+70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …
|
70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …
Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a d’fhéadfadh a bheith neamh-thrédhearcach a bhunú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cuntas a dhéanamh ina gcinnteoireacht ar thorthaí measúnú riosca atá curtha i gcrích lena fháil amach cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí struchtúir den sórt sin a úsáid chun críche a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó coireanna airgeadais eile agus na rialuithe agus an creat dlíthiúil faoi seach atá i bhfeidhm17 . Chun na críche sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: - a. a mhéid a chomhlíonann an dlínse ina mbunófar an struchtúr caighdeáin AE agus idirnáisiúnta maidir le trédhearcacht cánach, frith-sciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta go héifeachtach18 ;
- b. a mhéid atá an struchtúr ag feidhmiú mar chuspóir soiléir eacnamaíoch agus dleathach;
- c. a mhéid a d’fhéadfaí an struchtúr a úsáid chun céannacht an úinéara thairbhiúil deiridh a cheilt;
- d. a mhéid a eascraíonn imní as iarraidh an chustaiméara go bhféadfaí struchtúr a bhunú mar thoradh air;
- e. cibé acu an gcuirfeadh nó nach gcuirfeadh an struchtúr bac ar mhaoirseacht iomchuí á déanamh ag comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó ar chumas an ghnólachta infheistíochta an riosca gaolmhar a bhainistiú; agus
- f. cibé acu an gcruthaíonn nó nach gcruthaíonn an struchtúr bacainní ar mhaoirseacht éifeachtach a bheith á déanamh ag údaráis inniúla.
17 Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin measúnú ar riosca tíre agus faoin riosca a bhaineann le táirgí agus custaiméirí aonair, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tagairt a dhéanamh freisin do na treoirlínte comhpháirteacha maidir le fachtóirí riosca ML/TF (ÚBE GL JC/2017/37) atá á n-athbhreithniú faoi láthair. 18 Féach freisin Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/758 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na híosghníomhaíochta agus an cineál beart breise nach mór d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha áirithe a mhaolú: https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/anti-money-laundering-and-e-money/rts-on-the-implementation-of-group-wide-aml/cft-policies-in-third-countries
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|