+C.2.2 Eolas, scileanna agus taithí iomchuí aonair
---+16. Ba cheart go mbeadh tuiscint atá cothrom le dáta ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar …
---+17. Ba cheart go mbeadh tuiscint shoiléir ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar eisitheoir …
---+18. Ba cheart do chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta tuiscint a fháil ar na coinbhleachtaí …
---+19. Ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta in ann rannchuidiú le cultúr …
---+20. Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú ar eolas, scileanna agus taithí …
---+21. Ba cheart leibhéal agus próifíl oideachas an chomhalta a mheas agus cibé acu an mbaineann nó …
---+22. Níor cheart go mbeadh an measúnú teoranta do leibhéal oideachais an chomhalta ná do chruthúnas …
---+23. Chun measúnú ceart a dhéanamh ar scileanna chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta, ba cheart …
---+24. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus taithí leordhóthanach comhalta, ba cheart machnamh a …
---+25. Maidir le pointe i. thuas, gan dochar do thrasuí náisiúnta Threoir 2015/849/AE, an comhalta de …
---+26. Agus measúnú á dhéanamh ar an taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fuarthas ó phoist roimhe …
---+27. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm …
|
C.2.2 Eolas, scileanna agus taithí iomchuí aonair
C.2.2 Eolas, scileanna agus taithí iomchuí aonair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
16. Ba cheart go mbeadh tuiscint atá cothrom le dáta ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar …
|
Ba cheart go mbeadh tuiscint atá cothrom le dáta ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar ghníomhaíochtaí gnó an eisitheora ARTanna nó an CASP agus ar na rioscaí go léir a bhaineann leo, ar leibhéal atá i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí. Áirítear leis sin tuiscint iomchuí ar na réimsí sin nach bhfuil freagracht dhíreach ar chomhalta aonair astu ach atá cuntasach i dteannta a chéile in éineacht le comhaltaí eile den chomhlacht bainistíochta.
|
|
17. Ba cheart go mbeadh tuiscint shoiléir ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar eisitheoir …
|
Ba cheart go mbeadh tuiscint shoiléir ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar eisitheoir ARTanna nó ar shocruithe rialachais CASP, ar a ról agus a bhfreagrachtaí faoi seach agus, i gcás inarb infheidhme, ar struchtúr an ghrúpa.
|
|
18. Ba cheart do chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta tuiscint a fháil ar na coinbhleachtaí …
|
Ba cheart do chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta tuiscint a fháil ar na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir eisitheoir ART nó an CASP agus aon cheann dá gheallsealbhóirí.
|
|
19. Ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta in ann rannchuidiú le cultúr …
|
Ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta in ann rannchuidiú le cultúr corparáideach agus riosca iomchuí, luachanna corparáideacha agus iompraíocht laistigh den chomhlacht bainistíochta a chur chun feidhme chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach.
|
|
20. Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú ar eolas, scileanna agus taithí …
|
Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú ar eolas, scileanna agus taithí iomchuí: - a. ról agus dualgais an phoist agus na cumais riachtanacha;
- b. an t-eolas agus na scileanna a ghnóthaítear trí oideachas, oiliúint agus cleachtas;
- c. an taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fuarthas i bpoist roimhe seo agus i stiúrthóireachtaí reatha eile; agus
- d. an t-eolas, na scileanna agus an taithí a fuarthas agus a léiríodh trí iompar gairmiúil an chomhalta.
|
|
21. Ba cheart leibhéal agus próifíl oideachas an chomhalta a mheas agus cibé acu an mbaineann nó …
|
Ba cheart leibhéal agus próifíl oideachas an chomhalta a mheas agus cibé acu an mbaineann nó nach mbaineann sé leis an earnáil airgeadais, lena n-áirítear margaí criptea-shócmhainní, nó réimsí ábhartha eile. Go sonrach, is féidir a mheas go ginearálta go bhfuil oideachas i réimsí an airgeadais, lena n-áirítear criptea-shócmhainní, eacnamaíocht, dlí, cuntasaíocht, iniúchóireacht, riarachán, rialáil airgeadais, teicneolaíocht faisnéise, agus modhanna cainníochtúla, ábhartha d’eintitis airgeadais, lena n-áirítear eisitheoirí ARTanna agus CASPanna.
|
|
22. Níor cheart go mbeadh an measúnú teoranta do leibhéal oideachais an chomhalta ná do chruthúnas …
|
Níor cheart go mbeadh an measúnú teoranta do leibhéal oideachais an chomhalta ná do chruthúnas ar thréimhse áirithe seirbhíse in eintiteas airgeadais, in eisitheoir ARTanna nó CASP nó i ngnólachtaí eile i réimsí a bhaineann le margaí criptea-shócmhainní agus i margaí airgeadais eile. Ba cheart anailís níos críochnúla a dhéanamh ar thaithí phraiticiúil an chomhalta maidir le gníomhaíochtaí an eisitheora ARTanna nó CASP, toisc go mbraitheann an t-eolas a fuarthas ó ghairmeacha roimhe sin ar chineál, ar scála agus ar chastacht an ghnó chomh maith leis an bhfeidhm a chomhlíon an comhalta ann.
