+6.3 Struchtúir chasta agus gníomhaíochtaí neamhchaighdeánacha nó neamh-thrédhearcacha
---+70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …
---+71. I gcás ar bith, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta struchtúir theimhneacha nó ró-chasta …
---+72. Nuair a bhíonn struchtúir den sórt sin á mbunú, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na …
---+73. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a gcinntí a dhoiciméadú agus a bheith in ann bonn cirt …
---+74. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go ndéantar bearta iomchuí chun rioscaí …
---+75. Ba cheart go mbeadh na struchtúir agus na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear a gcomhlíontacht …
---+76. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta bearta éifeachtacha bainistíochta riosca a dhéanamh i …
|
6.3 Struchtúir chasta agus gníomhaíochtaí neamhchaighdeánacha nó neamh-thrédhearcacha
6.3 Struchtúir chasta agus gníomhaíochtaí neamhchaighdeánacha nó neamh-thrédhearcacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …
|
Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a d’fhéadfadh a bheith neamh-thrédhearcach a bhunú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cuntas a dhéanamh ina gcinnteoireacht ar thorthaí measúnú riosca atá curtha i gcrích lena fháil amach cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí struchtúir den sórt sin a úsáid chun críche a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó coireanna airgeadais eile agus na rialuithe agus an creat dlíthiúil faoi seach atá i bhfeidhm17 . Chun na críche sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: - a. a mhéid a chomhlíonann an dlínse ina mbunófar an struchtúr caighdeáin AE agus idirnáisiúnta maidir le trédhearcacht cánach, frith-sciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta go héifeachtach18 ;
- b. a mhéid atá an struchtúr ag feidhmiú mar chuspóir soiléir eacnamaíoch agus dleathach;
- c. a mhéid a d’fhéadfaí an struchtúr a úsáid chun céannacht an úinéara thairbhiúil deiridh a cheilt;
- d. a mhéid a eascraíonn imní as iarraidh an chustaiméara go bhféadfaí struchtúr a bhunú mar thoradh air;
- e. cibé acu an gcuirfeadh nó nach gcuirfeadh an struchtúr bac ar mhaoirseacht iomchuí á déanamh ag comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó ar chumas an ghnólachta infheistíochta an riosca gaolmhar a bhainistiú; agus
- f. cibé acu an gcruthaíonn nó nach gcruthaíonn an struchtúr bacainní ar mhaoirseacht éifeachtach a bheith á déanamh ag údaráis inniúla.
17 Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin measúnú ar riosca tíre agus faoin riosca a bhaineann le táirgí agus custaiméirí aonair, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tagairt a dhéanamh freisin do na treoirlínte comhpháirteacha maidir le fachtóirí riosca ML/TF (ÚBE GL JC/2017/37) atá á n-athbhreithniú faoi láthair. 18 Féach freisin Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/758 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na híosghníomhaíochta agus an cineál beart breise nach mór d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha áirithe a mhaolú: https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/anti-money-laundering-and-e-money/rts-on-the-implementation-of-group-wide-aml/cft-policies-in-third-countries
|
|
71. I gcás ar bith, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta struchtúir theimhneacha nó ró-chasta …
|
I gcás ar bith, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta struchtúir theimhneacha nó ró-chasta a bhunú nach bhfuil aon réasúnaíocht eacnamaíoch shoiléir ná aon chuspóir dlíthiúil acu, ná struchtúir a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis imní go bhféadfaí iad sin a chruthú chun críche a bhaineann le coireacht airgeadais.
|
|
72. Nuair a bhíonn struchtúir den sórt sin á mbunú, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na …
|
Nuair a bhíonn struchtúir den sórt sin á mbunú, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na struchtúir sin a thuiscint mar aon leis an gcuspóir atá leo agus na rioscaí ar leith a bhaineann leo agus ba cheart dó a áirithiú go mbeidh na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh rannpháirteach go hiomchuí. Níor cheart struchtúir den sórt sin a fhormheas agus a chothabháil ach amháin nuair a bheidh a gcuspóir sainithe agus intuigthe go soiléir, agus nuair atá an comhlacht bainistíochta sásta gur sainaithníodh na rioscaí ábhartha uile, lena n-áirítear rioscaí do chlú, gur féidir na rioscaí go léir a bhainistiú go héifeachtach agus a thuairisciú go hiomchuí, agus gur áirithíodh maoirseacht éifeachtach. Dá chasta agus dá theimhní atá an struchtúr eagrúcháin agus oibríochtúil, is ea is mó na rioscaí, agus sa chomhthéacs seo ba cheart go mbeadh maoirseacht níos déine á déanamh ar an struchtúr.
|
|
73. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a gcinntí a dhoiciméadú agus a bheith in ann bonn cirt …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a gcinntí a dhoiciméadú agus a bheith in ann bonn cirt maidir lena gcinntí a chur ar fáil d’údaráis inniúla.
|
|
74. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go ndéantar bearta iomchuí chun rioscaí …
|
Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go ndéantar bearta iomchuí chun rioscaí gníomhaíochtaí laistigh de struchtúir den chineál sin a sheachaint nó a mhaolú. Áirítear leis sin an méid seo a leanas a áirithiú: - a. go bhfuil beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha agus próisis dhoiciméadaithe (e.g. teorainneacha agus sreafaí faisnéise is infheidhme) i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta maidir le breithniú, comhlíonadh, formheas agus bainistiú riosca na ngníomhaíochtaí sin, agus go bhfuil na hiarmhairtí do struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil an ghrúpa, a phróifíl riosca agus a riosca clú á gcur san áireamh;
- b. go mbeidh rochtain ag máthairghnóthas an Aontais agus ag iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha ar fhaisnéis a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin agus leis na rioscaí a bhaineann leo agus go dtuairisceofar an fhaisnéis sin don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta agus don údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú; agus
- c. déanann an gnólacht infheistíochta measúnú tréimhsiúil ar an ngá leanúnach atá le struchtúir den sórt sin a chothabháil.
|
|
75. Ba cheart go mbeadh na struchtúir agus na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear a gcomhlíontacht …
|
Ba cheart go mbeadh na struchtúir agus na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear a gcomhlíontacht le reachtaíocht agus caighdeáin ghairmiúla, faoi réir athbhreithniú rialta. Sa chás go mbunaítear feidhm iniúchóireachta inmheánaí, ba cheart don fheidhm sin an t-athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige rioscabhunaithe.
|
|
76. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta bearta éifeachtacha bainistíochta riosca a dhéanamh i …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta bearta éifeachtacha bainistíochta riosca a dhéanamh i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí neamhchaighdeánacha nó neamh-thrédhearcacha do chliaint (e.g. cabhrú le cliaint feithiclí a bhunú i ndlínsí amach ón gcósta, struchtúir chasta a fhorbairt, idirbhearta a éascú dóibh nó seirbhísí iontaobhaí a sholáthar) lena mbaineann dúshláin chomhchosúla maidir le rialachas inmheánach agus a chruthaíonn rioscaí suntasacha oibríochtúla agus clú. Go háirithe, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta anailís a dhéanamh ar an gcúis ar mian le cliant struchtúr ar leith a bhunú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|