+9.2 Measúnú foriomlán ar an riosca leachtachta
---+359. Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an leachtacht atá i …
---+360. I ndáil le toradh an mheasúnaithe ar an riosca leachtachta, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas …
---+361. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar chreat ILAAP an ghnólachta infheistíochta, ba cheart …
---+362. Ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú foriomlán seo a aistriú go scór leachtachta agus …

9.2 Measúnú foriomlán ar an riosca leachtachta

9.2 Measúnú foriomlán ar an riosca leachtachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
359. Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an leachtacht atá i …

Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an leachtacht atá i seilbh gnólacht infheistíochta clúdach iomchuí ar riosca do leachtacht, ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí faisnéise seo a leanas a úsáid:

  • a. torthaí an mheasúnaithe ar riosca leachtachta;
  • b. ILAAP an ghnólachta infheistíochta, más cuí; agus
  • c. ionchuir ábhartha eile cosúil le faisnéis ó chigireachtaí ar an láthair, anailís piarghrúpaí mhaoirseoirí AML/CFT nó tástáil struis, tuarascálacha bainistíochta riosca agus tuarascálacha ad-hoc inmheánacha arna n-iarraidh ag na húdaráis inniúla, más cuí.
360. I ndáil le toradh an mheasúnaithe ar an riosca leachtachta, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas …

I ndáil le toradh an mheasúnaithe ar an riosca leachtachta, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas a dhéanamh de na torthaí ar fad a bhaineann le gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

  • a. an riosca leachtachta nach bhfuil clúdaithe ag ceanglais leachtachta atá sonraithe i Rialachán (AE) 2019/2033, lena n-áirítear, más cuí, riosca leachtachta ionlae;

109

  • b. rioscaí eile nach bhfuil clúdaithe agus tomhaiste go leordhóthanach ag an ngnólacht infheistíochta, mar thoradh ar ghannmheas eis-sreafaí, rómheas insreafaí, rómheastachán sócmhainní leachtacha nó neamh-infhaighteacht sócmhainní leachtacha ó thaobh oibríochta de, cosúil le sócmhainní nach bhfuil ar fáil lena ndíol agus sócmhainní atá ar fáil go héasca;
  • c. maoiniú sonrach comhchruinnithe bunaithe ar chontrapháirtithe nó táirge/cineál; agus
  • d. torthaí ábhartha eile a bhaineann leis na tástálacha struis leachtachta maoirseachta.
361. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar chreat ILAAP an ghnólachta infheistíochta, ba cheart …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar chreat ILAAP an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil ríomhanna ILAAP inchreidte. Ba cheart glacadh leis go bhfuil ríomhanna úsáidte ag gnólachtaí infheistíochta inchreidte sa chás go gclúdaíonn siad i gceart na rioscaí ar mian leo déileáil leo. Glactar leis go bhfuil ríomhanna intuigthe sa chá go bhfuil miondealú soiléir agus achoimre déanta ar chomhpháirteanna bunúsacha na ríomhanna ILAAP.

362. Ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú foriomlán seo a aistriú go scór leachtachta agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú foriomlán seo a aistriú go scór leachtachta agus maoinithe, ina léirítear tuairim na n-údarás inniúil maidir leis na bagairtí ar inmharthanacht an ghnólachta infheistíochta a d'fhéadfadh eascairt as an riosca do leachtacht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/