+Tuairisciú inmheánach
---+144. Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus …
---+145. Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá …
---+146. Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha CSRBB mar aon le dóthain sonraí …
---+147. Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha CSRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus …
---+148. Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó …
---+149. Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a …
---+150. Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar …

Tuairisciú inmheánach

Tuairisciú inmheánach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
144. Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus …

Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus cuimsitheach maidir le neamhchosaintí ar CSRBB a sholáthar. Ba cheart tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil gach ráithe ar a laghad.

145. Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá …

Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí mar aon le heolas ag leibhéil ábhartha chomhiomlánaithe (bunaithe ar leibhéal comhdhlúthacháin) agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go rialta. Ba cheart go mbeadh leibhéal eolais le fáil sna tuarascálacha atá curtha in oiriúint don leibhéal bainistíochta ábhartha (e.g., comhlacht bainistíochta, foireann bhainistíochta shinsearach) agus do staid shonrach na hinstitiúide agus na timpeallachta eacnamaíche.

146. Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha CSRBB mar aon le dóthain sonraí …

Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha CSRBB mar aon le dóthain sonraí tacaíochta chun cur ar chumas an chomhlachta bainistíochta nó a thoscairí measúnú a dhéanamh ar íogaireacht na hinstitiúide d'athruithe ar dhálaí margaidh agus fachtóirí riosca tábhachtacha eile. Ba cheart go mbeadh léargas le fáil in ábhar na dtuarascálacha ar athruithe ar phróifíl riosca na hinstitiúide agus sa timpeallacht eacnamaíoch agus ba cheart an neamhchosaint reatha a chur i gcomparáid le teorainneacha beartais.

147. Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha CSRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus …

Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha CSRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus na n-iniúchtaí samhla mar aon le comparáidí idir réamhaisnéisí nó réamh-mheastacháin riosca a rinneadh roimhe seo agus torthaí iarbhír a bheidh mar bhonn le heolas a sholáthar faoi easnaimh shamhaltaithe a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara amach anseo. Ba cheart punanna a d'fhéadfadh a bheith faoi réir gluaiseachtaí suntasacha marcáil ón margadh a shainaithint go soiléir agus ba cheart faireachán a dhéanamh ar an tionchar laistigh de MIS na hinstitiúide agus faoi réir maoirseachta de réir aon phunann eile atá neamhchosanta ar riosca margaidh.

148. Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó …

Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí bunaithe ar chomhdhéanamh phunann na hinstitiúide, ba cheart go n-áireofaí iontu, ag cur mír 146 agus 147 san áireamh:

  • (a) Achoimrí ar neamhchosaintí comhiomlána na hinstitiúide ar CSRBB bunaithe ar bhearta difriúla CSRBB. Ba cheart sócmhainní, dliteanais agus neamhchosaintí lasmuigh den chlár comhardaithe agus straitéisí atá mar bhonn le leibhéal agus treo CSRBB a shainaithint agus a mhíniú; agus
  • (b) Príomhthoimhdí samhaltaithe.
149. Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a …

Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí in ann measúnú a dhéanamh ar íogaireacht na hinstitiúide d'athruithe ar dhálaí margaidh agus fachtóirí riosca tábhachtacha eile, ag tagairt go háirithe do phunanna a d'fheádfadh a bheith faoi réir gluaiseachtaí suntasacha marcáil ón margadh.

150. Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar …

Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar chumas leibhéal difriúil d'fhoireann bhainistíochta na hinstitiúide na tuarascálacha a thuiscint go héasca agus cinntí oiriúnacha a dhéanamh ar bhonn tráthúil. Ba cheart glacadh leis na tuarascálacha seo mar bhonn leis an bhfaireachán rialta ar cibé acu atá nó nach bhfuil an institiúid ag feidhmiú de réir a straitéise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/