+Sainmhínithe
---+11. Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna sna treoirlínte leis na téarmaí a úsáidtear agus …

Sainmhínithe

Sainmhínithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
11. Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna sna treoirlínte leis na téarmaí a úsáidtear agus …

Mura sonraítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna sna treoirlínte leis na téarmaí a úsáidtear agus a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/20334 , Treoir (AE) 2019/2034 nó Treoir 2014/59/EU5 . Chun críocha na dtreoirlínte, tá na sainmhínithe seo a leanas i bhfeidhm:

Ciallaíonn 'maoirseoir AML/CFT' údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 gnólachtaí infheistíochta.

Ciallaíonn ‘riosca iompair’ an riosca reatha nó ionchasach maidir le caillteanas do ghnólacht infheistíochta a eascraíonn as cásanna de mhí-iompar toiliúil nó faillíoch, lena n-áirítear soláthar míchuí seirbhísí airgeadais.

Ciallaíonn ‘Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil agus próiseas inmheánach measúnaithe riosca (ICARAP)’ na socruithe, straitéisí agus próisis dá dtagraítear dóibh in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/2034, ar féidir iad a roinnt mar seo a leanas:

‘Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil (ICAAP)’ a chiallaíonn socruithe, straitéisí agus próisis chun measúnú agus cothabháil a dhéanamh ar bhonn

leanúnach ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh an chaipitil inmheánaigha

mheasann na gnólachtaí infheistíochta atá oiriúnach do chineál agus do leibhéal an riosca a d'fhéadfaidís a chruthú do dhaoine eile agus a bhfuil gnólachtaí infheistíochta neamhchosanta orthu nó a d'fhéadfaidís a bheith neamhchosanta orthu; agus

‘Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP)’a

chiallaíonn socruithe, straitéisí agus próisis chun measúnú agus cothabháil a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh na sócmhainní leachtacha a mheasann na gnólachtaí infheistíochta atá oiriúnach do chineál agus do leibhéal an riosca a d'fhéadfaidís a chruthú do dhaoine eile agus a bhfuil gnólachtaí infheistíochta neamhchosanta orthu nó a d'fhéadfaidís a bheith neamhchosanta orthu.

Ciallaíonn ‘riosca an ráta úis’ (IRR) an riosca reatha nó ionchasach do thuilleamh agus do chistí dílse an ghnólachta infheistíochta a eascraíonn as gluaiseachtaí díobhálacha rátaí úis.

Ciallaíonn ‘leachtacht ionlae’ na cistí is féidir a rochtain i rith an lae gnó chun an gnólacht infheistíochta a chumasú chun íocaíochtaí a dhéanamh i bhfíor-am.

4 Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais stuamachta gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1). 5 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

4

Ciallaíonn ‘riosca leachtachta ionlae’ an riosca reatha nó ionchasach go dteipfidh ar an ngnólacht infheistíochta a riachtanais leachtachta ionlae a bhainistiú go héifeachtach.

Ciallaíonn ‘riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC)’ an riosca caillteanais de bharr sárú rúndachta, teip sláine córas agus sonraí, mí-oiriúnacht nó neamh-infhaighteacht córas agus sonraí nó neamhábaltacht TF a athrú laistigh de thréimhse réasúnta ama agus costas nuair a athraíonn na riachtanais timpeallachta nó ghnó (i.e. solúbthacht).

Ciallaíonn ‘ceanglas macrastuamachta’ nó ‘beart’ ceanglas nó beart arna fhorchur ag údarás inniúil nó údarás ainmnithe chun aghaidh a thabhairt ar riosca macrastuamachta nó sistéamach.

Ciallaíonn ‘maoirseoir margaidh’ údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2014/65/AE a bheith á gcomhlíonadh ag gnólachtaí infheistíochta6 .

Ciallaíonn “riosca um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (ML/TF)” an riosca mar a shainmhínítear é i dTreoirlínte an ÚBE um Maoirseacht ar fhachtóirí riosca ML/TF7 .

Ciallaíonn ‘measúnú foriomlán SREP’ an measúnú cothrom le dáta ar inmharthanacht fhoriomlán gnólacht infheistíochta bunaithe ar mheasúnú ar ghnéithe SREP.