|
|
23. Chun measúnú ceart a dhéanamh ar scileanna chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta, ba cheart …
|
Chun measúnú ceart a dhéanamh ar scileanna chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus CASPanna breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as an liosta neamh-uileghabhálach de scileanna ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus shealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE, agus ról agus dualgais an phoist atá ag comhalta den chomhlacht bainistíochta á gcur san áireamh.
|
|
24. Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus taithí leordhóthanach comhalta, ba cheart machnamh a …
|
Agus measúnú á dhéanamh ar eolas agus taithí leordhóthanach comhalta, ba cheart machnamh a dhéanamh ar thaithí theoiriciúil agus phraiticiúil a bhaineann leis na nithe seo a leanas: - a. rialáil na margaí airgeadais, go háirithe maidir le hionstraimí airgeadais, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (15) de Threoir 2014/65/AE agus ionstraimí airgeadais DLT mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1)(11) de Rialachán (AE) 2022/858;
- b. criptea-shócmhainní, lena n-áirítear comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid;
- c. an tuiscint ábhartha ar chineál éagsúil na gcineálacha éagsúla criptea-shócmhainní;
- d. prionsabail agus nósanna imeachta bainistíochta riosca;
- e. bainistiú rioscaí leachtachta, rioscaí margaidh agus creidmheasa i ndáil le gníomhaíochtaí gnó eisitheora ARTanna nó CASP;
- f. ceanglais faoi Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais5 ;
- g. ceanglais maidir le húsáid soláthraithe tríú páirtí, lena n-áirítear socruithe seachfhoinsithe agus bainistiú soláthraithe tríú páirtí;
- h. cuntasaíocht agus iniúchóireacht;
- i. oibleagáidí maidir le frithsciúradh airgid agus frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta;
- j. ceanglais cosanta sonraí;
- k. an cumas measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht socruithe eisitheora ARTanna nó CASPanna lena n-áirithítear rialachas éifeachtach, maoirseacht éifeachtach agus rialuithe inmheánacha éifeachtacha;
- l. léirmhíniú na faisnéise airgeadais agus sainaithint na bpríomh-shaincheisteanna bunaithe ar an bhfaisnéis sin;
- m. eolas bainistíochta, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach, tuiscint ar straitéis ghnó nó plean gnó institiúide agus é sin a bhaint amach;
- n. an cumas a dtuairimí a chur i láthair, straitéisí agus cuspóirí gnó a phlé; agus
- o. i gcás ina bhfuil post an chomhalta laistigh d’eisitheoir ARTanna, na ceanglais dhlíthiúla ábhartha maidir le ARTanna a eisiúint.
5 IO L 333, 27.12.2022, lgh. 1–79
|
|
25. Maidir le pointe i. thuas, gan dochar do thrasuí náisiúnta Threoir 2015/849/AE, an comhalta de …
|
Maidir le pointe i. thuas, gan dochar do thrasuí náisiúnta Threoir 2015/849/AE, an comhalta de chomhlacht bainistíochta CASPanna a shainaithnítear a bheith freagrach as cur chun feidhme na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2015/849/AE a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh eolas maith, scileanna maithe agus taithí ábhartha acu maidir le sainaithint agus measúnú riosca ML/TF, agus maidir le beartais, rialuithe agus nósanna imeachta AML/CFT. Ba cheart go mbeadh tuiscint mhaith ag an duine sin ar a mhéid atá samhail ghnó na hinstitiúide neamhchosanta ar rioscaí ML/TF.
|
|
26. Agus measúnú á dhéanamh ar an taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fuarthas ó phoist roimhe …
|
Agus measúnú á dhéanamh ar an taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fuarthas ó phoist roimhe seo, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na nithe seo a leanas: - a. cineál an phoist a shealbhaítear agus a leibhéal ordlathach;
- b. fad na seirbhíse laistigh de phost;
- c. líon na bhfo-oibrithe;
- d. cineál agus castacht an ghnólachta ina raibh an post, lena n-áirítear a struchtúr eagraíochtúil;
- e. raon feidhme inniúlachtaí, cumhachtaí cinnteoireachta agus freagrachtaí an chomhalta;
- f. an t-eolas teicniúil a fuarthas tríd an bpost;
- g. eolas breise a fuarthas ó ghníomhaíochtaí acadúla.
|
|
27. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm …
|
I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta in ann agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta agus in aghaidh chinntí bainistíochta ábhartha eile i gcás inar gá agus maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|