+5.2 Socruithe chun scaradh réidh a chinntiú
---+66. I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí …
---+67. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú …
---+68. Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an …
---+69. Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na …
---+70. Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta …
---+71. I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó …
---+72. [Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an …
---+73. [Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go …

5.2 Socruithe chun scaradh réidh a chinntiú

5.2.1 Gnéithe dlíthiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
66. I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí …

I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh, nuair is infheidhme, ar a mhéid atá feidhm éifeachtach ag dlí Ballstáit AE maidir le conradh arna rialú ag dlí tríú tír agus cur i bhfeidhm éifeachtach na gcumhachtaí réitigh19 .


19 Táthar ag súil cheana féin go ndéantar foráil shainráite i gconarthaí tríú tíortha atá mar bhonn agus mar thaca le haistriú dlíthiúil sócmhainní, cearta agus/nó dliteanais ábhartha do na gnéithe atá athléimneach ó thaobh réitigh de agus go n-aithneoidh siad agus go gcuirfidh siad in iúl don chontrapháirtí go bhféadfadh an conradh a bheith faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh a cearta nó oibleagáidí a chur ar fionraí nó srian a chur leo (“cumhachtaí um bac ar imeachtaí”) faoi Threoir 2014/59/AE.

67. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú …

Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú chun fógra agus formheasanna nach bhfuil díolmhaithe cheana faoi Threoir 2014/59/AE a sheachaint.

68. Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an …

Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an bhfoirm dhlíthiúil a bhaineann le haistriú na himlíne aistrithe sainithe a shainaithint, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh eintiteas inaistrithe faoina fhoirm dhlíthiúil reatha chuig faighteoir a bhfuil foirm dhlíthiúil éagsúil aige nó d’fhéadfadh go mbeadh forálacha contrártha san airteagal comhlachais. Ba cheart go leagfaí síos sa phlean réitigh an próiseas agus na gníomhartha a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar bhealach tráthúil.

5.2.2 Gnéithe airgeadais

69. Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na …

Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na n-idirbheart i ndiaidh idirbhirt mar a aibhsítear sa mheasúnú a luaitear i mír 69 de threoirlínte inréiteachta an ÚBE, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun an leanúnachas sin a áirithiú, i gcomhréir le hionchais an údaráis réitigh. Mar shampla, d’fhéadfaí comhaontuithe baincéireachta comhfhreagracha a dhréachtú roimh ré chun a áirithiú go leantar d’imlíne an aistrithe, nuair is gá, a sheirbhísiú sna hairgeadraí is gá. Ba cheart comhaontuithe atá ann cheana a bheith inaistrithe freisin faoi Threoir 2014/59/AE.

70. Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta …

Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta (institiúidí a bhfuil comhlacht lárnach acu) nó aon IPS atá ann cheana a shainaithint i gcur chun feidhme na huirlise aistrithe agus chun deighilt agus inréiteacht thapa a áirithiú.

5.2.3 Gnéithe oibríochtúla

71. I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó …

I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó chuig faighteoir ach gan an institiúid atá faoi réir réitigh a fhoirceannadh (nuair, mar shampla, tarrtháil isteach agus AST á chomhcheangal), b’fhéidir nach mbeidh an chumhacht á rialú ag Airteagal 64(1), pointe (d), de Threoir 2014/59/AE sách láidir chun na rochtain seirbhíse go léir a choinneáil. Dá bhrí sin, ba cheart d’institiúidí údaráis réitigh a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht clásail rochtana thríthaobhacha a áireamh sa chonradh le soláthraí seirbhíse.

72. [Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an …

[Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil nó nach bhfuil tionchar ag an tsamhail seachadta seirbhíse reatha ar indeighilteacht an imlíne aistrithe agus breithniú a dhéanamh ar shocruithe a fhorfheidhmiú a leagtar síos i mír 34 de threoirlínte inréiteacht an ÚBE.

73. [Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go …

[Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go háirithe mír 50) de threoirlínte inréiteachta an ÚBE, ba cheart d’institiúidí:

  • - Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-aistreofar an rochtain FMIanna riachtanacha chuig an eintiteas arb é an cuspóir atá aige ná an fheidhm chriticiúil/leanúnachas croílíne gnó a chothabháil agus/nó conas a fhéadtar rochtain indíreach a bhunú. Más rud é go dtiocfaidh an institiúid atá faoi réir réitigh chun bheith ina eintiteas foirceanta (tar éis an uirlis aistrithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 37(6) de Threoir 2014/59/AE) nó i gcás an AMC, féadtar rochtain ar FMI a theorannú. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain indíreach tríd an eintiteas leanúnach a dheonú agus ba cheart socruithe a dhéanamh chun na críche sin, lena n-áirítear, ba cheart don eintiteas leanúnach BIC, nascacht agus seirbhísí cumarsáide na hinstitiúide faoi réiteach a choinneáil.
  • - Measúnú a dhéanamh ar na meicníochtaí trasdula atá ann cheana féin, ar na próisis iarratais ar rochtain FMI brostaithe, nó ar na féidearthachtaí chun cumhacht aturnae a dheonú chun leanúnachas rochtana FMI a choinneáil don imlíne aistrithe.
  • - Arna iarraidh sin do na húdaráis réitigh, measúnú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn an institiúid chuig FMIanna agus/nó páirtithe eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/