Ciallaíonn ‘scór foriomlán SREP’ táscaire uimhriúil an riosca fhoriomláin d'inmharthanacht an ghnólachta infheistíochta bunaithe ar mheasúnú foriomlán SREP.

Ciallaíonn ‘Treoir Cholún 2 (P2G)’ leibhéal agus cáilíocht na gcistí dílse a mheastar a bheidh ag an ngnólacht infheistíochta de bhreis ar a ceanglais féin maidir le cistí dílse, arna gcinneadh de réir Airteagal 41 de Threoir (AE) 2019/2034.

Ciallaíonn ‘ceanglas Cholún 2 (P2R)’ nó ‘ceanglas maidir le cistí dílse breise’ an ceanglas maidir le cistí dílse breise forchurtha de réir Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.

Ciallaíonn ‘riosca do chlú’ an riosca reatha nó ionchasach do thuilleamh, cistí dílse nó leachtacht an ghnólachta infheistíochta a eascraíonn as damáiste do chlú an ghnólachta infheistíochta.

Ciallaíonn ‘inghlacthacht riosca’ an leibhéal comhiomlán agus na cineálacha riosca a bhfuil an ghnólacht infheistíochta toilteanach glacadh leo laistigh dá hacmhainn riosca, i gcomhréir lena samhail ghnó, chun a cuspóirí straitéiseacha a chomhlíonadh.

Ciallaíonn ‘scór riosca’ an slonn uimhriúil lena ndéantar achoimre ar an measúnú maoirseachta ar riosca aonair i leith caipitil, leachtachta agus maoinithe arb ionann é agus

6 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch 349). 7 Treoirlínte an ÚBE maidir le dícheall cuí don chustaiméir agus na fachtóirí ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an riosca um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le caidreamh gnó aonair agus idirbhearta ócáideacha (‘Na Treoirlínte maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF’) faoi Airteagal 17 agus Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2015/849 (ÚBE/GL/2021/02)

5

an dóchúlacht go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ag riosca ar an ngnólacht infheistíochta tar éis bainistíocht riosca agus rialuithe a bhreithniú agus roimh bhreithniú a dhéanamh ar chumas an ghnólachta infheistíochta an riosca a mhaolú trí acmhainní caipitil nó leachtachta atá ar fáil.

Ciallaíonn ‘rioscaí do chaipiteal’ rioscaí ar leith a mbeidh tionchar suntasach stuamachta acu ar chistí dílse an ghnólachta infheistíochta sa chéad 12 mhí eile, má thagann siad chun cinn. Cuimsítear ina measc ach níl siad teoranta do rioscaí a chlúdaítear in Airteagal 29 go dtí Airteagal 36 de Threoir 2013/2019/AE, ach níl siad teoranta dóibh sin.

Ciallaíonn ‘rioscaí leachtachta agus maoinithe’ rioscaí ar leith a mbeidh tionchar suntasach stuamachta acu ar leachtacht an ghnólachta infheistíochta thar thréimhsí ama éagsúla, má thagann siad chun cinn.

Ciallaíonn ‘gné SREP’ ceann amháin acu seo a leanas: anailís ar shamhail ghnó, measúnú ar rialachas inmheánach agus rialuithe riosca ar fud an ghnólachta, measúnú ar rioscaí do chaipiteal, measúnú caipitil SREP, measúnú ar rioscaí do leachtacht agus maoiniú nó measúnú leachtachta SREP.

Ciallaíonn ‘tagarmharcanna maoirseachta’ uirlisí cainníochtúla a bhaineann go sonrachle

riosca arna bhforbairt ag an údarás inniúil chun meastachán a sholáthar maidir leis na cistí dílse a theastaíonn chun rioscaí nó gnéithe de rioscaí nach gclúdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.

Ciallaíonn ‘scór inmharthanachta’ an slonn uimhriúil a dhéanann achoimre ar an measúnú maoirseachta ar ghné SREP agus a léiríonn an riosca d’inmharthanacht an ghnólachta infheistíochta a eascraíonn as an ngné SREP a ndéantar measúnú air.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/