na téarmaí a úsáidtear agus a …

15. Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna leis na téarmaí a úsáidtear agus a …

Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna leis na téarmaí a úsáidtear agus a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/2034 agus i Rialachán (AE) 2033/2019 sna treoirlínte. Ina theannta sin, chun críocha na dtreoirlínte seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Inghlacthacht rioscaciallaíonn sé an leibhéal comhiomlán agus na cineálacha riosca a bhfuil gnólacht infheistíochta toilteanach glacadh leo laistigh dá acmhainn riosca, i gcomhréir lena shamhail ghnó, chun a chuspóirí straitéiseacha a chomhlíonadh.
Acmhainn rioscaciallaíonn sé an t-uasleibhéal riosca is féidir le gnólacht infheistíochta glacadh leis i bhfianaise a bhoinn chaipitil, a acmhainní bainistíochta riosca agus rialaithe, agus na srianta rialála a bhaineann leis.
An cultúr rioscaciallaíonn sé noirm, dearcthaí agus iompraíochtaí gnólachta infheistíochta a bhaineann le feasacht riosca, dul i riosca agus bainistiú riosca, agus na rialuithe lena múnlaítear cinntí maidir le rioscaí. Imríonn an cultúr riosca tionchar ar chinntí na bhfoirne bainistíochta agus na bhfostaithe nuair a bhíonn a ngníomhaíochtaí laethúla á gcur i gcrích acu agus tá tionchar aige freisin ar na rioscaí a nglacann siad leo.
Foireannciallaíonn sé gach fostaí atá ag gnólacht infheistíochta agus a fhochuideachtaí ar bhonn comhdhlúite agus gach comhalta dá gcomhlachtaí bainistíochta faoi seach a bhfuil feidhm bhainistíochta agus feidhm mhaoirseachta acu.
Príomhoifigeach feidhmiúcháin (POF)ciallaíonn sé an duine atá freagrach as gníomhaíochtaí gnó foriomlána gnólacht infheistíochta a bhainistiú agus a stiúradh.
Príomhoifigeach airgeadais (POA)ciallaíonn sé an duine ar a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán as na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhainistiú: bainistiú acmhainní airgeadais, pleanáil airgeadais agus tuairisciú airgeadais.
Cinn feidhmeanna rialaithe inmheánaighciallaíonn sé na daoine ag an leibhéal ordlathach is airde a bhfuil sé de chúram orthu bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar oibriú laethúil na bhfeidhmeanna neamhspleácha bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchóireachta inmheánaí.
Sealbhóirí eochairfheidhmeannaciallaíonn sé daoine a bhfuil tionchar suntasach acu ar stiúradh na ngnólachtaí infheistíochta ach nach comhaltaí den chomhlacht bainistíochta iad nó nach POF iad. Áirítear ina measc ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an POA, sa chás nach comhaltaí den chomhlacht bainistíochta iad, agus i gcás ina sainaithníonn gnólachtaí infheistíochta iad trí chur chuige rioscabhunaithe, sealbhóirí eochairfheidhmeanna eile. D’fhéadfaí go n-áireofaí i measc sealbhóirí eochairfheidhmeanna eile cinn línte gnó suntasacha, brainsí an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch/Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, fochuideachtaí tríú tír agus feidhmeanna inmheánacha eile.
Máthairghnóthas de chuid an Aontaismáthairchuideachta infheistíochta de chuid an Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais a cheanglaítear uirthi cloí leis na ceanglais stuamachta bunaithe ar an staid chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033.
Comhdhlúthú stuamachtaciallaíonn sé cur i bhfeidhm na rialacha stuamachta a leagtar amach in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034 agus in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/20335
Gnólachtaí infheistíochta liostaitheciallaíonn sé seo gnólachtaí infheistíochta a gceadaítear dá n-ionstraimí airgeadais trádáil ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (21) agus i bpointe (22) d’Airteagal 4 de Threoir 2014/65/AE, i mBallstát amháin nó níos mó6 .
Scairshealbhóirciallaíonn sé duine ar leis nó léi scaireanna i ngnólacht infheistíochta nó, ag brath ar fhoirm dlí gnólachta infheistíochta, aon úinéirí eile nó comhaltaí eile den ghnólacht infheistíochta.
Stiúrthóireachtciallaíonn sé post mar chomhalta de chomhlacht bainistíochta gnólacht infheistíochta nó eintitis dhlítheanaigh eile.

5 Féach freisin ar RTS maidir le comhdhlúthú gnólachtaí infheistíochta faoi Threoir (AE) 2019/2034

6 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/