+21. I ndáil leis na rioscaí ML/TF a bhaineann le custaiméirí atá an-leochaileach, amhail na daoine …

21. I ndáil leis na rioscaí ML/TF a bhaineann le custaiméirí atá an-leochaileach, amhail na daoine …

I ndáil leis na rioscaí ML/TF a bhaineann le custaiméirí atá an-leochaileach, amhail na daoine sin dá dtagraítear i mír 19, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a áirithiú go sonrófar lena rialuithe agus lena nósanna imeachta go bhféadfaí teorainneacha táirgí agus seirbhísí a leagtar amach i mír 20 (b) a chur i bhfeidhm agus staid phearsanta na ndaoine aonair, na rioscaí ML/TF a bhaineann leis sin agus a mbunriachtanais airgeadais á gcur san áireamh. Sna cásanna sin, ba cheart measúnú ar na roghanna seo a leanas a áireamh sna nósanna imeachta chun na rioscaí gaolmhara a mhaolú:

  • a. gan saoráidí creidmheasa nó rótharraingthe a sholáthar;
  • b. teorainneacha míosúla láimhdeachais (mura féidir an réasúnaíocht a bhaineann le láimhdeachas níos mó nó gan teorainn a mhíniú agus a chosaint);
  • c. teorainneacha ar mhéid, ar chineál agus/nó ar líon na n-aistrithe (is féidir aistrithe breise nó níos mó a dhéanamh ar bhonn cás ar chás);
  • d. teorainneacha ar mhéid na n-idirbheart chuig tríú tíortha agus uathu (agus éifeacht charnach na n-idirbheart níos lú a bhíonn ann go minic laistigh de thréimhse shocraithe ama á cur san áireamh), go háirithe i gcás ina bhfuil baint ag na tríú tíortha sin le riosca ML/TF níos airde;
  • e. teorainneacha ar mhéid na dtaiscí;
  • f. teorainn a chur le híocaíochtaí tríú páirtí leo siúd a dhéanann an t-údarás a eisíocann tacaíocht do na custaiméirí sin;
  • g. teorainneacha ar íocaíochtaí a fuarthas ó thríú páirtithe nár fhíoraigh an institiúid; agus
  • h. cosc a chur ar aistarraingtí airgid ó thríú tíortha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/